Mícheál Ó hUanacháin Dílis don Réice
Trasumanar significar per verba non si poria
Dante, Paradiso 1, 70-72
i.m. M Mhac an tSaoi
POET a bhí greanta ar a hucht,
an bhean óg ar an Luas,
i gceannlitreacha mar sin
beagán ar chlé
i dtreo an bhranra bráid
os cionn na néaróige lúbaí
mar bheadh dúshlán
an té a déarfadh nach í.
Sa seomra uachtarach
lán de thaibhsí – drámadóirí,
an t-am a caitheadh,
ceol galánta ag teacht is ag imeacht –
léadh scéal
ar thraidisiún
is a bhriseadh.
In aois eile, bluestocking
a bheirtí ar a leithéid,
mná le hard-nóisin agus cúl
le measúlacht.
Ní raibh aon fhile eile dá cineál
ar an tram, ach taibhse:
girseach den réimeas
a bhí ag teacht in inmhe.
Níor ghéill sí riamh
don mheán-mheas
a ghaibh leis.
Beagán ar chlé
ón mhóramh, bhí
a clais féin le treabhadh
eitre a mbeadh saoirse
agus féiniúlacht ann.
Teanga strainséartha
a chuaigh i bhfeidhm uirthi
agus dúiche nár dhíobh í.
Ní raibh radharc
ar na Scealga,
iad faoi cheilt ar Thigh na Cille
ag droim an Dúna.
Bhíodh eallach ag gabháil
ó thuaidh is ó dheas
an uair sin.
Cé shamhlódh
ag druidim le ceithre scór
bheith páirteach den chéad uair
i seoladh na ngamhna,
ag casadh ar an dtréad
ar theacht anoir dóibh ón mBuailtín
mar bheidís
i sléibhte na hEorpa, ar chósta
California, i Madrid
taca Samhain?
Ba leor an eachtra san
an té a mbeadh
de mhaise air
a leithéid bheith roimhe.
Ach é a scríobh i bhfocail? Dante
féin a dúirt nárbh fhéidir.
Sna blianta fada siar sin
ainneoin m’fhéasóige
bhí gach rud i gceart
ná bí do bhuaireamh faoi
ní raibh ann ach
diomailt ama.
Ach bhís i bhfad romhainn:
scór bliain, a dúraís,
bhís dílis don réice
agus bhí réice ionat féin istigh leis
agus mhairis dílis dósan
go deireadh.
Mícheál Ó hUanacháin
Dán nár Scríobhadh
Stoirm gan ainm a bhí inti.
Níor chuir sí isteach puinn
ar an gcailleach dhubh
ag gor le gréin
ar an gcarraig mhór
i mbéal an inbhir
áit a bhfeicfí iascaire
lá brothaill
má b’annamh féin é.
Chaith sí naomhóg
le falla céibhe sa chuan
gur briseadh a droim
is fágadh ann í
píosa fada,
ceal seifte nó
le teann cumha.
Chorraigh sí an chré, an ithir,
bonn agus forscreamh na dúiche,
gur sheinn tonnchrith,
nóta diamhair fíor-íseal
ar thairseach éisteacht an duine –
ocht Hertz nó mar sin –
gaoth
a réabfadh geataí,
a leagfadh ráillí,
a chuirfeadh crainn i lár na slí.
Ach níl insint scéil uirthi
mar stoirm
mar nach raibh aon ainm uirthi.