Dallach dubh
Gearrscéal nua le Seán Ó Muireagáin
An mbíonn aon rud mar a shíltear é a bheith? Na cinntí a dhéanann muid féin ach go háirid, agus mar a insíonn muid dúinn féin cad chuige a dtearn muid é ar an chéad dul síos. Níor dhiúltaigh mé é, níor dhiúltaigh mise aon duine ariamh. Níl a fhios agam an nós é nó díth. Ag súil go mbeadh dúil aige ionam, nó go díreach le bheith gnaíúil, nó rud inteacht nach mé.
Duine a raibh smear-aithne agam air a d’iarr lóistín orm ar feadh cúpla seachtain, sin uilig. Scar sé lena chailín i ndiaidh cúig bliana. An fhírinne lom, níor thuig mé ariamh caidé an bua a chonaic sí ann, níor fhóir sé di. Bhuel, sin a shíl mé féin. Ach de réir achan chosúlacht bhí an chéad cheithre bliana acu go hiontach, bhí achan duine in éad leis, bhuel bhí mise in éad leis.
Caithfidh mé a bheith cothrom anseo, bhí nóisean agam do Róise ariamh anall, sin an bhean s’aige, dála an scéil. Cóir a bheith gur dhúirt mé sin léi tamaillín sular thoisigh sí ag siúl amach le mo dhuine, Cathal, eisean. An bhfuil a fhios agat, ní raibh a shloinne agam ariamh, níl go fóill.
Bhíodh cúpla deoch againn le chéile nuair a bhí muid in aon ollscoil le chéile. Chan le Róise, le Cathal, ní raibh deoch ná aon rud eile agam le Róise ariamh, cé go raibh sise in aon rang liom san ollscoil. Grá ó chian agam di ariamh.
Ní fhaca mé Cathal arís ar feadh blianta, gearrfhéachaint fiú. Agus gan choinne, gan súil, sin é ar ais i mo shaol.
An t-ól, sin an rud a raibh an lámh is fearr aige air thar aon rud eile. Ach sin ráite, ní dheachaigh sé sa cheann dó a bheag nó a mhór. Ní fhaca mé ariamh ólta é, súgach go cinnte ach chan ar meisce. Níor lig sé é féin síos ariamh leis an ól. Anois, mise, sin scéal eile. Is iomaí uair a bhí mé féin náirithe fá shuarachas m’iompair agus mé ar an ól. Seans gur an bua sin a chonaic Róise ann ariamh.
Tá bearnaí cuimhne chomh fada sin agam nach n-amharcaim siar ar na blianta sin níos mó, nó níl aon fhianaise agam go cinnte go raibh mé féin ann fiú. Is iomaí comhrá a bhí ann ina dhiaidh sin le cairde, bhuel, leathchairde, nó, daoine aitheantais, déanta na fírinne, comhghleacaithe ollscoile den chuid is mó, agus bheinn ag croitheadh mo cheann in aontú leo, ach gan cuimhne ar bith agam ar an eachtra a bhi idir chamáin. B’éigean domh rudaí a chumadh ar an toirt nuair a cuireadh ceist orm. Ach sin mar a bhí i m’óige. D’éirigh mé as sin uilig i lár m’fhichidí. Ní ólaim ach corruair anois agus fíorbheagán le bheith cothrom domh féin.
An Cathal seo, mar sin de. D’iarr sé cead fanacht liomsa tamaill.
‘Cúpla seachtain, sin uilig. Geallaim duit!’
Ceann de na hamanna ciotacha sin; sílim gur ag seachaint na coimhlinte a bhí mé; ag iarraidh mearbhall a chur air nó go díreach; ag fanacht ó m’fhírinne féin agus an rud ba mhian liom a rá. Imigh leat! Ach an rud a dúirt mé;
‘Beidh sé sin go breá, a fhad is nach bhfuil ann ach cúpla seachtain.’ Thuig mé a luaithe a dúirt mé é go mbeadh daor orm.
‘Ar lig mé síos ariamh thú?’
Shílfeá gur ráiteas na fírinne a bhí ann. Ar lig sé síos ariamh mé? B’fhíor dó. Níor lig. Ní raibh teagmháil againn le chéile le blianta, ní raibh deis aige ariamh mé a ligean síos. Agus níos measa ná sin, caithfidh sé go raibh a fhios sin aige féin. Ach scaoil mé tharam é. Nach scaoilim i gcónaí tharam.
Chuaigh dhá bhliain isteach go gasta. Ach ag an am chéanna, is fiú a lua, chuaigh achan lá isteach go mall fadálach.
Cóir a bheith chomh holc le blianta m’óige. Agus deirim leat, bhí an dubh-fhuath agam ar bhlianta m’óige.
Dhá bhliain de theach míshlachtmhar, bunoscionn, boladh uafásach agus mo leithlisiú féin. Ar an chéad dul síos lig mé orm féin go dtiocfadh liom é a fhulaingt; nach mbeadh ann ach tamaillín gairid. Ar ndóigh, ní raibh mé ach ag cur dallamullóg orm féin.
Tharraing mé an scéal anuas fána imeacht i ndiaidh míosa, nó mar sin.
‘Caidé mar atá an cuardach tí ag dul ar aghaidh?’ Dúirt mé go leathmhagúil é, ach ní raibh mé ag magadh.
‘Beidh cúpla seachtain eile de dhíth orm, ar sé. ‘Tá praghas an chíosa i ndiaidh ardú go suntasach agus i bhfad thar m’acmhainn. Ach amháin dá mbeifeá sásta cur fút i dteach róbheag cáidheach le scaifte gafa le drugaí.’
Ní chreidfeá seo, ach bhí seisean ag rá sin agus é ag tarraingt ar dhúidín raithní a d’fhágfadh tarbh-eilifint clocháilte.
Agus an líon mór buidéal a ghlanfainn ar shiúl ó urlár an tseomra suí gach maidin sular éirigh sé. Anois, nuair a deirim, sular éirigh sé, d’fhéadfainn buidéal amháin a thógáil gach leathuair an chloig agus bheadh an seomra réitithe agam sular fhág sé a leaba. Cáidheach! Ní cur síos láidir ná cruinn go leor é, ar a shalaí a bhí an áit leis.
Thoisigh mé ag fanacht siar go mall san obair lena sheachaint. Ag teacht na bhaile chomh mall sin go mbeadh seisean ró-ólta nó ró-chlocháilte le comhrá a dhéanamh. Ní hé go raibh comhrá ceart againn fiú; ba mhó ba chosúil le hiompar seachanta é. Déarfadh sé;
‘Cá háit a raibh tú go dtí an t-am seo?’ agus déarfainn leis;
‘Bhí mé báite san obair inniu. Gabh mo leithscéal ach caithfidh mé seo a chur i gcrích fá choinne maidin amárach.’
Agus d’imeoinn isteach i mo sheomra leapa fá dheifir, mar thaibhse i mo theach féin. Ansin bhrisfeadh an gol beag ciúin orm agus mé ag stánadh ar an tsíleáil ag iarraidh uafás mo shaoil a dhíbirt as mo cheann. Bhí mo sheomra féin míshlachtmhar, agus tá mise ar an duine is slachtmhaire dár mhair ariamh.
Ní fhágfainn rud ar bith de mo chuid féin in áit ar bith a dtiocfadh seisean air, nó dhéanfadh sé gach rud nach raibh i bhfolach agam a shealbhú dó féin: mo chuid éadaí, earraí níocháin, bia, éadach leapa, gach rud.
Tuigim. Cluinim tú ag scairtigh. Tá sé do mo bhualadh mar a bheadh ceolán i mo chluasa. Caidé mar a thiocfadh liom gach rud a ghéilleadh dó mar sin? Bhuel, déarfaidh mé leat agus an fhírinne lom atá ann. Is cladhaire mé. Déanaim daoine a shásamh. Sin mar a bhí ariamh, agus mar a bheas go deo. Anois scaoilim leat é. Chuidigh sin liom, faoiseamh de chineál inteacht é a rá amach os ard.
Ach ar scor ar bith, bhain sé ró-leas as mo laigí, féadaim a rá, agus chuir mé fuath ann dá réir. Ach le bheith macánta leat, agus is fuath liom é a admháil, mo mháthair ba lochtaí. Bhí greim ag an eagla orm i m’óige. Mo mháthair fhorlámhach agus athair a bhí iomlán lústrach agus a lean gan cheist a horduithe seafóideacha naircisíochta. Shíl sí gur uirthi féin a d’éirigh agus a luigh an ghrian. Sin mar a cruthaíodh mo phearsa féin.
Mar a tharla, cailleadh í nuair a bhí mé trí bliana is fiche, agus níl mé cinnte go fóill ar rud maith nó olc é. Thug sé orm bogadh amach liom féin. Thit m’athair as a chéile i ndiaidh a báis, ach ar bhealach a chothaigh coimhthíos idir é féin agus gach duine eile. Ní thiocfadh leis cuideachta a dhéanamh ar feadh fada go leor.
Mo dheirfiúr, a bhí cúpla bliain níos sine ná mé agus a bhí imithe ón nead chnagach chnapánach sin ó chuaigh sí na hollscoile mar go raibh gráin aici ar mo mháthair ar feadh a saoil, nocht sise ag an tórramh, bhuel, ag an reilig le bheith cothrom di.
Sílim gur gráin léi mé mórán mar ba ghráin léi mo mháthair. An bealach a n-amharcann sí orm, bhuel, tá sé thar insint, níos mó ná drochmheas, ná dímheas, déarfainn gur déistin atá ann, nó samhnas.
‘Fá dheireadh thiar,’ a dúirt sí liom lá an tórraimh, ‘beidh tusa i do sheanchaointeachán caillte ar nós an tsean-lútálaí dhólásaigh sin ag caoineadh isteach san uaigh sin thall.
Is é, m’athair a bhí sa lútálaí sin. Mhol sí domh éalú ó ghreim bíse an oilc a bhí ag mo mháthair orm, nuair a bhí mise ar an ollscoil, nó;
‘Beidh bás léanmhar uafásach agat, agus daor ort go dtí lá an bháis sin.’
Ach ní dheachaigh mise ach go dtí an ollscoil áitiúil mar a mhol mo mháthair domh a dhéanamh, agus bháigh mé mé féin san ól ar feadh cúig bliana.
Seans maith gur aici a bhí an ceart, mo dheirfiúr. Cuireann an saol atá agam díomá orm go fóill, agus gach uile lá, a bheag nó a mhór, má bhímse ionraic liom féin. Ach tá mé ag dul ar seachrán. Cathal an fhadhb a raibh mé ag caint uirthi anois, chan mo dheirfiúr; agus le bheith iomlán macánta, níorbh fhadhb ariamh í. Le bheith an-soiléir, ba í an t-aon duine ariamh a d’inis an fhírinne shearbh domh, gan fiacail a chur ann agus go neamhbhalbh. Fáidh a bhí inti, más maith leat.
Cathal. Tháinig scéal Chathail chun deiridh lá amháin, bhuel, oíche amháin le bheith beacht, nuair a d’fhan mise amuigh go raibh sé i dtaca an mheán oíche le haon teagmháil leis a sheachaint. Ar theacht isteach chun tí domh, thug mé faoi deara nach raibh sé sa seomra suí, mar ba ghnách.
‘Iontach!’
Cóir a bheith gur dhúirt mé amach os ard é ach d’éirigh liom é a scairtigh faoi m’anáil.
Tá sé ina luí, a shíl mé. Ina chodladh gan aithne le deoch gan dabht. Chuaigh mé ar mo bharraicíní go dtí mo sheomra leapa féin. Ar fhoscailt an dorais domh, thit scáth na heagla ar m’intinn. Ar bhrú isteach an dorais domh bhuail fuaimeanna ar nós ráig ghaoithe mé, agus a boladh féin aici, boladh uafásach cáidheach é chomh maith, deirim leat.
Ní raibh cuma ná caoi ar mo sheomra. Ní thiocfadh liom an prácás sin a fheiceáil sa lagsholas, mar gheall ar léine nó ball inteacht éadaigh a bheith caite thart ar mo lampa leapa. Ach ní ba mheas ná sin, an ghluaiseacht ar luas buile suas agus anuas de thóin nochta. Agus mar bharr ar an donas, tóin Chathail a bhí ann, ag ardú agus ag titim ag luas fíochmhar. Agus an fhuaim screadach dhíoscánach sin, bhuel, ní túisce néal áthais ar an bhean úd ná géarphian aici mar a chéile. Shílfeá go raibh sí ag iarraidh an phéint a bhaint den bhalla le pian agus pléisiúr na colainne.
An boladh, boladh nár mhothaigh mé i mo sheomra leapa féin ariamh roimhe, boladh coirp, collaíochta agus sean-allas seachtaine óna chorp agus a chuid éadaí cáidheacha. Iad uilig measctha le chéile le boladh tobac, beorach agus go leor leor raithní.
Lig mé scréach an uafáis asam, a bhí níos airde ná scréach na mná boichte a bhí ar a droim thíos faoi Chathal. Bhain an scréach geit uafásach astu agus ba bheag nár léim siad beirt chomh hard leis an tsíleáil. Phreab Cathal amach as an leaba de léim agus sheas sé lomnocht os mo chomhair. Nach orm a bhí an faoiseamh go raibh a léine cháidheach thart ar an lampa anois. Sciob an bhean bhocht braillín lena lomnochtacht a chlúdach.
Thiontaigh mise ar mo sháil agus d’imigh mé go feargach as mo sheomra. Rith Cathal amach i mo dhiaidh agus thoisigh a mhíniú caidé a bhí ag dul ar aghaidh, dá mbeinn dall, d’aithneoinn caidé a bhí ag dul ar aghaidh sa seomra sin!
‘Ní thiocfadh liom í a thabhairt isteach i mo sheomra féin, tá sé mínéata!’
Mínéata, dar fia! Dá mbíodh cur síos ar a sheomra-sa, níorbh é mínéata an focal cuí. Láithreán salach fuílligh a bhí ann. Bhí faoileáin ina suí ar leac na fuinneoige gach uile lá ag stánadh isteach go héadmhar. Ach is cuma sin, rith sé i mo dhiaidh lomnocht agus é i mbarr píce go fóill agus sin ag luascadh anonn is anall mar a bheadh méadranóm ann. Bhí sé cineál draíochtúil, nó hiopnóiseach, má thuigeann tú mé. Ní thiocfadh liom gan amharc air.
‘In ainm foc, cuir rud inteacht thart air sin.’ Bhí mé ag béicigh in ard mo chinn, amhail seanphinsinéir cráifeach, tá mé cinnte. Bhain sé preab as. Ní chuala sé mé ag stróiceadh mionnaí móra ariamh, rud nach dtearn mé ariamh. Rug sé ar chlúdach cairtchláir na gcannaí beoracha agus chlúdaigh sé é.
‘Tá mé bhuartha fá seo, ní tharlóidh sé arís, geallaim duit. Ná habair a dhath leis an bhean úd, le do thoil.’
Níor dhúirt. Shiúil mé amach as an teach agus ar feadh leathmhíle siar an bóthar go hóstán agus d’fhan mé ansin don oíche. An mhaidin ina dhiaidh chuaigh mé ar ais agus bhí sé ina shuí leis féin ar an tolg.
‘Chuir mé an braillín agus an duivé san inneall níocháin. Chuir mé caoi ar do sheomra, tá sé go díreach mar a bhí sé, braillíní agus duivé glan ar an leaba arís.’
Níor chuala mé é a bheith chomh croíbhrúite seo ariamh, chan liomsa cá bith. Seans gur bhain sé leis an tríú páirtí a bheith i láthair an oíche roimhe agus a chonaic gach rud a tharla nó eile, ach bhí a phort athraithe, níos truamhéalaí. B’ait liom é, déanta na fírinne.
Ach cá bith, bhí sé rómhall. Rinne mé an cinneadh agus mé i mo luí ag stánadh ar an tsíleáil san óstán sin go raibh mo phort seinnte. Ní thiocfadh liom an socrú seo a bharraíocht ní ba mhó. Lá amháin eile fiú. Ar bhuille na huaire sin thuig mé i gceart a bhí le déanamh agam.
Tá an saol le m’athair i bhfad níos fusa ná a chéad-shíl mé, go háirid gan mo mháthair linn a thuilleadh. Fanann sé ina sheomra féin den chuid is mó agus fanaim i mo sheomra-sa féin. Ní itheann muid le chéile agus tá gach comhrá teoranta do chlaonadh cinn agus beannú dá chéile, ansin ar ais chuig ár ngnáthóga féin sa seomra luí. Ní chaitheann sé ná ní ólann sé, agus bíonn sé go fóill ag timireacht ar fud an tí, nuair atá mise amuigh ag obair, mórán mar a rinne sé nuair a bhí mo mháthair beo. Fríd is fríd, socrú den scoth atá ann agus i bhfad níos socra ná an ceann roimhe seo.
I dtaca le Cathal féin de… Bhuel, i ndiaidh domhsa imeacht, thug mé suas léas an tí agus chaith an tiarna talaimh amach é cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Anois, sin a léigh mé ar Facebook cá bith. Ní thig liom a bheith iomlán cinnte nó ní fhaca mé ó shin é. Seans maith go ndeachaigh sé a chónaí leis an bhean úd ar shalaigh sé mo leaba léi. Bean bhocht.