Mo chara Rónán

Darach Ó Scolaí
Mo chara Rónán

Ní hé amháin gur duine speisialta a bhí i Rónán Mac Aodha Bhuí ach, ina chuideachta, d’aireofá féin speisialta, a deir Darach Ó Scolaí

Níl a fhios agam cén uair a leag mé súil i dtús ar Rónán ach is cinnte go raibh cloiste agam faoi sular casadh riamh orm é. Bhí sé ag roinnt tí le Cóilín s’againne i mBaile Átha Cliath i ndeireadh na n-ochtóidí agus ba mhinic i dteach Chaomháin s’againne i mBoth Chuanna ar an Spidéal é i dtús na naochaidí. I lár na naochaidí a d’fhill mise ar Éirinn.

Ba léir ón gcéad amharc gur duine speisialta a bhí ann. Nuair a d’fheicfeá Rónán chugat ar an tsráid d’ardódh sé do chroí, agus faoin am a dtagadh sé chomh fada leat bheadh duine, beirt nó triúr cruinnithe ina thimpeall. Ní lámh lag thláith a shíntí chugat, ach bheirtí barróg bhreá ghroíúil ort agus leagtaí póg mhór ar do dhá leiceann. Ní hé amháin gur duine speisialta a bhí ann ach, ina chuideachta, d’aireofá féin speisialta.

Chaith sé tréimhsí ar an Spidéal agus ba ghearr go raibh aithne ag chuile dhuine san áit air. Nuair a chuaigh sé i mbun a chláir raidió ba mhó fós a phobal. Is cuimhneach liom beartán a thabhairt chuig oifig an phosta lá, le seoladh chuige. Agus é á shíneadh chuig máistreás an phosta agam ní dhearna sí ach breathnú ar a ainm ar an mbeartán. ‘Ó, muise Rónán,’ a deir sí, ‘tá an diabhal air!’ Agus ba léir an t-ómós mór a bhí aici dó i ngach siolla dár dhúirt sí, mar ba chraoltóir misniúil dána a bhí ann a raibh an-chion go deo ag a phobal éisteachta air.

Ar an Spidéal, ba nós linn cruinniú sa gCrúiscín am tae — agus an deilín céanna ar chuile bhéal ann, ‘Ar airigh sibh an rud a dúirt Rónán ar an gclár inniu?!!’ Agus ar an deireadh seachtaine, ba mhó fós ár ngliondar nuair a bhíodh Rónán féin tagtha inár measc!

Trátha an ama sin, sheol sé leabhar liom in Áras na nGael i nGaillimh, An Ceithearnach Caolriabhach. D’fhiafraigh mé de an tráthnóna sin an raibh an leabhar léite aige, agus mhóidigh sé agus mhionaigh sé dom go raibh. Ach an oíche sin — mo léan! — is é a dúirt sé leis an gcomhluadar a bhí cruinnithe i láthair, gur léigh sé an leabhar ó thús deireadh agus gur bhain sé an oiread sásaimh aisti go ndearna sé dúidín mór millteach dó féin, gur chuir sé leathúnsa raithní ann agus gur chaith sé an t-iomlán d’aon iarraidh ... agus nach raibh cuimhne ar bith anois aige ar rud ar bith dár léigh sé! Bhí lán an tí lagtha ag gáirí aige — mo mháthair féin ina measc. Dar ndóigh, ní fhéadfá a bheith crosta le Rónán.

Oíche eile, i mBoth Chuanna, ar cholbha thiar an Spidéil, bhí lán an tí ina gcodladh agus gan fanta ina suí ach an dá straigléara a bhí tagtha anoir as Tigh Hughes tar éis am dúnta — mé féin agus Rónán. Rogha a bhí ann idir an tolg agus cúpla piliúr ar an urlár. Shantaigh mise mo leaba féin ar an Lochán Beag, san áit a raibh mé ag cur fúm an t-am sin, ach ní raibh aon fhonn orm na ceithre mhíle bóthair a shiúl gan comhluadar.

Thosaigh mé ar chur síos a dhéanamh dó ar a raibh sa gcuisneoir agam thiar ar an Lochán Beag, idir mhairteoil, oinniúin, phiobair dhearga, mhisriúin, thrátaí agus cháis.... Ba ghearr gur caitheadh tolg is piliúir i dtraipisí agus go raibh an bheirt againn ag imeacht romhainn i ndiaidh ár mullaigh siar!

Bheadh a dhíoltas ag Rónán orm cúpla bliain ina dhiaidh sin. Bhí sé ar mo bhainis ar an Spidéal i 1998 agus, oíche na bainise, nuair a bhí ár sáith ólta againn uilig, agus mé féin agus Anna bailithe a chodladh, bhuail goin ocrais Rónán. Chruinnigh sé posse agus isteach leo i gcisteanach an óstáin i lár na hoíche gur thógadar slám ispíní is bagúin is uibheacha as an gcuisneoir agus gur chuireadar síos fry breá dóibh féin. Nuair a d’éirigh muid ar maidin ní raibh tásc ar ár gcairde, agus ní raibh ispín fanta faoi chaolachaí an tí!

Sa mbliain 2017, tar éis do Rónán an tsraith cláracha Rónán ar an Camino a dhéanamh ar TG4, luaigh mé leis gur bhreá liom féin bualadh faoin tsiúlóid mhór. ‘Fág liom é,’ a deir sé. Bhí sé cúpla seachtain sula bhfuair mé scéala uaidh. ‘Tá sé ar fad pleanáilte agam,› ar seisean liom. Luaigh sé cúpla áit liom agus ó tharla nach raibh aon chur amach agamsa ar an taobh sin den Chruinne, d›fhág mé aige é.

Amach linn go Tír na mBascach, Rónán, Caomhán agus mé féin. Péire bróga maithe siúil ormsa agus cóta maith báistí. Ba bheag an mhaith dom iad! San áit a raibh árasán ar cíos againn i nDonostia bhí an Camino ag síneadh le doras an tí. Shiúil mé dhá chéad slat den Chamino lá, agus b’in uile!

Plean eile ar fad a bhí ag Rónán dúinn. Bhí liosta déanta aige de na bialanna ab fhearr i nDonostia agus i mBilbao. Bhí coirm cheoil Bhascach ar thaobh sléibhe i gceist freisin (ba mhór a dhúil sa gceol!) ach tháinig múr trom báistí agus maidhm sléibhe (mar fhreagra ar mo chuid paidreacha!) agus cuireadh deireadh leis an bplean sin.

Ach b’iontach go deo an treoraí é. Mura raibh Bascais go cruinn líofa aige, is é a bhí in ann comhrá a choinneáil leis na Bascaigh ina dteanga féin. Bhíodh leabhairín beag nótaí amuigh aige agus é ag breacadh síos focla is frásaí nua a bhí muid a chloisteáil (dar ndóigh, suim é sin a léirigh sé sa nGaeilge sa mír sheachtainiúil ‘Ollscoil na nGael’ a bhíodh aige le Micí Whiting, Toose Mac Gearailt agus Máire Feiritéar ar a chlár).

Bhí an dúshuim aige sa mbeatha agus sa gcócaireacht freisin agus chuireadh sé tuairisc chuile bhlas a d’íosadh muid leis na freastalaithe, agus bhreacadh sé síos an t-eolas go mion ina leabhairín nótaí. Is fada an aithne a bhí ag Rónán is Caomhán ar na Bascaigh, dar ndóigh, óir ba mhinic i gCois Fharraige iad agus iad ar a dteitheadh ó ghéarleanúint ina dtír féin.

An chéad oíche i nDonostia dúinn, is ag ól ceirtlise i mbeár leispiach a bhíomar nuair a casadh ár seanchara Mattin orainn — cartúnaí a chaith seal gairid i mBoth Chuanna roimhe sin. Oíche eile, casadh Anaida orainn — duine eile de dhíorma Bhoth Chuanna — bean atá anois ag múineadh Bascaise sna monarchana thart timpeall ar Bhilbao. Mar ab iondúil i gcuideachta Rónáin, théadh muid amach inár dtriúr tráthnóna agus faoi dheireadh na hoíche d’fhéadfadh seisear, seachtar, nó dháréag is píobaire a bheith inár gcuideachta.

I nDonostia, thugamar cuairt ar bhialann Michelin i lár an lae (naoi gcinn déag díobh atá sa gcathair!!) agus cuireadh chuile chóir orainn. Sular ordaigh muid aon ghreim ar chor ar bith bhí pintxos beaga leagtha romhainn, agus idir gach cúrsa bhí blaisíní beaga breise á seoladh chugainn. Cé go raibh daoine eile ag ithe sa mbialann, bhí sé soiléir go raibh cúram speisialta á dhéanamh den bhord s’againne.

Ar deireadh, agus an triúr againn leathnaithe sna suíocháin, rith fios fátha an scéil liom. Le taobh a phláta ag Rónán bhí a leabhairín beag nótaí agus, ó shuigh sé chun boird, bhí tuairisc chuile phláta bia agus oidis faighte aige ó na freastalaithe. Dar ndóigh, ba léir don dall gur iriseoirí mór-le-rá nó cigirí ón Michelin Guide a bhí sa triúr againn!

Go deimhin, murab iriseoir den chineál sin é, craoltóir den scoth ab ea Rónán. Bhí bua an iontais aige. Bhí sé in ann súil a thabhairt ar dhuine amhail is go raibh sé á fheiceáil den chéad uair, agus cluas a thabhairt dó leis an iontas céanna. Mhealladh an oscailteacht sin daoine chuige. Bhí misneach agus dánaíocht ann a chinntigh go raibh gach clár a rinne Rónán beo bríomhar.

Sinne a bhí faoi dhraíocht aige, ba deacair dúinn a thuiscint nach raibh an uile dhuine ar mhaithe leis. Ní raibh. Bhí cairde móra aige ina chuid oibre, daoine a bhí dílis dó i gcónaí, ach bhí daoine eile ann nár chabhraigh leis nó a rinne a aimhleas. Rud é sin a ghoill go mór air.

Mí Márta seo caite, chaith mé féin is Caomhán tráthnóna ina chuideachta i ngairdín a thí Cois Cláidí. Dar ndóigh, ba mhinic Caomhán ina chuideachta i gcaitheamh na mblianta ós i dTír Chonaill atá cónaí air siúd. D’ólamar tae déanta ar luibheanna ina chábán beag adhmaid ar bhruach na habhann agus chaitheamar tráthnóna aoibhinn i gcuideachta a chéile.

I mí Bealtaine a leag mé súil den uair dheireanach ar mo chara. Chaith an bheirt againn an mhaidin i nGaillimh, d’itheamar fry mór veigitéarach i gcafé ar Shráid an Gheata Bhig, agus chuamar as sin go bialann eile le haghaidh caife is cáca. Bhí sé lán dóchais agus é le filleadh ar chlinic i gColarado le leanacht dá chúram leighis thall. Bhí cloiste aige faoi chlinic eile sa nGearmáin agus é ag súil go bhféadfadh sé aistriú anall ionas go mbeadh sé níos gaire dá bhean Bernie agus dá n-iníon, Fionnuala. Ní mar sin a tharlódh.

Phógamar a chéile, d’fhágamar slán ag a chéile agus, cé gur thuigeas nach fada eile a mhairfeadh mo chéile cuideachta is comrádaíochta, d’imíos uaidh agus mé lán croí agus anama. Ba shaibhrede mo shaolsa Rónán; ba shaibhrede gach comhluadar Rónán. Is saibhrede anois muid an aithne a chuir muid air. Ach go deo deo aireoidh mé uaim mo chara.

Darach Ó Scolaí