Fáinne Geal an Lae

Seo sliocht as saothar nua Éilís Ní Dhuibhne faoi theacht in inmhe cailín óg

Scéal é ‘Fáinne Geal an Lae’ faoi chailín óg, Róisín, atá ag fás aníos i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath, i gcaogaidí agus seascaidí an chéid seo caite. Cónaíonn sí lena hathair, a máthair, a deirfiúr Brídín agus a deartháir Conn in uimhir a 9, Bóthar Castar, Raghnallach. Téann siad chuig scoil lán-Ghaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Ach ní hionann Raghnallach an t-am sin agus anois. San am sin teaghlaigh de cuid na haicme oibre ba choitianta i Raghnallach agus ní raibh mórán airgid ag aon duine sa cheantar. Diaidh ar ndiaidh, nochtar do Bhrídín gur mar seo atá cúrsaí. Cineál cuimhní cinn a chuireann teacht in inmhe cailín óg i láthair…

Rud eile a dhéanaimid ná rince, sna Naíonáin Ísle. Bímid ag canadh gach uile lá, ach ní bhímid ag rince ach uair sa tseachtain.

Tagann Miss Medlar agus Dóirín isteach Dé Máirt, agus múineann céimeanna rince dúinn, mar aon le gleacaíocht. Exercises – sin a thugann siad ar an ngleacaíocht. (Ní labhrann Miss Medlar mórán Gaeilge.)

Téimid, na Naíonáin Ísle, trasna an chlóis mhóir go dtí an teach mór nuair a bhíonn Miss Medlar ar an láthair.

Trasna an chlóis mhóir, síos na céimeanna, thart ar na clóiséid a mbaineann na páistí móra úsáid astu – sé chlóiséad, le doirse geala daite, dearg, buí, gorm, uaine, dubh, corcra. Is do chailíní na doirse dearga, buí, gorm agus uaine, agus do na buachaillí an dá cheann eile. Na dathanna go deas, ar nós Smarties. Ach boladh bréan gránna agus sinn ag dul thar bráid. Yuck, a deirimid, ag breith ar ár sróinín. Ansin, isteach linn trí chúldoras agus táimid in íoslach an tí.

Nílimid chun dul níos faide.

Is san íoslach a bhíonn an rince ar siúl. Agus na hexercises.

Seasaimid i líne.
Seasann Miss Medlar os ár gcomhair amach. Bean thanaí ghalánta is ea í. Bíonn bróga le sála arda caola ar a cosa fada tanaí. Éadaí deasa – sciorta teann dubh, seaicéad líolóige nó ar dhath na silíní. Turban síoda ar a ceann.

Tá guth ard tanaí aici freisin.
Tosnaímid.

A haon dó trí.

Sin an chéad chéim, i rince Gaelach.

Taispeánann Miss Medlar dúinn conas é a dhéanamh aon uair amháin.
Aon dó trí agus aon dó trí. Aon dó trí agus aon dó trí.

Buaileann a bróga crua i gcoinne an urláir suiminte.

Clic clic clic agus clic clic clic. Clic clic clic agus clic clic clic.

Tá miongháire mór ar a haghaidh. Leagann sí béim ar na focail, canann sí amach iad, agus í ag gáirí ag an am céanna. Ag iarraidh sinn a spreagadh. Ag léiriú dúinn cé chomh hiontach agus atá sé an damhsa seo a dhéanamh, cé chomh deas agus atá sé a bheith i do dhamhsóir, ag dul a haon dó trí agus a haon dó trí!

Ansin taispeánann Dóirín dúinn. Níos moille. Agus deinimid aithris uirthi.
Deineann sí an chéim fiche nó tríocha nó céad uair. Aon dó trí agus aon dó trí

Aon dó trí agus aon dó trí

Aon dó trí agus aon dó drí

Aon dó trí agus AON DÓ TRÍ- í- í!

Aon dó trí an chéim is tábhachtaí. Muna n-éiríonn leat sin a dhéanamh, níl seans agat. Éiríonn liomsa. Éiríonn leis na cailíní ar fad. Ach tá corrbhuachaill agus ní féidir leo é a dhéanamh i gceart. Deineann Dóirín iarracht. Tógann sí ar leataobh duine acu. Niall is ainm do dhuine de na buachaillí seo – agus tugann ceachtanna breise dó. Ach is cuma. Ní féidir leis. Níl a chosa ábalta rithim an rince a aimsiú. Níl aon rithim iontu. Níl leigheas aige air.

B’fhéidir chun misneach a thabhairt do Niall – cé nach bhfuil sé róbhuartha faoin easpa tallainne atá aige mar rinceoir, cé gur chuma sa tsioc leis i ndáiríre – deinimid
na hexercises.

Gleacaíocht.

Lámha suas, lámha amach, lámha ar ár gcosa.

Is féidir le gach duine na hexercises seo a dhéanamh.
Fiú amháin na buachaillí. Fiú amháin Niall.

Agus tá rann ag Dóirín chun cabhrú linn.

‘I’m a little teapot
Short and stout.
Here’s my handle
And here’s my spout.
When I’m full up
Hear me shout
Pick me up
And pour me out.’

An chéad Mháirt eile, foghlaimímid rud éigin eile.
Aon dó trí ceathair cúig sé seacht.
Tá sin níos simplí ná an aon dó trí.
Táimid anois ag cur an aon dó trí agus an aondotríceathaircúigséseacht le chéile. Tá na céimeanna againn.
Taispeánann Miss Medlar dúinn conas iad a nascadh le chéile, i bpatrún, chun rince iomlán a dhéanamh.

An rince atá ann ná The Easy Reel.

Deinimid é sé nó seacht n-uaire, go dtí go mbíonn sé againn, gan bhotún.

Agus sinne ag rince, bíonn Miss Medlar agus Dóirín
ag dordán.

Nó ag canadh. Aondótrí agus Aondótrí, Aondótrí agus Aondótrí.

Deinimid ciorcal. Gluaisimid ar dheis, ansin gluaisimid
ar chlé. Ansin deinimid ciorcal eile.

Stop.

Rince críochnaithe.

Bíonn poms orainn, agus sinn ag rince. Tá níos mó ná saghas amháin poms ann. Tá cinn le boinn bheaga, ar nós bróga bailé. Tá cinn le boinn mhóra ar aon mhéid leis na boinn a bhíonn ar ghnáthbhróga.

Tá cinn a cheanglaítear le banda leaistice agus cinn a dhúntar le hiall bróige. Na cinn is deise, im thuairimse, ná na cinn atá cosúil le bróga bailé ach a cheangláitear le hiall bróige. Tá rud éigin galánta fúthu, suaithinseach. Níl siad cosúil le bróg ar bith eile. Ba bhreá liom péire de na poms sin. Ach ní fhaighim iad, ach na cinn eile, nach bhfuil cosúil le bróga bailé in aon chor. An chúis nach bhfaighim iad ná go bhfuil siad ródhaor. Téann cailíní áirithe sna Naíonáin Ísle go dtí siopa a sholáthraíonn bróga bailé agus bróga rince, ach téimid go dtí siopa a dhíolann bróga atá saor. Táim in éad leis na cailíní a fhaigheann na bróga bailé. Ach ní féidir liom aon rud a dhéanamh faoi sin. Níl mo theaghlach chomh maith as lena lán de na teaghlaigh eile sa scoil seo. Tá sé seo á thuiscint agam cheana féin. Caithfidh mé cur suas le mo bhróga saora, ar feadh mo shaoil mar rinceoir.

Ag deireadh an téarma, díreach sula dtéimid ar laethanta saoire an tsamhraidh, bíonn Lá Spóirt againn. Bíonn sé amuigh sa chlós mór.

Dronuilleog cuibheasach mór is ea an clós seo, ag cúl an tí mhóir, ag síneadh idir é agus tigín beag na mBáibíní. Dromchla suiminte atá air ach roinnt buddleia ag fás anseo is ansiúd ar na ballaí brící atá ar a dhá thaobh. Bailíonn páistí na scoile ar thaobh amháin den chlós, gach rang ó Rang a Sé, cailíní móra arda, síos go dtí ár rang féin. Uimhir ar gach leanbh – tá na huimhreacha seo scríofa le crián ar chearnóga cairtchláir, agus greamaithe dár n-ucht le biorán, nó sreang leaistice. Uimhir a ceathair atá agamsa. Dhein mo mham mo lipéad as píosa cairtchláir a ghearr sí amach as bosca calóga arbhair. Tá an ceathair scríofa le crián dearg agus mhaisigh sí é le cúpla bláth beag sna cúinní.

Suímid ar an dtalamh. Na páistí is lú – sinne – sa gcéad sraith. Taobh thiar dínn, na Báibíní Arda, agus mar sin de, siar go dtí an cúl ar fad, cóngarach do na leithris ildaite bhréana sin, áit a bhfuil Rang a Sé. Thart faoi dhá chéad dalta ar fad, an scoil iomlán. Os ár gcomhair amach tá na múinteoirí ar fad, ina suí ar chathaoireacha, mar aon le roinnt daoine fásta eile. Tuismitheoirí tábhachtacha. Agus ag bord beag tá Miss Medlar, Dóirín agus duine éigin eile. Na moltóirí. Ar an mbord tá boinn airgid agus boinn órga, agus cupáin airgid. Na duaiseanna.

Tá Miss Medlar agus Dóirín ag féachaint an-ghalánta ar fad inniu. Hata leathan bán ar Miss Medlar, agus tá Dóirín gléasta i ngúna álainn gorm le sciorta leathan, crinilín lín faoi chun é a choimeád ag gobadh amach ar nós scáth lampa. Tá a cuid gruaige – atá chomh dubh le hairne, chomh dubh le mo thrilseáin féin – in airde ar a ceann aici, i gcoirceog. Cuireann sé ionadh orm go bhfuil Dóirín chomh hálainn sin.

De ghnáth, bíonn sciorta dorcha de shaghas éigin uirthi, agus bróga móra, agus a cuid gruaige tarraingthe siar i bpónaí. Is ar éigean a d’aithneofá í, gléasta suas don Taispeántas.

Ní bheidh uirthi a bheith ag dordán aon dó trí inniu.

Beidh ceol ceart againn.

Seinnteoir ceirníní ar bhord beag lasmuigh d’fhuinneog
sa tigín, sreang leictreach ag teacht amach tríd an bhfuinneog chun cumhacht a thabhairt dó.

Tosnaíonn na comórtais.
Miss Medlar a fhógraíonn iad.
Tá callaire aici.
Tá Gaeilge aici, freisin, inniu. In onóir na hócáide.
Seasann sí.
Titeann ciúnas ar an ngairdín.
Tógann sí an callaire ina glaic.
‘Fáilte romhaibh, a pháistí. Bhfuil sibh go maith?’ ‘Tá,’ a bhéiceann an dá chéad dalta.
Then, it’s time to begin.’ Agus an chéad chomórtas:

Na Naíonáin Bheaga. An Ríl Shimplí. The Easy Reel. Téimid amach, deichniúr ag an am.
Sínimid cos amháin, an chos dheas, amach. Téimid ar ár mbarraicíní, chomh neirbhíseach le capaill rása ag feitheamh leis an treoir chun tosnú.

Tá fear – athair duine éigin, gan amhras, agus ball den choiste – taobh leis an seinnteoir ceirníní. Sméideann Dóirín air. Ligeann sé don tsnáthaid titim ar an gceirnín.

Scritsscrats scritsscrats.
Scrrííííííttsss.
Clúdaímid uilig ár gcluasa lenár lámha.
Stop, children!’ a deir Miss Medlar. ‘Stop! Stop!’ Tá sí crosta.
Téann an fear ag útamáil leis an seinnteoir ar feadh tamaillín.
Fanaimid. Tá an scoil ar fad ag feitheamh, ciúin, foighneach.
Déanann sé roinnt mhaith útamála leis an seinnteoir.
Gluaiseann na nóiméid thart, go mall, go mall, go mall.
Táimid ansin, inár seasamh os comhair na moltóirí, cos amháin sínte amach ar nós saighde. Chomh ciúin le dealbh.

Faoi dheireadh, titeann an tsnáthaid anuas ar an gceirnín.

Agus líontar an clós le ceol.

Now, children,’ a deir Miss Medlar, miongháire uirthi. ‘Ar na barraicíní! Agus a haon dó trí, agus a haon dó trí ...’

Agus aon dó trí agus aon dó trí. Aondótrí agus aondótrí ...

Nuair a bhíonn ár gcuid déanta, suímid ar ais ar an dtalamh.

Agus leanann na comórtais ar aghaidh. Naíonáin Mhóra, Rang a hAon, Rang a Dó.

Sos againn ansin, chun buidéal sú líomóide agus paicéad Tayto a ithe.

Rang a Trí, Rang a Ceathair, Rang a Cúig, Rang a Sé.

Tá sé deacair, suí ansin ar an dtalamh, gan bogadh, ar feadh an lae. Ach tá sé taitneamhach go leor a bheith ag breathnú ar dhaoine ag rince. Éiríonn na céimeanna níos casta agus níos tapúla agus na cailíní ag dul in aois. Éiríonn cosa na gcailíní níos faide, na léimeanna a thugann siad níos airde, na céimeanna níos iontaí. Tá roinnt de na cailíní an-éadrom ar a gcosa. Léimeann siad go hard san aer ar nós éanlaith ag eitilt. Gluaiseann a gcosa chomh tapaidh le crúba capall rása. Easy Reel, Slip Jig, Hard Reel. Cornphíopa – an ceann is mó a thaitníonn liomsa le breathnú air. An Lon Dubh, an ceann is deacra ar fad.

Tagann deireadh leis an taispeántas.

Bíonn sos beag eile ann, ach níl aon rud le n-ól ná le n-ithe an uair seo. Tá an ghrian, a bhí ag scaladh anuas orainn ó Lána Hatch, laistiar dínn anois, ag déanamh a treo go hArdán Phort an Iarla agus iarthar na cathrach. Miss Medlar, Dóirín, príomhoide na scoile, agus múinteoir éigin eile, ag cogarnaíl le chéile, iad ag breathnú orainne anois is arís, ceisteanna á gcur, de réir dealraimh.

Seasann Miss Medlar.
‘Ciúnas, a pháistí!’
Titeann ciúnas ar an gclós.

Ciúnas iomlán.

Chloisfeá biorán ag titim. Chloisfeá aingeal ag eitilt. Shhh!

Tá sí chun na duaiseanna a bhronnadh anois. Tosnaíonn sí leis na hardranganna.
An cornphíopa.

An tríú háit: Máire Ní Dhúill.

Téann Máire suas go dtí an bord agus faigheann bonn.

‘Bualadh bos!’ arsa Miss Medlar.
Bualadh bos. Bualadh bos. Bualadh bos go léir.

Tá Máire Ní Dhúill ag teacht anocht.
Anuas an simléar.
Ritheann an rann trí mo cheann, an t-amhrán a chasaimid ag an Nollaig.
Uair an chloig níos déanaí, táimid réidh le titim inár gcodladh, nuair a screadann Miss Medlar – cuma thuirseach uirthi siúd freisin – ‘Anois, an Ríl Simplí. The Easy Reel.’

An chéad duais, uimhir a deich.

Téann Gearóidín, mo shean-namhaid, suas, agus faigheann bonn.

Bualadh bos. Bualadh bos.

An tarna duais, uimhir a ceathair. Cad é?
Uimhir a ceathair.
Ní dhéanaim faic.

‘Uimhir a ceathair!’

Breathnaím ar m’ucht. Chím an ceathair mór dearg. Seasaim agus téim i dtreo an bhoird.
Tá Miss Medlar ag cogarnaíl le Dóirín, agus ag breathnú orm.


Airím go bhfuil botún déanta acu. Mar, i ndáiríre, nílim go rómhaith ag rince.

Nílim éadrom ar mo chosa. Ach tugann siad an bonn dom.

Bonn beag airgid, le píosa órga ina lár, agus é ar chorda a chrochann Miss Medlar timpeall mo mhuiníl. Bualadh bos. Bualadh bos.

Siúlaim ar ais go dtí m’ionad ar an dtalamh.

Breathnaím ar mo bhonn beag airgid. Nach gleoite atá sé. Táim ag titim i ngrá leis.

Agus ní fada go mbíonn an rud ar fad thart. An seinnteoir ceirníní á iompar amach chuig gluaisteán sa lána. Mo mham ag feitheamh sa lána céanna, le mé a thionlacan abhaile.

Agus laethanta saoire an tsamhraidh ag tosnú.

Scríbhneoir í Éilís Ní Dhuibhne