Imrothlú mór an cheoil!
Peter BrowneCaitheann Peter Browne súil ar thábhacht Cheirníní Ghael Linn don cheol traidisiúnta
Bhí ceirníní Ghael Linn lárnach sa turas fionnachtana sa cheol traidisiúnta a rinne mise agus an iliomad ceoltóir agus éisteoir eile ó 1957 i leith. In agallamh raidió a rinne mé roinnt mhaith blianta ó shin leis an Ollamh Mícheál Ó Súilleabháin – nach maireann, faraor, agus a bhí cliste agus tuisceanach i gcónaí maidir le go leor gnéithe den cheol Gaelach agus den traidisiún – thug sé sórt mionléiriú dom faoi sheachadadh thraidisiún an cheoil ó ghlúin go glúin agus na bealaí éagsúla gur féidir leis tarlú. Cinnte, a deir sé, gurb é an modh díreach, duine le duine, an chaoi is fearr – foghlaim agus teagasc ó cheoltóirí nó ó amhránaithe oilte a bheith ar fáil don té atá ag lorg slí isteach chun na scileanna agus na rúin sin a bhíonn beagáinín deacair uaireanta a bhaint amach ag an tosaitheoir agus an dalta.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús