Ag briseadh na rialacha
Is scéalta iad Deirdre agus Bláthnaid a phléann le ceisteanna móra an tsaoil, a deir Lára Ní Mhaoláin
Is scéalta cáiliúla i dtraidisiún na Rúraíochta iad Deirdre nó Loingeas Mhac Uisnigh (2023) agus Bláthnaid nó Oidhe Chú Raoi mhic Dáire (2024) a bhfuil beocht nua curtha iontu ag Darach Ó Scolaí. Is údar é a thuigeann saibhreas an traidisiúin agus a bhfuil obair den chéad scoth á déanamh aige chun litríocht ársa na tíre a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tar éis dom fíorthaitneamh a bhaint as an leagan nua a chuir sé ar fáil d’eipic na hÉireann, Táin Bó Cuailgne (2017), bhí mé ag súil go mór leis an dá scéal seo (atá ceangailte leis an traidisiún céanna) a léamh. Tá cosúlachtaí idir Deirdre agus Bláthnaid mar scéalta – triantán grá mar mhórthéama iontu, mná áille ach iad trioblóideach mar phríomhcharachtair, agus conclúidí tragóideacha a ardaíonn ceisteanna in aigne an léitheora faoi ról na bhfear agus na mban i seansochaí na tíre.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús