Dorn san aer dár nArd-Rí
Ba é Rónán Mac Aodha Bhuí ceannaire neamhoifigiúil phobal na Gaeilge, a deir Tomaí Ó Conghaile
Lóchrann geal a las an oíche,
Glór dóchais a thóg ár gcroí,
Fear pobail i lár na féile,
Is dubhach sinn gan Ardrí.
Thuaidh, theas, thoir is thiar,
Buan ár gcion air go deo,
Cara ar lár, deireadh craolta,
Dorn san aer do Rónán Beo.
Ba iad sin na línte a tháinig chugam an lá ar fhág Rónán Mac Aodha Bhuí a chorp le leanúint ar aghaidh lena aistear i dtreo na mistéire. Ba dheacair iad a scríobh ach bealach a bhí ann le cuid den bhrón a phróiseáil agus tábhacht an fhir féin a chur i bhfocail, mar a rinne go leor eile go fileata tochtmhar sna laethanta sin i ndiaidh a bháis.
Ba dheacair iad a scríobh fosta gan tagairt a dhéanamh don ‘dorn san aer’ clúiteach sin, meon agus mana arbh é Rónán as féin a chuir i gcúrsaíocht é agus a bhain áit amach dó i stór frásaí na Gaeilge. Is iomaí uair a luadh é, nó a rinneadh an chúirtéis leathlámhach féin, agus comóradh á dhéanamh ar shaol ilghnéitheach ildánach an rógaire ghrámhair ó d’imigh sé uainn, ach tá eachtra speisialta amháin ann a tharla lá an tórraimh nach ndéanfaidh mé dearmad air go deo.
Tamall gairid i ndiaidh dá phobal féin corp Rónáin a chur i ngaineamh geal reilig Mhachaire Gathlán, an tráthnóna gaofar sin ag deireadh mhí Mheán an Fhómhair, chuir gach duine a bhí bailithe ag an uaigh a ndorn san aer - go tomhaiste, go diongbháilte, le chéile.
Ba gheall le radharc a d’fheicfeá ag ócáid de chuid na Black Panthers é, brónach ach bríomhar, dubhach ach dúshlánach. Comhartha measa agus ómóis do cheannaire neamhoifigiúil phobal na Gaeilge, ceannaire a spreag muid leis an rud ceannann céanna a dhéanamh go mion minic i gcaitheamh na mblianta. Léiriú grá agus cumha don óglach teanga, óglach ceoil, óglach cuideachta a chronófar go mór gach áit a mbeidh Gaeil cruinnithe go ceann na mblianta fada.
Idir an íomhá chumhachtach sin cois uaighe, óráid chuimsitheach an Athar Brian Ó Fearraigh, an ceol, an poitín agus an briseadh croí, bealach fiúntach fóirsteanach a bhí ann le slán a fhágáil ag fear ceanúil prionsabálta a chuaigh i bhfeidhm ar na mílte duine le linn a thréimhse ar an Domhan seo.
Is cuimhin liom go maith an chéad uair a casadh orm an stócach deisbhéalach dalba, breis agus 20 bliain ó shin agus mé ar ollscoil i mBaile Átha Cliath. Is ag freastal ar ghig Ghaeilge sa chathair a bhí muid ag an am agus chuaigh a spiorad dearfach tógálach i gcion orm láithreach. Bhí sé dáiríre faoi na cúiseanna ba chás leis ach aigeanta aoibhiúil i lár an chomhluadair. Bhí sé gairmiúil agus é i mbun maidhc ach teochroíoch réchúiseach ó nádúr.
D’fhág na buanna pearsanta sin, agus an gean as cuimse a bhí aige ar chultúr dúchais na tíre agus ar an phobal a bhaineann leis, d’fhág siad gur ceann feadhna foirfe a bhí ann ar ghluaiseacht na teanga, cé go ndiúltódh sé féin d’aon teideal dá chineál.
Agus Rónán ag gríosú an tslua ó stáitse ceolchoirme nó ag cur fáilte romhainn ar fad chuig a chlár ar Raidió na Gaeltachta, thuig muid gur chuid de phobal níos leithne muid. Cainteoirí Gaeilge in Éirinn agus thar lear, sna Gaeltachtaí, sna cathracha agus i ngach áit eatarthu, thug sé fócas fuinniúil dúinn, chothaigh sé braistint phobail eadrainn agus chuir sé muid in aithne dá chéile.
Ba leor sin do dhuine daonna ar bith, ach bhí draíocht sa bhreis ag an Ardrí: chuir sé misneach ionainn, thug sé spreagadh dúinn, thug sé le fios gurbh fhéidir linn dul chun cinn a dhéanamh mar phobal teanga.
Nuair a rith sé liom gurbh fhiú iris nua Ghaeilge a bhunú ina bpléifí cultúr coitianta an tsaoil, thuig Rónán an coincheap ar an toirt agus is mór an tacaíocht a thug sé do NÓS ó na luathbhlianta sin ar aghaidh, mar scríbhneoir agus mar léitheoir. Is alt spleodrach ar cheol na Breatnaise a scríobh sé don chéad eagrán den iris in 2008, rud ar léiriú maith é ar a dhearcadh idirnáisiúnta agus ar an dlúthpháirtíocht a bhí aige le pobail mhionlaithe eile i gcéin agus i gcóngar.
Ar ndóigh ní féidir an dlúthpháirtíocht agus Rónán a lua in aon abairt amháin gan smaoineamh ar an dáimh ar leith a bhí aige le Gaeil an Tuaiscirt, agus againne leis. Is go daingean deimhneach a thacaigh an réabhlóidí paiseanta le pobal Gaeilge na Sé Chontae le linn a shaoil uilig agus thug sé ardú meanman dúinn go rialta, bíodh sé ón stiúideo raidió nó ón ardán feachtais. 16 bliana ó shin, nuair a eagraíodh an chéad mhórshiúl ar son Acht Gaeilge don Tuaisceart, is é Rónán a chuir beocht san ócáid agus é ina fhear an tí. Blianta ina dhiaidh sin agus An Dream Dearg ag athrú na sochaí ó thuaidh ón bhun aníos, bhí sé go fóill linn ar na sráideanna. Crann taca buan.
Níl léamh ná scríobh ná insint béil ar an tionchar a d’imir Rónán ar phobal ár dteanga lena bheo - mar chraoltóir, mar ghníomhaí, mar eagraí imeachtaí, mar thacadóir ceoil, mar spreagthóir slua, mar chara. Cheangail sé cúis uasal agus spraoi fiánta le chéile, agus tá muid go mór faoi chomaoin aige dá réir. Taobh leis an uaigneas agus an chumha, is féidir linn a bheith buíoch gur thaistil muid cuid den bhóthar ina chuideachta.
Tá bearna mhillteanach fágtha i saol a theaghlaigh ó d’imigh Rónán, agus i saol na Gaeilge ar fad lena chois. Is faoi gach duine againn, i gcomhar le chéile, cuid den bhearna sin a líonadh agus cuid dá fhuinneamh spleodrach craiceáilte a thabhairt linn isteach san am atá le teacht.