Aimhe

Gearrscéal nua le Ceri Garfield

Ní deirtear linn go mbristear sinn. Ní luaitear claochló, nó athchló, fiú. Ní léirítear comhbhá. Ní deirtear go mbristear sinn… go dtagann rud éicint anuas os na harda ina splanc mhistéireach ’s go mbuailtear sinn díreach i gceartlár an choirp. Go ndéantar an corp a scoilt ina dhá leath, agus ní sinne atá ann níos mó ach na píosaí briste seo. An leath díot a bhí ann ó bhí tú féin i do pháiste agus an leath nua seo nach bhfuil tuiscint agat fós air.

Scréachann an páistín nuabheirthe. Lastar solas dalltach i do cheartlár istigh, san áit amh, úr, briste. Scréachtar arís go méadaítear an solas, go scuabtar é ina rabharta ar fud an choirp, go líonann sé an croí, an t-anam, an inchinn. Imíonn an t-amharc ort, dúntar do chluasa ar gach aon torann eile ar domhan. Snámhann an fhuil ina samhnas ionat, lastar na néaróga leis an eolas nua seo, go dtí go mbíonn gach aon phioc díot ainbhríoch ar rud ar bith eile seachas glór do linbhín ’s go bhféadfá é a aithint thar ghlór ar bith eile ar an saol seo… go dtí pointe seo na heactaise, nuair a thugtar d’amharc ar ais duit agus go bhfeiceann tú thú féin mar atá i d’fhallaing fhuilteach san ospidéal máithreachais.

Snámhann sé ó mo bholg aníos, a ghéaga beaga bídeacha ar a míle dícheall sa manglam allais agus fola. Gráim é ó bhonn go baithis. Gráim a cheann beag fliuch mar a dhéanann sé ar mo chíoch, a shúile druidte ar nós coileáin, gnúsacht mhuice as le teann díograise. Dide aimsithe aige agus diúlann sé leis.

‘Caithfear na táibléidí a thógáil go ceann coicíse, a Mháire. Tabharfaidh mé oideas duit.’

Is ar éigean a fheicim an dochtúir, mé dallta mar atáim ag soilse na síleála agus mé droim síos ar an leaba ospidéil. An cóta é sin air nó róba mór? Shílfeá nach mbeadh a leithéid d’éide air sa lá atá inniu ann… cóta atá ann, is dóigh. Caithfidh go bhfuil sé ar a bhealach abhaile, mar níl sé fuar istigh anseo. Siúlann sé go bun na leapan anois agus déanann mo chairt a scrúdú, a ghluaiseachtaí nósúla ag cur sciathán an chóta ag flapáil leo. Cuireann sé sagart paróiste m’óige i gcuimhne dom agus an chaoi a siúladh sé chun na haltóra ina éide chródhearg. I nduibheagán mo chuimhní feicim anois é trí lionsa nua, é ag siúl leis an mheánlann aníos amhail is gur conair na breithe é. É ag útamáil leis trí shearmanas agus pápaireacht chun corp Chríost a bhreith as taibearnacal na haltóra, nuair a dhéanfadh bean go héasca é le nádúrthacht a coirp.

‘Deirtear liom go mbreathnaíonn na greamanna go maith. Labhróidh an bhean chabhrach tuilleadh leat fúthu sula scaoilfear abhaile thú… conas tú féin a ní i gceart agus mar sin de – tá a fhios agat féin.’

Ardaíonn sé a dhearc oiread na fríde ón gcairt ach ní bhreathnaíonn sé san aghaidh orm. Cuireann an leanbh sa gcliabhán grág as agus bogtar beirt chun siúil, an dochtúir chun an chairt a leagan ar ais agus imeacht leis, agus mise chun an linbhín a phiocadh suas.

Tá sé gleoite. Gach unsa de díreach ceart. Mo mhacínse. Céadghin mo bhroinne. Cuachaim le m’ucht é agus déanaim ar an gcathaoir cois fuinneoige. É ocrach. Casann sé a cheann anonn is anall ag cuartú na cíche, a bhéilín fliuch ag diúl ar dhealrachán, ar ghruaig, ar smig. Lasmuigh sa saol, is ionann dul an lae inniu agus dul an lae inné. Istigh anseo i seoimrín an ospidéil tá ciúnas agus sonas, solas na gréine ag scaladh orm féin agus ar an linbhín ar mo chíoch. A lámh bheag bhídeach i mo dhornsa agam, a shúile dúnta, a smig suas agus síos léi, é ag diúl an bhainne go deas réidh. Míorúilt na beatha. Níor thuig mé riamh go raibh mé in ann rud chomh hiontach leis a dhéanamh.

Suím siar ar mo chompord agus breathnaím timpeall an tseomra. Arís agus arís eile a rinne mé cúrsa den leaba sin inné ag fanacht ar an linbhín seo réabadh asam. An mé a bhí ann, nó bean eile ar fad? Bean nach raibh gasúr ar bith aici, b’fhéidir, fearacht mo sheanaintín Nóra. Is cuimhin liom na samhraí fadó nuair a théadh sí ar oilithreacht Loch Dearg agus an fiabhras a bhíodh uirthi ar theacht abhaile di. Trí lá caite cosnochta ar troscadh aici, í ag siúl thart agus ag dul ar a glúine ar chlocha taise. Teocht ard agus rámhaille ansin. Na péarlaí allais a chruinníodh ar a clár éadain. Na súile lán-oscailte agus a hamharc ag díriú ar áit éigin os ár gcionn agus i bhfad i gcéin. Cráifeacht agus creideamh. Ainnise agus aoibhneas. Iad sin ceathrar den gheábh céanna.

‘Dinnéar!’ arsa bean agus í ag brú an dorais roimpi le tráidire atá ag cur thar maoil le soithí agus clúdaigh orthu leis an mbia a choinneáil te. ‘Muiceoil agus fataí,’ ar sí de ghlór séimh cineálta agus í ag breathnú ar an leanbh ar m’ucht. Leagann sí an tráidire ar bhoirdín le mo thaobh agus líontar mo pholláirí le boladh galánta fataí ime. ‘Ó nach álainn an gasúirín é,’ ar sí ansin, í ag cuimilt a leicinn phlucaigh agus súil á caochadh aici orm. Líontar mo shúile féin le deora agus cromaim mo cheann le póg a thabhairt don pháistín. ‘Bain súp as do bhéilí,’ arsa an bhean liom agus í ag brostú léi arís, an doras á fhágáil ar luascadh ina diaidh.

Ardaím an clúdach rud beag den phríomhphláta agus ligim don bholadh uisce a chur le m’fhiacla. Is fada ó thae tur anois muid, a leanbh! Tá a bhéal oscailte ina O beag aige agus é ag breathnú orm, nó tríom b’fhéidir, le cuma seo an iontais air. Seasaim leis. Brúchtaíl. Clúidín nua. É á shuaimhniú ar ais ina chliabhán. Agus ithim.

Tamall eile agus ní thuigim an é inné nó amárach nó inniu fós atá ann. Caithfidh gur thit mé i mo chodladh. Cé seo atá ag bagairt anois orm? Fear nó bean? Bean. Bean mhór ramhar agus boladh láidir díghalráin uirthi. Tá strainc ar a haghaidh, í ag cromadh anuas thar chiumhais na leapan chugam ’s í ag béicíl orm nuair atá sí sách gar dom gur leor sioscadh. Chloisfinn an sioscadh féin dá mba ann dó, ach an bhéicíl seo! Táim bodhraithe aici. Brúnn sí a haghaidh níos gaire dom, a huaireadóir slabhra ag titim amach as póca a culaithe agus é ag luascadh leis go fíochmhar. Dath corcra ag leathnú óna muineál aníos de réir mar a théann a liopaí ag flapáil leo agus an bhéicíl ag cur na bhfocal as a riocht sula mbeireann mo chluas éisteacht dóibh. Freangaim uaithi de gheit, aibhneacha péine ag cúrsáil tríom ón bpis aníos ag tobainne na gluaiseachta. Sánn sí a lámha tharam le breith ar an leanbh le mo thaobh. Agus seo aníos le mo lámha féin ag iarraidh é a chosaint uaithi. Iontas ar a haghaidh siúd anois ach is cuma liom ach amháin mo pháiste. Cúlaíonn sí agus sracann mo leaba amach as an mballa.

‘Céard atá mícheart leat?!’ ar sí agus í ag timpeallú na leapan de rúid. ‘Istigh ina chliabhán is cóir dó a bheith. An cliabhán a deirim!’ agus tógann sí an leanbh aníos den leaba go héasca. ‘An é gur cuma leat faoi shábháilteacht an linbh?’

Bior nimhe ar a súile ag amharc ar ais orm agus mo linbhín á leagan sa gcliabhán aici. Tosaíonn sé ag caoineadh láithreach bonn. Tá an ráille leapa greamaithe in airde, mé ag streachailt len é a chur síos agus díoscán á bhaint as an seanmhiotal agam.

‘Fan tusa mar atá. Ní chóir duit éirí den leaba. D’inis an dochtúir dom go mbíonn tú ag siúl thart faoin seomra, bhuel ní chneasóidh na greamanna duit ar an gcaoi sin, a chailín!’

Léimim thar an ráille. Béicíl aisti siúd. Caoineadh an linbh i gcónaí ann. Deifrím idir an bhean seo agus an cliabhán beag plaisteach, an fhuil ag preabarnach sna cluasa orm agus an chuma atá orm ag cur scéine sa mbean úd. Ar feadh soicind smaoiním ar an gcaora a thug uan ar an saol an t-am úd sa gcábán, nuair ba pháiste mé. Caora shocair a bhí inti, a bheathaigh muid féin le buidéal ó bhásaigh a máthair le linn a breithe agus a lean sinn timpeall na feirme ó shin i leith go dtí an lá sin féin nuair a chuaigh sí i bhfolach sa gcábán lena huainín a bhreith. An chaoi ar scanraíodh í nuair a tháinig mé féin ’s mo dheirfiúr uirthi. An t-uan á chosaint aici uainn. Leag sí an bheirt againn go talamh. Ní hé go ndéanaim amhlaidh leis an bhean seo san ospidéal, ach mothaím an chumhacht sin ionam, láidreacht nach raibh a fhios agam a bheith ann cheana. Ardaím mo linbhín agus teannaim le m’ucht é, á mhuirniú len é a chur ar a shuaimhneas.

‘Bhuel sin sin! Ní féidir leat a bheith ag pramsáil thart ar an mbarda seo mar a bheadh gabhar sléibhe ann!’ A lámha ar a gorúin aici, í ag iarraidh a hanáil a fháil léi. Casann sí uaim soicindín agus ar ais chugam arís. ‘Cuir ar ais ina chliabhán é,’ ar sí go mall, meáite, mearaithe.

‘Ní chuirfidh.’

‘Cuirfidh.’

‘Ní chuirfidh.’

‘Is é polasaí an ospidéil seo ná leanaí a choinneáil slán, sábháilte, ina gcodladh i gcliabháin. Cuir an leanbh sin ina chliabhán.’

Casaim uaithi agus déanaim ar an leaba go deas réidh. An bhean taobh thiar díom ag osnaíl mar a bheadh traein ghaile ann.

‘Cé tusa?!’ ar sí go tobann. ‘Cé thú, a ghirsí, agus gothaí na galántachta ort?’

Ní thugaim de fhreagra uirthi ach dreapadh thar an ráille agus ar ais sa leaba liom in éindí le mo linbhín. Luím siar agus socraím an leanbh isteach le mo thaobh, piliúir á dtarraingt mórthimpeall orainn le muid a choinneáil slán ar fhuacht mhiotail an ráille. Anseo sa leaba tá gach atá tábhachtach dom ar an saol seo. Grá buan daingean nach féidir a scaoileadh.

‘Níl a dheireadh seo cloiste agat fós, a chailín,’ ar sí agus í ag imeacht léi an doras amach.

Cuimlím éadan álainn mo mhic. Pógaim a bhaithis ’s déanaim é a chur ar a thaobh le go luífimid le chéile, aghaidh ar aghaidh. Cé mise, ar sí. Ní cailín atá ionam níos mó, sin cinnte. Pógaim arís é agus geallaim dó leis go ndéanfaidh mé mo mhíle dhícheall é a chosaint ar feadh mo shaoil. Osclaíonn mo mhaicín a shúile geala gorma. Breathnaím go domhain iontu. Cad atá ionam ach máthair? Cé mise ach an té a bhreathnaíonn caol díreach isteach in aghaidh Dé.