Dánta le Eoin Mc Evoy
Eoin McEvoyOidhreacht an Choirce
Dán don ghníomhaí pobail Tonie Walsh agus do na glúnta ar fad a chuaigh romhainn agus a thóg ár bpobal.
cé a leasaigh an chré
cé a threabh an gort
is a chuir ann é
ach fásann sé ard
is bródúil is saor
a bhuí le lámh strainséara
go deo faoi chomaoin.
Rann do Jack
Rí rua mé i gclúmh caoin do chléibhSpéir gan néal aoibh shéimh do shúl
Leathéin sinne lámh ar lámh
As ár ngrádh a rinne rún
Eoin McEvoy