Béal na Péiste...

Béal na Péiste...

‘Béal na Péiste le Fionntán de Brún a bhuaigh an chéad duais i gcomórtas úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge ag deireadh na bliana seo caite. Seo sliocht eisiach…

Aerfort Charles de Gaulle, Roissy

Meán Fómhair 1988

‘An gcuirfidh mé tairne eile i do chónra, a dhuine uasail?’ a d’fhiafraigh an fear óg de.

‘Déan,’ arsa Prút, ‘nuair atá an casúr i do lámh.’

Leis sin, shuigh sé siar sa chathaoir le go líonfadh an freastalaí a ghloine arís. Bhí an fíon craorag ag cur teas ina chuislí le trí uair an chloig agus an freastalaí óg ag coinneáil comhrá leis i rith an ama. Ach bhí súil amháin ag Prút ar chlár na n-eitiltí agus bheadh aige le bailiú leis chuig an gheata roimh i bhfad. D’fhág sé deich franc de pourboire ag an stócach agus rinne a bhealach amach as caifé an aerfoirt agus a mhála ag luascadh go hanásta leis. Níorbh é a nós an oiread a ól agus ní raibh a fhios aige an mbeadh acmhainn aige air.

Cibé a thug air an mhaidin a chaitheamh go drabhlásach, níorbh eagla roimh an eitilt é nó bhí neart taithí ar eitilt aige. Ba é an rud eile sin nach raibh cleachtadh aige air. B’aisteach leis an dóigh ar tharla sé an t-am sin, é ina sheasamh sa scuaine paisinéirí agus a phas ina lámh aige agus ansin, go tobann, é ina sheasamh i seomra beag nár thug sé faoi deara go dtí sin. An lucht slándála á cheistiú tamall agus ansin an t-ordú tugtha dó a éadaí a bhaint de. An rud sin a bhí déanta aige gach lá ó bhí sé ina pháiste, ní raibh a fhios aige cad é mar a dhéanfadh sé sa bhomaite sin é. Cad é mar a bhaineann tú do chuid éadaigh díot os comhair triúr strainséirí? An dtosaíonn tú leis na bróga nó leis an chasóg agus an léine? Cibé mar a d’éirigh leis é a dhéanamh faoi dheireadh, fuair sé é féin ina sheasamh gan tointe air agus lámha strainséartha air. A chuid éadaigh, an scáth sin a bhíonn idir an duine agus a náire, bhí siad anois ina mburla beag suarach dearmadta ar chathaoir phlaisteach. B’iontach leis go raibh a chomh-phaisinéirí go fóill san áit ar fhág sé iad, ar an taobh eile den doras, ach go raibh sé féin anois lomnocht os comhair triúr coimhthíoch, a ghéaga sínte amach ag a lámha strainséartha agus a n-anáil bhrocach le mothú ar gach cnuas dá cholainn aige. Agus ar a chúl sin uilig, an scáthán d’fhuinneog ar an bhalla mar a raibh súile anaithnide ag gliúcaíocht air.

Mhair cuimhne an lae sin ag déanamh mearbhaill dó agus é ar a bhealach trí na pasáistí fada agus suas an staighre beo nó gur bhain sé an geata amach faoi dheireadh. Dea-chomhartha, dar leis, gan moill a bheith roimhe ach paisinéirí á mbrostú isteach go dtí an droichead agus uaidh sin isteach go dtí suíocháin an eitleáin. Shíl sé an nuachtán a tugadh dó a léamh ach faoin am a raibh siad san aer bhí sé á shoipriú féin isteach sa tsuíochán agus na súile ag titim ar a chéile le tuirse an fhíona.

Ag teacht isteach trí aerfort Bhéal Feirste an uair seo dó, níor cuireadh lámh ar a ghualainn ná níor léir dó an doras ná an áit a raibh seomra an nochtchuardaigh. Shiúil sé leis go díreach dána amach trí na doirse tosaigh agus d’aimsigh an bus a thabharfadh isteach go lár na cathrach é.

Bhí sé a trí a chlog faoin am ar leag sé cos ar shráideanna na cathrach agus gan a fhios aige cad é an bealach ab fhearr le teach an tseanphéire a bhaint amach. Bhí an t-allas ag triomú go mall ar a cholainn ó tháinig sé amach as bus an aerfoirt agus ba bheag air an turas gairid deireanach sin a dhéanamh i dtaisleach a cholainne féin. Lig sé air nárbh eagla roimh an nochtchuardach san aerfort a d’fhág éidreorach é ach an saothar a bhí air gréasán sráideanna Bhéal Feirste a aithint. Cé nár tharla an nochtchuardach an t-am seo, dúirt sé leis féin go raibh sé réidh dó cibé – ghlacfadh sé leis na méara coimhthíocha sin ar a chneas mar a ghlacfadh othar le lámha an dochtúra.

Bhí a dhá leiceann ag dó agus é ag siúl isteach i dteas na siopaí móra i bPlás Dhún na nGall. Cuardach leictreonach a rinneadh air ansin le slaitín mhiotail, ach b’fhearr i bhfad leis an dúshlán a bhí sa nochtchuardach – an géilleadh agus an gortghlanadh agus an bhogmhairtíreacht. In Boots dó, d’aithin sé go raibh na rásúir chéanna acu a cheannaíodh sé sa Fhrainc ach gur réidhe a chaith na cúntóirí siopa leis. Rud eile a mhothaigh sé nach raibh oiread is aghaidh dhonn amháin le feiceáil sna sráideanna. Tháinig aiféala air nuair a rith sé leis gurbh é a thug air airgead a thabhairt don chéad duine a d’iarr pinginí air sa tsráid – aghaidh gheal a bheith air sin. Níorbh ea, dar leis, ní raibh ann ach gur mhaith leis eolas an bhealaigh a iarraidh ar dhuine inteacht a bhí faoi chomaoin aige, sin a raibh ann. Sin agus teagmháil a dhéanamh leis an chuid sin den chathair nach n-athraíonn cogadh féin, na bacaigh shráide a chuireann forrán ar strainséir. Ba bhuaine iad na fánaithe bratógacha sin ná na dealbha cloiche a bhí feistithe thart ar Halla na Cathrach mar a bheadh bábhún tuamaí ann. Ach má bhí carachtair shráide ann bhí na seanmóirithe sráide ann fosta, iad siúd a bhrúdh slánú ort de d’ainneoin. Murab é go raibh a chluasa bodhar ag an eitilt go fóill, déarfadh sé gur chuala sé deilín ar choirnéal sráide a bhíodh ag na soiscéalaithe ina óige:

Come listen to my tale of Jonah and the whale;

Way down in the middle of the ocean!

Dhiúltaigh sé bileog a ghlacadh ó bhean de na seanmóirithe a bhí cruinnithe ag geata Halla na Cathrach. Dar leis nach raibh dóigh ar bith le beaguchtach a chur ar lucht an tslánaithe ach a gcarn bileog agus Bíoblaí a fhágáil acu féin gan scaipeadh. Ansin, agus an t-ualach á iompar chun an bhaile leo, b’fhéidir go gcuirfí tochas an amhrais iontu féin. B’fhurasta aige drochmheas a bheith aige ar na soiscéalaithe úd agus ba mhó arís an drochmheas a bhí aige ar na soiscéalaithe allúracha a ndeachaigh sé féin ag obair acu tráth. Ach nuair a chuimhnigh sé ar an tseanphéire, is é rud a bhí drochmheas aige air féin.

Choinnigh sé air i dtreo Bhusáras Shráid Oxford, mar a mhol an bacach sráide dó ar ball, agus ghlac misneach as scréachach na bhfaoileán os a chionn mar chomhartha nárbh fhada uaidh an fharraige sa bhaile seo. Ba ar an fharraige a d’imigh sé de chéaduair agus dar leis an t-am sin go n-ólfadh sé lán a dhá bhos den tsáile dhorcha dhiabhalta sin a thug pas agus cead imeachta dó. Ba é a mhínigh an bacach dó go raibh busanna gorma le fáil i Sráid Oxford – busanna gorma do mhuintir na tuaithe agus busanna dearga do mhuintir na cathrach. Bus gorm mar sin go Dún Pádraig agus ceann eile go hArd Ghlais. Ar bhalla an Bhusárais bhíothas ag fógairt uimhir fóin rúnda na bpéas. Bhí craiceann éigin nua-aimseartha ar an fhógra, pictiúr d’fhear óg ag baint ualach dá choinsias agus digití móra gáifeacha faoi. Thug sé in amhail cupán caife a cheannach sa Bhusáras gur chuimhnigh sé nach raibh caife le fáil in Éirinn. Cheannaigh sé canna líomanáide a bhí bogthe ach ghreamaigh a liobra móra plobánta de bhéal an channa leis an tart a bhí air. B’amaideach an chuma a bhí air ag brúchtadh ina dhiaidh sin mar a bheadh gasúr scoile ann.

Le linn a thurais eitleáin, ba léir do Phrút súile a mháthar roimhe cúpla uair. Bhí na súile liatha sin á cheistiú mar a bhíodh riamh. Damnú air. Cad chuige a mbeadh air bus a fháil nuair a bhí sparán trom aige agus cuntas bainc? Amach leis as an Bhusáras gur fhostaigh tacsaí. Lig sé d’fhear an tacsaí a mhála a chur sa bhúit, bíodh is go mbeadh spás ann dó ag a chosa. Ba dhoiligh don tiománaí an gliondar croí a bhí air a cheilt. Cuairteoir as baile isteach, turas fada go hArd Ghlais, cead aige a rogha praghas a iarraidh gan méadar ar bith sa tacsaí. Tharraing fear an tacsaí a shuíochán aniar agus sháith a dhá uillinn amach mar a bheadh marcach capaill ag tús ráis ann.

‘Anois, Ard Ghlais, Ard Ghlais… An bealach is fusa go hArd Ghlais… Ní bheidh seo saor, tuigeann tú féin sin. Ach ní miste liomsa an turas. Ní hé sin é, níl ann ach nach mbeidh sé saor, ach tá a fhios agat féin… Anois, Ard Ghlais.’

Bhí clic cleac ó threotháscaire an chairr a thug le fios do Phrút nach raibh aon éalú aige as. Bhí sé ag dul ar ais. Bhí sé ag dul ar ais go teach an tseanphéire, bíodh na súile liatha á cheistiú nó ná bíodh. Damnú air, bhí sé róshean le bheith á ithe féin leis an amaidí seo. Shílfeá gur gasúr é a bhí i dtrioblóid, in ainm Dé.

Thaitin comhrá an tiománaí tacsaí leis. Ina dhiaidh sin, rith sé le Prút go raibh sé féin cosúil le duine de na fir sin a fhostaíonn striapach ar mhaithe leis an chomhrá. Ba chuma leis ach a bheith ag dul i dtaithí ar fhuaimeanna agus ar nathanna na seanchanúna.

‘Bhfuil teach saoire agat in
Ard Ghlais, a dhuine uasail?’

‘Níl.’

‘Is é an fáth a bhfuil mé ag fiafraí go mbíodh teach saoire ar cíos ag mo mhuintir ansin nuair a bhí mé i mo ghasúr. Is cuimhin liom go dtagadh seanduine beag isteach achan oíche ag taibhsíocht – scanraíodh sé an t-anam asainn! Leoga, dá mbeadh cúpla punt agam anois cheannóinn áit.’

‘Is le mo thuismitheoirí an teach,’ arsa Prút, go ciúin.

‘An as Ard Ghlais thú mar sin?’

‘Ní hea, Béal Feirste. Fuair mo thuismitheoirí an teach aimsir an chogaidh.’

‘Bhuel, bhí ciall acu bailiú amach as an chathair. An trioblóid uilig a tháinig ó shin.’

Bhí an lá ag dorchú agus iad ag síobadh thart le bailte beaga Chontae an Dúin. Cibé maoithneachas a bhí ar Phrút faoi Éirinn ní raibh sé ag maíomh a ndóighe ar na daoine a bhí ag slabhráil thart fá na sráidbhailte beaga dúlaí seo.

‘Tá go leor daoine a théann a chónaí anseo in aois an phinsin. Florida Chontae an Dúin atá san
áit seo. ’Bhfuil mórán blianta fágtha agat féin?’

Thost Prút. ‘Roimh aois an phinsin atá tú a mhaíomh?’

‘Is ea, is ea… Gabh mo leithscéal’ arsa an tiománaí ag gáire. ‘Ar ndóigh, níl a fhios ag aon duine cá mhéad bliain atá fágtha aige, agus sin mar is fearr é, nach ea?’

‘Tá sé cineál casta, d’fhéadfá a rá go bhfuil mé ar shos gairme san am i láthair. Seans nach rachaidh ar ais. Níl a fhios agam.’

‘Sos gairme. Cad é mar a shaothraíonn tú d’arán laethúil mura miste leat mé a fhiafraí?’

‘Teagasc teangacha is mó a dhéanaim.’

D’amharc an tiománaí ar éadaí Phrút agus ar a mhála.

‘Is ea, tá tú cosúil le duine a mbeadh am caite ar an Mhór-roinn aige. Sin an rud atá de dhíth orainn sa tír seo – eolas éigin a chur ar an domhan mhór, teangacha, bia, ceol, stíl. Barraíocht ama caite againn ag amharc ar a chéile.’

Bhí scéimh éigin sa taobh tíre le clapsholas. Na féidearthachtaí agus an tsaoirse samhlaíochta a thug na toirteanna fada de pháirceanna ina cheann. B’fhéidir ina dhiaidh sin,
dar le Prút, nach raibh ann ach go raibh a intinn ar obair ag cuardach eachtraí a bhí i dtaisce aici. Bhí go leor acu sin ann.

Rugadh agus tógadh Fionntán de Brún i mBéal Feirste. Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta, Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile (Móinín 2005), duais Bhord na Leabhar Gaeilge ag Oireachtas 2004. Is é Béal na Péiste a chéad úrscéal, saothar ar bronnadh an chéad duais don úrscéalaíocht air ag Oireachtas 2022. Is i réimse an léinn is mó atá saothar foilsithe aige, ar na saothair is déanaí leis tá Revivalism and Modern Irish Literature (Cló Ollscoil Chorcaí, 2019) agus, mar eagarthóir, Léachtaí Cholm Cille 52 – Stair agus Ficsean ó Beatha Cholm Chille go Bealach na Spáinneach (2022) agus Léachtaí Cholm Cille 51 Scríobhaithe an Tuaiscirt, 1650–1900 (2021). Is Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad é.