Gael Linn sa Ghaeltacht

Gael Linn sa Ghaeltacht

Tá scéimeanna ceannródaíocha d’aos óg na hÉireann ar bun ag Gael Linn le 70 bliain, a deir Máire McCafferty

Coiste na bPáistí, Comhaltas
Uladh agus Scéim Scoláireachta Ghael Linn sna 1950idí

Tá a pháirt féin le hinsint ag Gael Linn i scéal na gcoláistí samhraidh Gaeilge, gluaiseacht atá ar an bhfód le beagnach 120 bliain. I mblianta tosaigh an fichiú haois, chruthaigh coláistí Gaeilge naisc thábhachtacha idir muintir na Gaeltachta agus na Galltachta, idir muintir na tuaithe agus muintir na cathrach, agus na sluaite á mealladh acu chuig na ceantair Ghaeltachta gach samhradh ó 1904 ar aghaidh. Forbraíodh na naisc luachmhara sin i 1953, nuair a thosaigh Gael Linn ag obair ar son na Gaeilge agus na gceantar Gaeltachta. Tá aitheantas tuillte ag Gael Linn freisin as an obair mhór atá déanta aige le haos óg na hÉireann a spreagadh i dtreo na Gaeilge le breis agus trí scór bliain anuas. Níorbh fhada Gael Linn ar an bhfód go dtí gur thug an eagraíocht faoi scéim scoláireachta a bhunú chun aos óg na tíre a sheoladh chun na Gaeltachta, agus bunaíodh scéimeanna ceannródaíocha do pháistí fud fad na 32 contae ó 1955 ar aghaidh.

Sular bhunaigh Gael Linn a scéim scoláireachta féin thug sé tacaíocht do scéimeanna eile a sheol páistí chun na Gaeltachta, Scéim Scoláireachtaí an Gharda Síochána ina measc. I rith na 1950idí luatha, ba é Coiste na bPáistí ba mhó a bhíodh ag seoladh páistí Phoblacht na hÉireann chun na Gaeltachta gach samhradh. Eagraíocht dheonach a bhí i gCoiste na bPáistí, a bunaíodh i 1933 de thoradh obair Mhichíl Uí Mhaoláin, as Árainn. Sóisialach ab ea Ó Maoláin, a bhí ag iarraidh scéim a bhunú do pháistí lucht na gceardchumann i mBaile Átha Cliath, le go mbeadh deis acu barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus saoire a chaitheamh cois farraige. Chuaigh formhór na bpáistí chuig an Spidéal i gConamara ag tús na scéime, agus mí amháin a chaitheadar ag fanacht le muintir na háite ag foghlaim uathu seachas a bheith ag freastal ar choláistí samhraidh. Bhí an-rath ar Choiste na bPáistí, agus d’fhás an scéim go tapa ó 78 páiste as Baile Átha Cliath i 1933, go dtí breis agus 400 cailíní agus buachaillí fud fad na 26 chontae i 1937 (Ní Riain 2006: 15-39; Irish Independent 3.6.1959, 5). Bhí baint ag daoine amhail Cathal Ó Diolúin agus Máirtín Ó Direáin le heagrú na scéime, agus thug Dubhghlas de hÍde, Éamon De Val era, agus Tomás Ó Deirg tacaíocht don scéim chomh maith le neart daoine stairiúla eile.

Mhol Máirtín Ó Cadhain go leathnófaí scéim Choiste na bPáistí ó na 1950idí luatha, óir bhraith sé go raibh mí ‘ró-ghearr’. In alt san Irish Times in Iúil, 1954 scríobh sé gurbh é ‘an t-am a bhíos na páistí ag tosaí ar chaint a thógáil a chaitheas siad imeacht,’ agus ba dhóigh leis gur cheart aithris ní ba mhó a dhéanamh ar scéim Chomhaltas Uladh ó thuaidh (Irish Times 14.7.1954, 4). Ón am ar bunaíodh Comhaltas Uladh i 1926, bhí scoláireachtaí á gcur ar fáil ag an eagraíocht chun páistí uile Chúige Uladh a sheoladh chuig Gaeltachtaí Thír Chonaill, páistí na Sé Chontae ina measc (Ó Diolúin 2008, 35). Faoi na 1950idí, bhí scoláireachtaí á dtairiscint ag an gComhaltas a thabharfadh deis do pháistí ó Thuaisceart Éireann sé mhí a chaitheamh i nGaeltacht Thír Chonaill agus freastal ar na scoileanna áitiúla Gaeltachta. Bhí Ó Cadhain den tuairim go mba cheart do Choiste na bPáistí na daoine óga a chur ar na scoileanna áitiúla Gaeltachta chomh maith, rud nach dtarlódh go dtí go dtiocfadh an scéim faoi chúram Ghael Linn i 1959.

Ba faoi Ghael Linn a bheadh sé scéim Gaeltachta ní b’fhaide a eagrú i bPoblacht na hÉireann. Ag tús na bliana 1955, d’fhógair Gael Linn go raibh dóthain airgid bailithe ag a chaomhnóirí le tús a chur le scéim scoláireachtaí Gaeltachta do pháistí idir 12 agus 14 bliain d’aois. Tréimhse ráithe a bheadh i gceist, a bhuí le Máirtín Ó Cadhain, a bhí ina chaomhnóir le Gael Linn faoin am sin agus a mhol gurbh é sin an tréimhse ba lú a mbeadh páistí in ann an teanga a shealbhú. Bheadh ar na páistí freastal ar an scoil áitiúil sa Ghaeltacht ar feadh na tréimhse sin chomh maith. Cinneadh páiste amháin a chur i ngach teaghlach Gaeltachta, ionas go mbeadh tumadh ceart ag an bpáiste sin sa teanga agus nach mbeadh sé/sí in ann Béarla a labhairt go héasca. Bhí tús curtha ag Gael Linn, mar sin, le scéim cheannródaíoch dá chuid féin a bhí éagsúil ó na scéimeanna Gaeltachta eile do pháistí a bhí ar fáil i bPoblacht na hÉireann ag an am.

I 1959, tháinig Coiste na bPáistí faoi stiúir Ghael Linn féin agus atheagrú á dhéanamh ar scéimeanna Gaeltachta do pháistí i bPoblacht na hÉireann. Athrú ar stru chtúr na hArdteistiméireachta ba chúis leis sin go príomha, agus é fógartha ag an Roinn Oideachais go mbeadh scrúdú cainte mar chuid den scrúdú Gaeilge ó 1960 i leith. Bhí tuiscint ann go mbeadh éileamh ní ba mhó ar chúrsaí Gaeltachta as sin amach mar gheall ar an scrúdú cainte, agus roghnaíodh Gael Linn le stiúir a ghlacadh ar scéimeanna Gaeltachta éagsúla a bhí ag feidhmiú i bPoblacht na hÉireann, Coiste na bPáistí san áireamh (Irish Independent, 3.6.1959, 5).

Thug Roinn na Gaeltachta tacaíocht airgeadais do scéim Ghael Linn ó 1960 ar aghaidh, agus deontas £17.10 á íoc ag an Roinn thar ceann gach páiste. Bhí £16.10 le híoc ag na tuismitheoirí agus an chuid eile á íoc ag Gael Linn. Lean an scéim seo patrún scéim Ghael Linn a cuireadh ar bun i 1955, óir mhair na scoláireachtaí trí mhí agus d’fhreastail na páistí ar na scoileanna áitiúla sa Ghaeltacht. Léargas ar shástacht na Roinne le hobair Ghael Linn i 1960 ab ea ardú dheontas na Roinne go £19 agus leathnú na scéime ina dhiaidh sin (Ní Chinnéide 2013: 129). I rith na 1960idí, seoladh páistí go Conamara, go Corca Dhuibhne agus go Tír Chonaill mar chuid den scéim, Éanna Ó Coinnigh, Frank Fahy agus Sorcha Ní Chíosóig san áireamh. Tuairiscíodh go minic go raibh na páistí go hiomlán líofa ar fhilleadh abhaile dóibh tar éis seal Gaeltachta a chaitheamh ar scoláireacht Ghael Linn.

Eagraíocht Uile-Éireann

Tá tábhacht faoi leith le Gael Linn mar eagraíocht a fhreastalaíonn ar Ghaeil sna 32 contae, agus bhí sé sin i gceist leis ón tús. I 1956 bhunaigh Gael Linn scéim scoláireachta dhá mhí do pháistí meánscoile Thuaisceart Éireann, le tréimhse a chaitheamh i nGaeltacht Thír Chonaill. Ag an am sin, ní raibh aon choláiste Gaeilge curtha ar bun ag Gael Linn, agus d’fhreastail formhór bhuaiteoirí na scoláireachtaí sin ar Choláiste Bhríde i Rann na Feirste (Coláiste a bhunaigh Eoin Mac Néill in Ó Méith, Co. Lú i 1913 agus a aistríodh go Tír Chonaill i 1926). Osclaíodh oifig Ghael Linn in Ard Mhacha i 1960, agus tháinig scéim na scoláireachtaí dhá mhí faoi choimirce na hoifige sin. Lean an scéim go dtí 1973, go dtí gur chuir Gael Linn coláiste samhraidh dá chuid féin ar bun i Machaire Rabhartaigh i dTír Chonaill. Mar a deir Ní Chinnéide, páistí ó Thuaisceart Éireann ba mhó a d’fhreastalaíodh ar an gcoláiste, agus i 1982 chuir Gael Linn tús le scéim scoláireachtaí eile chuig Coláiste Mhachaire Rabhartaigh do pháistí scoile sna Sé Chontae. Tá Gael Linn fós i mbun an choláiste agus cúrsaí ar siúl trí mhíonna an tsamhraidh do dhaltaí idir 11 agus 18 mbliana d’aois. Reáchtáiltear cúrsa speisialta coicíse i mí an Mheithimh gach bliain i gColáiste Mhachaire Rabhartaigh chomh maith le haghaidh mic léinn ‘idir 11-14 bliana d’aois ó Thuaisceart Éireann nach bhfuil ach bliain nó dhó déanta acu i staidéar na Gaeilge’ (gael-linn.ie). Tá ról speisialta ag coláistí samhraidh Gaeilge Thír Chonaill agus nasc á chruthú acu idir Gaeil na Sé Chontae agus Gaeltacht Thír Chonaill le céad bliain anuas, agus bhí baint mhór ag Gael Linn leis an nasc sin a chothú agus a neartú ó lár an fichiú haois ar aghaidh.

Coláistí Samhraidh Ghael Linn

Ní hamháin go raibh obair mhór á déanamh ag Gael Linn ó 1955 chun páistí a sheoladh chun na Gaeltachta, ach bhí pleananna á bhforbairt ag an eagraíocht chun institiúidí dá gcuid féin a bhunú sa Ghaeltacht. I 1965 bhunaigh Gael Linn Coláiste Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, coláiste samhraidh a thabharfadh deis ‘do lucht na scoláireachtaí a gcuid Gaeilge a athnuachan’. (Ní Chinnéide 2013: 133) Mar a luadh thuas, bhog an coláiste chuig Machaire Rabhartaigh i 1973, agus tá sé ann ó shin agus an-tóir ar na cúrsaí ann. I 1968, ghlac Gael Linn stiúir ar choláiste samhraidh nó ‘brú saoire’ Chlann na hÉireann i mBaile Ghib, Contae na Mí (Ní Chinnéide 2013: 135). Eagraíocht a bhí dírithe ar an óige a bhí i gClann na hÉireann a bunaíodh i 1934 chun an teanga a chur chun cinn ar bhealach spraíúil i measc pháistí meánscoile (Ní Riain 2006: 41; Ó Ciosáin 1993: 60-61). Thosaigh Clann na hÉireann ar bhuachaillí agus cailíní a sheoladh chuig campaí saoire Gaeltachta dá gcuid féin in 1935, agus faoi 1939 bhí ‘Brú na Midhe’ bunaithe acu i mBaile Ghib in aice leis an nGaeltacht nua i Ráth Chairn. Tá físeán iontach den bhrú sin, a rinneadh i 1962, le feiceáil ar shuíomh RTÉ Archives, a bhfuil léiriú tugtha ann ar an mbéim a leagadh ar spórt agus spraoi sa choláiste. Osclaíodh coláiste samhraidh eile de chuid Ghael Linn i 1975, i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Iarthar Chorcaí, ceantar adhlactha Sheáin Uí Riada. Bhíodh an coláiste á reáchtáil i bhfoirgneamh Choláiste Íosagáin, tógtha ar cíos ag Gael Linn ó Bhráithre de la Salle, agus ansin i 1986 bhog an coláiste chuig Coláiste Ghobnatan, Gaelcholáiste sa cheantar.

Bhunaigh Gael Linn coláiste samhraidh eile, Coláiste Riocaird Bhairéid ar an Eachléim i nGaeltacht Iorrais i Maigh Eo i 1993. Cuireadh tús le modúl ceannródaíocht scannánaíochta sa choláiste in 2002 ‘a dearadh go speisialta chun taithí thosaigh a thabhairt ar ealaín na scannán do dhaltaí’ (Ní Chinnéide 2013: 136). Dar ndóigh, bhí cur chuige ceannródaíoch ag Gael Linn maidir le cúrsaí scannánaíochta trí Ghaeilge, agus thugadar airgead don choláiste chun stiúideo a thógáil agus trealamh a cheannach. Nuair a bhunaigh Gael Linn an coláiste is nua dá gcuid i mBun an Inbhir, Gaoth Dobhair, in 2007, cuireadh an bhéim ar imeachtaí spraíúla do dhaoine óga, agus modúl speisialta sa spórt uisce á thairiscint ag an gcoláiste.

‘Eachtra’

Bhí Gael Linn chun tosaigh freisin maidir le cúrsaí Gaeltachta a chuir imeachtaí nua chun cinn, agus ghlac Gael Linn le múnlaí ón iasacht, ar nós imeachtaí spóirt a bhain go dlúth leis an Urdd Gobaith Cymru sa Bhreatain Bheag. I 1971, cuireadh tús le ‘Eachtra’ Ghael Linn le haghaidh daoine óga a bhí in ann cumarsáid réasúnta maith a dhéanamh i nGaeilge. De réir Ní Chinnéide ‘Ba é aidhm an chúrsa saoire phléisiúrtha a chur ar fáil do dhaoine óga a raibh líofacht Ghaeilge acu agus iad a oiliúint i spóirt eachtraíochta mar chadhcáil, seoltóireacht, siúl sléibhe, rianadóireacht agus dreapadóireacht’ (2013: 197). D’éirigh go maith leis an gcéad chúrsa ar an gCeathrú Rua i 1971 agus leathnaigh ‘Eachtra’ amach go Tír Chonaill agus Ciarraí ina dhiaidh sin. Bhí réimse leathan d’imeachtaí ar siúl gach bliain: tuairiscíodh i 1975, mar shampla, go raibh ‘béim mhór ar an ndrámaíocht’ in Eachtra Chlochán Bhréanainn i gCiarraí, agus i 1977 tuairiscíodh go mbeadh ‘pony-trekking’ mar chuid d’Eachtra Chloich Chionnaola (Kerryman, 16.5.1975, 18; Donegal News, 28.5.1977, 7). Bhíodh na himeachtaí ar fad ar siúl trí Ghaeilge agus d’fhanadh na daoine óga le muintir na Gaeltachta nuair nach mbídís i mbun imeachtaí. Ba scéim cheannródaíoch í ‘Eachtra’ a thug deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid i gcomhluadar daoine óga eile agus le muintir na Gaeltachta, agus iad ag glacadh páirte in imeachtaí taitneamhacha trí Ghaeilge ‘a bhí i dtiúin le haos óg na linne’ (Ní Chinnéide 2013: 197).

Conclúid

Níl aon amhras ach go raibh ról tábhachtach, ceannródaíoch ag Gael Linn le spéis aos óg na hÉireann a spreagadh sa Ghaeilge agus sna Gaeltachtaí le 70 bliain anuas. Níor leasc le Gael Linn triail a bhaint as cur chuige nua, agus teist air sin is ea na scéimeanna Gaeltachta a chuir an eagraíocht ar bun do pháistí na Poblachta faoi choinníollacha nua ó 1955 i leith. Bhí Gael Linn i lár an aonaigh mar eagraíocht uile-Éireann maidir le scéimeanna Gaeltachta speisialta a chur ar fáil do mhic léinn na Sé Chontae, agus cúrsaí faoi leith a bhunú do na mic léinn chéanna i gcoláiste Gaeilge. Bhí cur chuige nua-aoiseach ag Gael Linn freisin sna Coláistí Gaeilge a bunaíodh faoina stiúir agus iad ag díriú ar ábhair spéisiúla agus spraíúla ar nós scannánaíochta agus spóirt uisce. Thuig Gael Linn i gcónaí gurbh iad imeachtaí den sórt sin trí Ghaeilge a mhúsclódh spéis an aosa óig sa teanga, agus ba í an smaointeoireacht sin a chur tús le ‘Eachtra’
sna 1970idí.

Sa lá atá inniu ann, tá dhá choláiste samhraidh Gaeilge rathúla faoi stiúir Ghael Linn: Coláiste Mhachaire Rabhartaigh agus Coláiste Bhun an Inbhir, an péire acu lonnaithe i dTír Chonaill. Cuirtear béim ar an nGaeilge bheo labhartha sna Coláistí sin agus tá teagasc an tseomra ranga bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Cé gur cuireadh deireadh leis na scoláireachtaí ráithe in 2002, agus níos mó Gaelscoileanna tar éis teacht ar an bhfód, cuireann Gael Linn agus eagraíochtaí eile scoláireachtaí chuig Coláistí Ghael Linn ar fáil i gcónaí do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Léiríonn Tuarascáil Ghael Linn le haghaidh na bliana 2020/2021 go raibh obair idir lámha acu chun cúrsaí Gaeltachta an aosa óig ‘a uasdátú agus a uasghrádú’, d’ainneoin ráig COVID-19 agus na dúshláin a tháinig léi. Is léir nach bhfuil deireadh tagtha le spiorad cheannródaíoch agus fhiontraíocht na heagraíochta go fóill.
Go maire Gael Linn an céad!

Nótaí/Leabharliosta

Connacht Sentinel, Donegal News, Evening Echo

Gael-linn.ie, Irish Examiner, Irish Independent

Irish Press, Irish Times, Kerryman

McCafferty, Máire. ‘“You cannot teach the children of Ireland Irish until the teachers have got Irish themselves.” Na Coláistí Samhraidh agus Modhanna Múinte na Gaeilge, 1904-1922.’ ComharTaighde 8 (2022): 1-23.

Nationalist and Leinster Times

Ní Chinnéide, Mairéad, Scéal Ghael-Linn, Indreabhán, Conamara: Cló Iar-Chonnacht, 2013.

Ní Riain, Aoileann. ‘Clann na hÉireann, Coiste na bPáistí agus an Óige san Athbheochan.’ Tráchtas M.A neamhfhoilsithe, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2006.

Ó Ciosáin, Éamon. An t-Éireannach
1934-1937: Nuachtán Sóisialach Gaeltachta
. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta., 1993.

Ó Diolúin, Cathal. ‘Lorcán Ó Muireadhaigh agus Comhaltas Uladh,’ Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society, uimh. 21/22 (2007/2008): 319-340.

RTÉ archives – Eachtra: https://www.rte.ie/archives/2021/0622/1229630-gael-linn-cursai-eachtraiochta/ / Baile an Ghib: https://www.rte.ie/archives/2017/0705/888003-irish-college-at-gibbstown/

Tuam Herald

Tuarascáil Ghael Linn 2020/2021

Tá an t-alt seo mar chuid de thionscadal a bhfuil maoiniú faighte aige ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) faoin gclár taighde agus nuálaíochta ‘Horizon 2020’ de chuid an Aontais Eorpaigh (conradh deontais uimhir 802695).

Máire McCafferty ag gabháil do chéim dochtúra i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh & an Bhéaloidis, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath