‘Ní fear mé. Is banríon mé’
Déanann Peter Weakliam anailís ar ghearrscéal luath de chuid Phádraig Uí Chíobháin
Foilsíodh céadleabhar Phádraig Uí Chíobháin, an cnuasach gearrscéalta Le Gealaigh, sa mbliain 1991. Faoi dheireadh 1992 bhí dhá leabhar eile leis i gcló, mar atá an t-úrscéal An Gealas i Lár na Léithe agus cnuasach eile gearrscéalta dar teideal An Grá Faoi Cheilt. Cé nach raibh an Cíobhánach ach i dtús a ghairme faoin am sin, ba léir ó na luathshaothair sin gur scríbhneoir é a raibh tallann iontach aige, rud atá cruthaithe aige arís is arís eile ó shin i leith. Rud eile a bhí an-soiléir ná go raibh suim mhór aige i gcúrsaí inscne, feiniméan na haiteachta san áireamh.
Tá tríocha bliain ann ó foilsíodh na saothair thuasluaite, agus is iomaí athrú atá tagtha ar shochaí na hÉireann idir an dá linn. Tír níos oscailte agus níos liobrálaí í Éire anois i dtaca le cúrsaí inscne de, tír ina bhfuil tuiscint níos fearr againn ar go leor rudaí a bhí tráth ‘faoi cheilt’ (ní de thaisme a roghnaíodh teideal sin Uí Chíobháin). Is tráthúil an t-eagrán speisialta seo de Comhar, ina bhfuil cardáil á déanamh ar an aiteacht i litríocht agus i léann na Gaeilge, mar tugann sé deis do léitheoirí athmhachnamh a dhéanamh ar an láimhseáil atá déanta ag an gCíobhánach ar an téama sin ina shaothar thar na blianta.
Faightear léargais ar ghnéithe éagsúla d’fheiniméan na haiteachta i sciar maith scéalta de chuid an Chíobhánaigh, idir ghearrscéalta agus úrscéalta. Ag triall dúinn trí dhomhan ficseanúil an údair, cuireann muid aithne ar fhir aeracha, ar leispiaigh agus ar dhaoine déghnéasacha, chomh maith le carachtair nach gcloíonn le tuiscintí traidisiúnta ar an rud is fear nó bean ann. Is cinnte, mar sin, go mbeadh neart le cíoradh ag an duine a thabharfadh faoi staidéar cuimsitheach ar théama na haiteachta i saothar Uí Chíobháin.
Ní hé an staidéar cuimsitheach sin a gheofar anseo, áfach, ach sracfhéachaint ar scéal amháin a bhfuil téama sin na haiteachta lárnach ann, is é sin an gearrscéal ‘Macho’ ón gcnuasach An Grá Faoi Cheilt. Is ar an léiriú a dhéanann Ó Cíobháin ar phríomhcharachtar an scéil is mó a bheas mé ag díriú, cé go bhfuil gnéithe eile den charachtracht agus den phlota an-spéisiúil freisin (féach an plé a dhéanann de Brún 2015).
In ainneoin go gcríochnaíonn ‘Macho’ le heachtraí a thiteann amach in Iostanbúl na Tuirce, is sa Mheánoirthear atá formhór an scéil suite. Daoine as an Eoraip agus as Meiriceá atá ag cur fúthu ‘i ndúthaigh Arabach’ agus ag múineadh Béarla do ‘nouveaux-riche’ na tíre sin is ea na carachtair (Ó Cíobháin 1992). Dírítear sa scéal ar an gcaidreamh atá idir triúr carachtar – ‘an bhanríon’, ‘an butch’ agus Rebecca – agus ar na cúinsí a ghríosaíonn an butch le Rebecca a dhúnmharú. Cuirtear an bhanríon inár láthair sa gcéad alt den ghearrscéal:
Shiúil an bhanríon síos suas seomra suite a árasáin. Bhí gin agus tonic aige i láimh leis, é gan bhróig, eireaball a léine amuigh faoi mar a bheadh sé i bhformad leis an ainmhí, nó ag tabhairt aitheantais don ainmhí a bhí ina chodladh ann. Shuaitheadh sé an deoch ina dhorn anois is arís. Ansan thógadh sé bolgam leamh tomhaiste as, é ag meá ina aigne conas a chaithfeadh sé an oíche mura dtiocfadh a ghrá bán an butch chuige. (138)
Is mó d’íomhá impriseanaíoch ná de chuntas beathaisnéiseach atá sa sliocht seo, ach tá an beagán eolais a luaitear faoin bpríomhcharachtar fíorshuimiúil.
An chéad rud a thabharfas an léitheoir faoi deara, is dócha, ná an neamhréir idir an t-ainm a thugtar ar an gcarachtar seo – an bhanríon – agus a inscne, de réir mar atá sé á cur in iúl dúinn anseo. Tuigtear dúinn gur fear atá sa bpríomhcharachtar, mar úsáidtear na forainmneacha ‘sé’ agus ‘é’ le cur síos air, ach ar ndóigh is iondúil gur do mhná a thagraíonn an focal ‘banríon’. Ní hamháin sin, ach tá an focal ‘banríon’ baininscneach ó thaobh na gramadaí de. Fágann sé seo go bhfuil cuma beagán aisteach ar an bhfrása ‘a árasáin’ ag deireadh na chéad abairte.
An dara gné den chur síos seo ar an mbanríon arbh fhiú dúinn trácht air ná an léargas a fhaightear ar a staid intinne. Siúlann sé ‘síos suas’ an seomra agus suaitheann an deoch atá ina lámh aige ó am go chéile, dhá rud a thugann le tuiscint go bhfuil míshuaimhneas air. Tá a fhios againn ón abairt dheireanach sa sliocht thuas go bhfuil mífhoighne air agus é ag fanacht lena ghrá, an butch. Ach an bhfuil cúis eile leis an gcorraíl seo? Ní fhreagraítear an cheist seo sa gcéad alt, ach tuigfidh an léitheoir géarchúiseach gur ceist í a chaithfear a fhreagairt.
Ceist eile nach mór don léitheoir dul i ngleic léi ná cad is brí leis an íomhá den ainmhí sa sliocht seo. Tá imeartas focal le sonrú sa gcéad chuid den tsamhail sin, ina gcuireann Ó Cíobháin eireaball léine i gcomparáid le heireaball ainmhí: ‘eireaball a léine amuigh faoi mar a bheadh sé i bhformad leis an ainmhí’. Feictear dom, áfach, go bhfuil níos mó i gceist leis an gcur síos ag deireadh na habairte ar an ‘ainmhí a bhí ina chodladh ann’. D’fhéadfaí é seo a léamh mar thagairt d’éabhlóid an chine dhaonna, ábhar atá pléite ag an gCíobhánach i scéalta eile dá chuid. Ach sílim go dtagraíonn sé freisin do chuid de phearsantacht nó de shícé an phríomhcharachtair atá gan chomhlíonadh. Ní fios dúinn ag an bpointe seo an éireoidh leis an mbanríon an chuid neamhchomhlíonta sin dó féin a shásamh – an ndúiseoidh an t-ainmhí atá ina chodladh ann.
Leantar leis an léiriú ar an mbanríon sa dara halt den scéal, agus arís tarraingítear aird ar chúrsaí inscne. Lasann an bhanríon toitín ‘d’aon ghluaiseacht bhanúil amháin’, ach ina dhiaidh sin scaoileann sé ‘an deatach siar síos go fearúil ina scamhóga’ (138). Is mar fhear – ‘stráice fir’ (139) – atá an carachtar seo á chur i láthair go fóill, ach tugtar le fios go bhfuil cáilíochtaí áirithe aige a shamhlaítear níos minice leis na mná.
Cuireann muid aithne níos fearr ar an mbanríon diaidh ar ndiaidh. Dealraíonn sé ón gcéad chúpla leathanach gur fear aerach atá ann, óir luaitear iarleannán fireann dá chuid, Anraoi, agus cuirtear síos ar an gcaidreamh collaí atá aige anois leis an mbutch, ar fear Meiriceánach é. Glacann an butch ‘páirt an fhir’ sa gcaidreamh seo, agus fágtar faoin mbanríon ‘páirt na mná’ a ghlacadh – leath-thagairt, is dócha, do nósanna na beirte sa seomra leapa (141).
An tríú carachtar atá tábhachtach sa scéal, i dteannta na banríona agus an butch, ná Rebecca, bean heitrighnéasach atá ar thóir fir. Deirtear linn go ndearna Rebecca iarracht an butch a mhealladh tamall ó shin ach gur dhiúltaigh sé di (bhatráil sé í freisin le teann feirge). Chuir sí suim sa mbanríon ina dhiaidh sin, agus le linn an scéil cuireann sí brú air a bheith mar leannán aici. Níl aon suim ag an mbanríon i Rebecca, ach teipeann air an ruaig a chur uirthi. Oíche amháin tar éis dóibh a bheith ag ól i bhfochair a chéile, géilleann sé di agus luíonn léi.
An mhaidin dár gcionn tagann náire agus aiféala ar an mbanríon, agus cuireann sé amach a bhfuil ólta aige, gníomh ar geall le próiseas purgaithe é. Ach in ainneoin go gcuireann Rebecca ‘déistin’ air (146), éiríonn léi é a mhealladh chuig an leaba an dara huair, agus iad ar deargmheisce arís:
Bhí an deoch chéanna orthu agus bhí an neamhthairbhe chéanna ag baint lena gcaidreamh leapan. Níor chuimhin leis an mbanríon faic. Bhí sé níos duibhe ná riamh agus é ina sheasamh ina chipín os comhair a scáthán an mhaidin ina dhiaidh sin. Tháinig na huirlicí céanna air istigh sa leithreas. (147)
Griogann iompar Rebecca an butch chun feirge, agus ag deireadh an scéil maraíonn sé í le beaignit d’fhonn díoltas a imirt uirthi agus d’fhonn a ghrá geal, an bhanríon, a chosaint uirthi. Tar éis dó an t-ainghníomh seo a chur i gcrích, treoraíonn an butch an bhanríon chuig an leaba, agus is leis na focla seo a leanas a chríochnaíonn an gearrscéal: ‘Bhí an cogadh thart. Filleann an grá i ndiaidh an fhoréigin’ (152).
Mar a luaigh mé ar ball, is é an léiriú a dhéanann Ó Cíobháin ar phríomhcharachtar ‘Macho’, an bhanríon, is mó is cás liom san aiste seo. Tugann na sonraí atá pléite agam go dtí seo le fios gur fear aerach atá sa mbanríon – fear a bhfuil luí aige le hiompar atá ‘banúil’, ach fear mar sin féin. Tuigtear do gach carachtar eile (a leannán san áireamh) gur fear é agus úsáidtear forainmneacha firinscneacha le cur síos air síos tríd an scéal.
Caitheann comhrá a tharlaíonn idir an bhanríon agus Rebecca i dtreo dheireadh an scéil amhras mór ar an tuiscint seo, áfach. Seo mar a labhraíonn an bhanríon sa gcomhrá sin:
‘Ná tuigeann tú cad é an scéal agamsa é?’ arsa é sin. ‘Ní féidir liomsa go deo, deo,’ agus ghread sé a dhoirne maide ar a ghlúine cipín, an gol ag éirí go síleáil, ‘aon tsásamh a thabhairt duitse. Ní fear mé. Is banríon mé. Is bean mé teanntaithe i gcló fir, agus gan aon choit chóir faoin gcló san féin. Conas ná tuigeann tú é sin? Gach aon oíche agus tú anso leagaim mé féin amach le deoch mar nach nádúir dom a bheith i mo stail. Ní stail mé. Is bean mé, bean, bean, bean. Conas a chodlófá le bean eile? Ní dhéanfá más fir atá uait. Is é an butch atá uaimse.’ (148)
Is é atá á mhaíomh ag an mbanríon anseo, go soiléir neamhbhalbh, ná gur bean í ar ráinig di teacht ar an saol i gcló fireann. Ceileann an cló sin an fhírinne ar chách, rud a chuireann míshuaimhneas millteanach uirthi agus a thugann uirthi dul ar an ól chun faoiseamh de shaghas éigin a fháil.
Nuair a chuirtear an mhír seo san áireamh, is é an léamh is bailí ar chás na banríona, dar liom, ná gur bean thrasinscneach í. Tá sí fós á cur féin i láthair mar fhear, ach tuigeann sí nach dual di an fhéiniúlacht sin. Míníonn an léargas seo an neamhréir a fheictear i léiriú an charachtair seo ó thaobh cúrsaí inscne de – neamhréir a bhfaigheann muid spléachadh uirthi sa gcéad abairt den scéal agus a chuirtear abhaile orainn síos tríd.
Déanann an Cíobhánach léiriú báúil cumhachtach ar an míshuaimhneas agus ar an gcoimhthíos a mhothaíonn an bhanríon de bharr nach bhfuil a cuid tréithe fisiciúla ag teacht leis an tuiscint atá aici uirthi féin mar dhuine, feiniméan ar a dtugann síceolaithe ‘diosfóiria inscne’ sa lá atá inniu ann. Caitheann sé solas freisin ar chuid de na bacanna a chuirtear ar dhaoine trasinscneacha in Éirinn agus ar fud an domhain, óir léiríonn sé nach bhfuil an bhanríon saor chun a saol a chaitheamh mar is mian léi. In ainneoin nach duine trasinscneach é féin, cruthaíonn Ó Cíobháin pictiúr sa scéal seo a thagann le cuntais atá scríofa ag daoine trasinscneacha ar a dtaithí féin thar na blianta – leithéidí Conundrum le Jan Morris (1974) nó Becoming a Visible Man le Jamison Green (2004), gan ach dhá eiseamláir a lua. Ní hionann seo is a rá go mbíonn taithí mar seo ag gach duine trasinscneach, ach ciallaíonn sé gur cur síos réalaíoch atá sa ngné seo de scéal Uí Chíobháin.
Tá seans ann go gceisteoidh léitheoirí áirithe an úsáid a bhaineann an Cíobhánach as na forainmneacha ‘sé’ agus ‘é’ (seachas ‘sí’ agus ‘í’) agus é ag cur síos ar an mbanríon. Ní mór a choinneáil i gcuimhne, áfach, gur ag tús na nóchaidí a foilsíodh ‘Macho’, nuair nach raibh na nósanna céanna i réim i sochaí na hÉireann maidir le forainmneacha, téarmaíocht agus eile. Nochtann an Cíobhánach dearcadh forásach tuisceanach ar dhaoine trasinscneacha sa scéal, agus níor chóir dúinn é a cháineadh as gan cloí le coinbhinsiúin an lae inniu. Lena chois sin, ní dóigh liom go mbeadh an scéal chomh héifeachtach céanna, ná go bhfaighimis léargas chomh grinn céanna ar shaol an phríomhcharachtair, dá gcuirfí inár láthair í mar bhean ón tús. Is cinnte nach mbeadh na focla a deir an bhanríon le Rebecca chomh cumhachtach is atá dá mbeimis ag súil leo.
Tá banríon seo Uí Chíobháin ar dhuine den bheagán carachtar trasinscneach atá againn i nualitríocht na Gaeilge. Sílim go bhfuil gá ag pobal na Gaeilge le tuilleadh scéalta a bhaineann le taithí daoine trasinscneacha, agus tá sé tábhachtach go gcloisfí glórtha daoine a bhfuil an fhéiniúlacht sin acu féin go háirithe. Bímis buíoch den Chíobhánach as cur leis an gcomhrá seo, agus nára fada
go spreagfaidh sé scríbhneoirí eile le dul i mbun pinn.