Banscríbhneoirí bisiúla ár linne

Banscríbhneoirí bisiúla ár linne

Eagarfhocal

Beirt bhanscríbhneoirí Gaeilge a bhí ar eolas ag Nuala Ní Dhomhnaill nuair a chuaigh sí i mbun na filíochta an chéad lá: Caitlín Maude, a casadh uirthi ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman sa bhliain 1969 agus Máire Mhac an tSaoi, ar léigh sí a cuid dánta ar scoil. Bhí mná eile ann, ar ndóigh, ach gur ligeadh brat mór díchuimhne anuas orthu agus gan ach tagairtí fánacha le fáil dóibh sa scoláireacht ar thraidisiún na nGael. San aiste cháiliúil ‘What Foremothers?’, d’aithin Ní Dhomhnaill gur fáisceadh cuid éigin dá fuinneamh cruthaitheach féin as an dóchas a bhí aici go mbunófaí canóin nua lá éigin, canóin nach gcosnódh an éagsúlacht ach a chothódh í.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús