Leo imithe, Simon tagtha
Pól Ó MuiríGeallann Pól Ó Muirí nach mbaintear úsáid as intleacht shaorga ar bith chun Meascán Uí Mhuirí a chur le chéile
Imeacht, iontas agus aiféaltas
Lá den tsaol, agus Leo ag imeacht, lasfá an raidió nó teilifíseán le fáil amach an raibh tuairim ag duine ar bith cad chuige agus cad é a bhí ag tarlú. Bheadh a fhios agat nach mbeadh a dhath ar bith ar na nuachtáin go dtí an lá dár gcionn.
Sa lá atá inniu ann, agus Leo ag imeacht, las gach aon duine na meáin shóisialta le fáil amach an raibh tuairim ag duine ar bith cad chuige agus cad é a bhí ag tarlú. Bheadh a fhios agat nach mbeadh a dhath ar bith ar na nuachtáin go dtí an lá dár gcionn – ach is maith a thuigeann tú faoin am seo nach bhfuil fiacha ort fanacht leis na seansaoistí a thuilleadh.
Lá den tsaol, bheadh na nuachtáin, na nuachtáin mhóra mhaithe chéimiúla, ag dúil go meallfadh clú na gcolúnaithe léitheoirí le cúpla pingin a chaitheamh le hanailís agus sáreolas na saoithe a léamh an lá dár gcionn. Cur agus cúiteamh a bhí ann ar ghlac cuid mhór léitheoirí leis; bíodh is go raibh an nuacht mall sa dúch, b’fhearr a bheadh an díospóireacht i gcló ná an driopás dall ar líne.
Sa lá atá inniu, agus Leo ag imeacht, ní bhacann an méid céanna daoine leis an nuacht mhall sa dúch ar chor ar bith ach cíorann a bhfuil le cíoradh ar líne a luaithe agus a chuireann arm seasta (cóipcheart Patrick Kavanagh) an idirlín méar le méarchlár. Bhí tuairimíocht a bhí maith, olc agus measartha le fáil, cuid mhór di saor in aisce, faoi imeacht Leo, sula raibh deis ag lucht nuachtán “stadtar an preas” a rá.
Anailís níos fiúntaí, níos meáite ag iriseoirí na nuachtán a bhfuil fios a ngnóithe acu ar na nuachtáin go fóill, a deir tú? Bhuel, ba léir nach raibh tuairim dá laghad ag na boic mhóra mheasúla go raibh Leo le himeacht agus ní chuireann sé sin lena gclú. (Sea, ní fhaigheann gach iriseoir gach scéal ach ní bhfuair aon iriseoir aon scéal an iarraidh seo.)
Is fíor, cinnte, nach raibh an t-eolas céanna ag iriseoirí craolta nó idirlín ach an oiread. Ach is féidir leo a n-aineolas a chúiteamh, agus a n-aiféaltas a cheilt, le cur i láthair tapa práinneach agus léim láithreach a thabhairt ar dhiallait na díospóireachta. Tuigeann an pobal fosta nach bhfuil an acmhainn chéanna airgid nó daonna ag mórán de na suíomhanna idirlín agus atá ag na meáin thraidisiúnta.
An mbíonn siad ag súil le scúp den tsórt sin acu nó an leor acu an freagra mear agus scéal den tsórt seo i ndiaidh briseadh? Agus ó tharla nach raibh aon eolas taobh istigh ag na hiriseoirí atá, bhuel, ar an taobh istigh, cad chuige a dtabharfá airgead dóibh as an anailís s’acu an lá dár gcionn?
Ceannaíonn an scríbhneoir seo aon nuachtán laethúil amháin go rialta agus, i gcás scéil mhóir, ceannóidh mé cúpla nuachtán sa bhreis – má fheicim a dhath ar bith le hiriseoir a bhfuil muinín agam as/aisti. Déarfainn, ámh, nach amhlaidh an scéal i gcás cuid mhór mhaith daoine eile. Aisteach go leor, bíodh is gur ghin imeacht Leo neart cinnlínte agus ábhar cainte, buille eile do na nuachtáin thraidisiúnta a bhí ann; níor bhris siad scéal arbh fhiú a bhriseadh agus chuir sin leis an bhris atá ann idir iad agus léitheoirí, agus iar-léitheoirí, cheana féin.
Dúbaltubaiste, mar a déarfá.
Slán agus oíche mhaith
Cibé, ní bheidh cumha ar dhuine ar bith le Gaeilge i ndiaidh Leo agus ní bheidh fáilte ag duine ar bith le Gaeilge roimh cheapadh Simon. Léirigh agus léiríonn siad beirt meon Fhine Gael i leith na teanga le fada anois – ar éigean go mbacann siad leis an ‘chúpla focal” féin’ a úsáid.
Ba mhaith mar a léirigh eagarthóir na hirise seo, Seán Tadhg Ó Gairbhí, meon cheannaire nua Fhine Gael i leith na teanga in alt ar Tuairisc.ie, agus é ag spochadh as cinneadh Harris tús a chur le hóráid le ‘Oíche mhaith’.
Ní raibh a fhios ag Harris, ná ag a chuid comhairleoirí, cad é an botún a bhí i gceist aige agus é ag cur tús lena ré mar thaoiseach. Is bocht an chéad súimín a bhain Simon as cupán na teanga.
Bhuel, óicé.
Lena chois sin, bhí sé le rá ag lucht na teanga lá den tsaol go dtiocfadh leo ‘náire’ a chur ar Fhianna Fáil gníomhú ar a son. Faraor, ní thiocfadh leat náire de shórt ar bith a chur ar Fhianna Fáil anois ó dhíol siad iad féin le Fine Gael mar bhrollachbhráithre.
Ó tharla fosta go bhfuil ceangal na gcúig gcaol ag an chóras polaitíochta ar an ‘earnáil’ teanga le fada anois, aka, Foras na Gaeilge agus na heagraíochtaí a mhaoiníonn siad, cad é an dóchas atá ann go dtiocfadh feabhas de chineál ar bith ar chúrsaí teanga idir seo agus an chéad olltoghchán eile, nó ina dhiaidh sin fiú?
Ulchabhán agus ulchabhán eile
Ní minic a fheiceann tú ulchabhán i mbun eitilte. Chonaic mise ceann acu aon uair amháin agus mé i mo shuí go han-luath; de thaisme a mhothaigh mé a scáil sa spéir os mo chionn le moch na maidine. Chuir méid an éin féin iontas orm, a sciatháin sínte le breacadh an lae, agus ní fhaca mé ceann ar bith ó shin.
Chuir mé spéis mhór sa nuacht, mar sin féin, go raibh ulchabhán anois le feiceáil (á neadú, b’fhéidir?) fá shléibhte Bhéal Feirste. Is fada fada ó chuir athruithe feirmeoireachta agus timpeallachta an ruaig ar an éan álainn uasal seo as mórán dá chuid ceantracha traidisiúnta. Dea-scéala ar fad, mar sin, go bhfuil, ar a laghad, éan amháin i ndiaidh pilleadh ar a fhearann dúchais. Bíonn gach tús lag, deirtear, ach tús is ea tús.
Ní fada ina dhiaidh sin go n-insíonn mac tréidlia, faoin tuath, dom go bhfuil ulchabhán faoina gcúram. Briseadh a sciathán agus tá siad ag tabhairt aire dó go mbíonn biseach air. Níl fáilte roimh chuairteoirí, ar ndóigh, ar eagla eagla a chur ar an ulchabhán ach seolann sé pic chugam agus sin an t-éan le feiceáil ar chúl a cháis – an Harry Potter iomlán!
Nára fada go raibh sé i mbun eitilte arís agus, b’fhéidir, ag tabhairt cuairt ar Bhéal Feirste?
Spioróg ag seilg
Cosúil le mórán daoine eile, fágann muid bia sa gharraí do na héanacha beaga sa gheimhreadh i ndúil is go gcuideoidh sé leo an tráth sin bliana. Tharla nach raibh mórán éanacha beaga le feiceáil le tamall agus thosaigh a chur ceisteanna ar na comharsana. Níorbh fhada go bhfuarthas an chúis – spioróg agus í ag déanamh a coda sna garraithe. Cothaíonn muid na héanacha beaga agus cothaíonn an spioróg a scallamáin leis na héanacha beaga céanna.
Is ait an mac an dúlra.
Intleacht shaorga
Ábhar cainte, nó cáinte b’fhéidir, a bhí sa chinneadh a rinne lucht moltóireachta an Pulitzer, ceann de na gradaim is céimiúla i saol iriseoireachta na Stát Aontaithe, go mbeadh cead ag iriseoirí roinnt sleachta a bhí cumtha ag intleacht shaorga (AI) a chur ina gcuid alt. Saothar an duine agus saothar an ríomhaire a bheas ann feasta, is cosúil.
Ba mhaith liom a dheimhniú do léitheoir(í) an cholúin seo nach mbaintear úsáid as intleacht shaorga ar bith agus an colún seo á scríobh – ná intleacht ar bith anois ó dhéanaim mo mhachnamh air.
Pól Ó Muirí