An tArracht Thoir

Dán nua le Gearóid De Briotún



Fear ag glanadh fola d’fhardoras lúbtha
is gaolta leis sínte faoi bhraillíní bána.
Leoithne ghéar an fhuatha ag éirí
go bagrach trí bhrothall lae
san Arracht Thoir.

Mná taobh le taobh i ngairdín
i Kibbutz Be’eri.
A dtithe réabtha ar a gcúl
iad ag breathnú rompu siar
ar dheatach liathgheal
ag brúchtadh ó dhíonta Gaza
ar fhíor na spéire
san Arracht Thoir.

Girseach bheag ar a gogaide,
a súile marbha ag stánadh ar
smionagar ar shráid thréigthe
i Khan Younis
Is deannach an éadóchais
ag titim go mall anuas ar a
gúna caite smeartha
san Arracht Thoir.

Fear creathach ceangailte
de bhalla tais ag slabhra sleamhain
i seomra caol dorcha faoi thalamh Rafah.
Plimp is tuairt bhuamaí is sliogán
á chiapadh de shíor
san Arracht Thoir.

File é Gearóid de Briotún