Gar don bhearna bhaoil…

Féachann Radvan Markus ar an dearcadh atá ag daoine i bPoblacht na Seice agus i lár na hEorpa i leith an chogaidh san Úcráin

Baineadh geit uafásach as muintir Phoblacht na Seice, chomh maith leis na tíortha máguaird, ar an 24 Feabhra anuraidh nuair a thosaigh an Rúis ionsaí fíochmhar ar a chomharsa cheannasach, an Úcráin. D’fhéadfaí cúpla cúis a áireamh gur cuireadh iontas chomh mór sin orainn, chomh maith leis an bhfíric dhosheachanta go mbíonn diúracáin ag pléascadh níos lú ná 500 ciliméadar ó theorainn na tíre. Fiú roimh an gcogadh, bhí níos mó ná 200,000 Úcránach ag maireachtáil anseo i bPoblacht na Seice, an mionlach eitneach is mó sa tír. Den chéad uair thug go leor Seiceach faoi deara nach daoine gan oideachas ó cheantar iargúlta iad na tógálaithe agus na haltraí a mbíonn siad ag bualadh leo go laethúil, ach daoine cróga nach bhfuil aon leisce orthu dul sa bhearna bhaoil chun a dtír a chosaint i gcoinne fórsaí míthrócaireacha bagracha. Chomh maith leis sin, tá cúiseanna staire ann. Rinne an tAontas Sóivéadach in éineacht lena chuid stát satailíte ionradh ar an tSeicslóvaic i 1968, nuair a cheap an páirtí cumannach áitiúil go bhféadfaí córas an tsóisialachais a leasú ionas go dtabharfaí níos mó saoirse don phobal.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Léachtóir le Gaeilge agus le litríocht na hÉireann in Ollscoil Shéarlais, Prág é Radvan Markus