Dán nua le John Caulfield An Colm Dubh

Ar shíleáil bhán an tseomra suí,

Os cionn na teilifíse,

Tá scáthchruth éin, le dhá sciathán,

Ó dhruid a thit ón spéir isteach

Sa sorn adhmaid.

Dá gcloisfeá an raic ón taobh istigh,

An bualadh géag in aghaidh an ghloine:

Éan beag óg á dhathú féin

Le smúit na tine.

Nuair a d’oscail mé an sorn

Thóg sé cúpla soicind

Sular thug an druid faoin seomra geal

Is d’fhág sé smál ar an tsíleáil

Ag éalú dó.

Is lig mé é i ndearmad glan

Go dtí gur fhéach mé suas inniu

Ó thuairisc nuachta, deora im’ shúile,

Is chonaic arís an druidín súiche.

A phobal chróga Mariupol

Gafa, tréigthe, in íoslaigh dhorcha

Dá mbeadh an chumhacht agam

Scaoilfinn glas mo theilifíse

Is d’osclóinn go leathan

Fuinneog bhur saoirse.

Ach, maith dom é,

Níl agam ach deora.

Ofrálaim dán

Faoi éan beag dubh ar shíleáil bhán

Ina cholm dóchais.