Eagarfhocal

Seán Mac Risteaird

Fáilte go dtí an móreagrán speisialta seo de Comhar a cheiliúrann 30 bliain ó rinneadh díchoiriú ar an homaighnéasacht i bPoblacht na hÉireann i 1993.

Le roinnt mhaith blianta anuas tá borradh faoin ealaín aiteach agus faoin iniúchadh sóisialta, polaitiúil, agus acadúil a dhéantar ar an gcollaíocht agus ar an ngnéasacht i gcomhthéacs na Gaeilge.

Cé go bhfuil scata scríbhneoirí ag plé leis an aiteacht le fada an lá, Alex Hijmans, Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh, Pádraig Standún, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Seán Hutton san áireamh, is féidir a mhaíomh go bhfuil an oscailteacht nua neamhbhalbh seo ag teacht leis an tírdhreach nua sóisialta agus dlí in Éirinn chomhaimseartha an lae inniu. Feictear na claochluithe sóisialta seo go follasach i reachtaíocht na Poblachta ó 1993 ar aghaidh: ba i 1993 a rinneadh díchoiriú ar ghníomhaíochtaí collaíochta homaighnéasacha; ba in 2015 a tugadh cearta pósta do dhaoine aiteacha, agus ba sa bhliain chéanna a tugadh aitheantas do dhaoine trasinscne leis an Acht um Inscne a Aithint (2015).

I bhfianaise na bhforbairtí seo, is cosúil go mbíonn plátaí teicteonacha na gnéasachta, na collaíochta, agus na féiniúlachta de shíor ag bogadh agus muintir na hÉireann agus an domhain mhóir ag dul i ngleic le tuiscintí nua i leith na bhfeiniméan céanna. Ach le bunú AerachAiteachGaelach, agus an dul chun cinn a rinneadh i léann na Gaeilge i dtaca leis an aiteacht, is mithid an oscailteacht nua seo a cheiliúradh mar chuid d’Fhéile Bhróid na tíre i Meitheamh 2023.

Gheofar sa mhóreagrán seo meascán ilghnéitheach de thaighde, d’iriseoireacht, de shaothair chruthaitheacha a phléann, bealach amháin nó bealach eile, le téama na haiteachta.

Feidhmíonn na scríbhneoirí agus na cleachtóirí seo mar eochair a osclaíonn doirse nua dúinn i léann agus i gcultúr comhaimseartha na Gaeilge. Ach cé gur ceiliúradh é an móreagrán seo, is gá réamhtheachtaithe na haiteachta a lua roimhe ré; na gníomhairí pobail a throid go láidir dár gcearta daonna thar na blianta, na daoine a cailleadh ag tús na paindéime SEIF, nó ‘the gay disease’ mar a thugtaí air, agus na heagrais a sheasann an fód i gcoinne na fuathchainte agus a dhéanann cearta bunúsacha an duine a chosaint fós.

Cé go bhfuil 30 bliain ann ó cuireadh an chéad chloch le carn, tá baol ann go gceapfaí nach bhfuil gá le heagrán den saghas seo nó nach gá an pobal LADT+ a cheiliúradh trí lionsa seo na Gaeilge nó eile.

Tuigimid uilig fás na heite deise i ndioscúrsa na hÉireann agus na hEorpa agus na constaicí atá le sárú fós ag an bpobal mionlaigh agus mionlaithe seo.

Tá súil agam go mbeidh go leor eile le ceiliúradh againn in 2053 agus nach ag dul ar gcúl atá muid mar thír oscailte thuisceanach.

Seán Mac Risteaird

Seán Mac Risteaird ina Ollamh Cúnta le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath