Léirmheas

Tá leathchéad dán ón bhfile aitheanta Gabriel Rosenstock faoi dhá chlúdach an leabhair seo. Mar a thuigimid ón teideal Garsún : Boy, pléann an cnuasach trí chéile le hóige an fhile. Beidh an-chur amach ag léitheoirí ar na dánta beomhara bríomhara atá cumtha ag Rosenstock don óige ach lonnaíonn na dánta seo an t-údar féin i gcroílár na hóige, ag féachaint siar, ag féachaint timpeall agus ag féachaint ar aghaidh. Eagraithe de réir tréimhsí éagsúla le linn shaol an údair: The Wild Man from Borneo (leasainm an údair); Garsún; Ainrialaí Óg; agus an tIarfhocal, tá an léitheoir ina fhinné ar gach casadh agus cor a thagann i dtreo an duine óig. Is cnuasach an-phearsanta é seo ina bhfuil an t-údar ag dul i ngleic leis an raidhse mothúchán is dual don teacht in inmhe.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús