Dánta le Eoin Mc Evoy

Oidhreacht an Choirce

Dán don ghníomhaí pobail Tonie Walsh agus do na glúnta ar fad a chuaigh romhainn agus a thóg ár bpobal.

Ní thuigeann an coirce
cé a leasaigh an chré
cé a threabh an gort
is a chuir ann é

ach fásann sé ard
is bródúil is saor
a bhuí le lámh strainséara
go deo faoi chomaoin.

Rann do Jack

Rí rua mé i gclúmh caoin do chléibh
Spéir gan néal aoibh shéimh do shúl
Leathéin sinne lámh ar lámh
As ár ngrádh a rinne rún