Maria
Dáithí Ó MuiríGearrscéal nua le Daithí Ó Muirí
I
Ceist – an féidir le fear i gcathaoir rotha bean a éigniú? Freagra – ní dóigh liom é.
Sonc beag ar a bhaithis le cúl na tua, cheansaigh sé sin é, nó ar a laghad leag sé go talamh é le go seasfainn cos-scartha os a chionn, cromadh síos air agus an cheist sin thuas a chur de bhéic air. Freagra níor thug sé agus a aird dírithe ar na réiltíní beaga bána ar snámh san aer idir mé agus é, is dócha. Ach tháinig deireadh bodhraitheach lena thost nuair a chas mé an tua timpeall agus d’ardaigh san aer í le go mbuailfinn smíste mór maith ar an dá ghlúin, ar chlé agus ar dheis, ar chlé arís, ar dheis arís, trí, ceithre, cúig agus sé huaire go dtí nach raibh fanta den dá chaipín ach blúirí beaga bídeacha ar snámh i locháinín fola. Ansin, de bhéic eile, de bhúir chaithréimeach, thug mé an freagra sin thuas.
Cloigeann cromtha, cochall aniar, d’imigh mé liom faoi scáth na hoíche, ó chúlsráid go cúlsráid, chaith an tua thar an droichead isteach san abhainn, na miotóga ina diaidh aniar agus ar shroichint an bhaile dom na héadaí uile a bhaint díom agus a níochán ar theocht ard. Agus an masc – dhóigh mé é sin.
An chéad lá eile tháinig na póilíní chuig an teach, chuala mé an carr agus chonaic mé iad tríd an scoilt sna cuirtíní, beirt bhleachtairí, fear agus bean. Bhí ciúnas tamaillín – bhain siad triail as an gcloigín, is dócha. Ansin buaileadh cnag ard agus d’oscail mé an doras. Seisean a labhair, d’fhógair sé m’ainm, ceist ar thug mé freagra dearfach uirthi le sméideadh beag cloiginn.
An bhféadfaidh muid teacht isteach chun labhairt leat?
Ní dóigh liom é.
Ní bheidh muid i bhfad, níl ann ach go bhfuil fiosrúchán ar bun againn, coir, rud tromchúiseach – shíl muid go bhféadfá cúnamh a thabhairt dúinn.
Ní dóigh liom é.
Ach níl fhios agat fós cén choir atá i gceist, nó an bhfuil? Bhí tú ag súil linn, an raibh?
Mise? Ag súil leis na póilíní? Ní dóigh liom é.
Tá fuacht damanta ann, mo chomhghleacaí anseo, tá sí préachta, dá bhféadfadh muid seasamh isteach sa halla fiú . . . ? Níl ann ach cúpla ceist, ní gá imní a bheith ort mura bhfuil aon rud le ceilt agat – nó chuala tú rud éigin aréir a chuideodh linn, b’fhéidir.
Ní dóigh liom é, a dúirt mé agus sheas mé thar an tairseach chun an doras a dhúnadh taobh thiar díom agus fanacht leis an gcéad cheist eile.
Ní ligfidh tú isteach muid i gcás ar bith? Abair go raibh sé ina stoirm, nó go raibh leithreas uaim, go práinneach, sa chás sin an ligfeá isteach mé? Nó an é go bhfuil rud éigin sa teach nó sa halla nó sa leithreas nach bhfuil tú ag iarraidh go bhfeicfeadh muid? Nó mo chomhghleacaí anseo, an ligfeá isteach í sin i gcás práinne?
Cuireadh sí ceist í féin más mian léi an leithreas a úsáid.
Sise, ní dhearna sí ach na súile a chaitheamh ar an talamh tamaillín, ar leataobh tamaillín eile, ba é an chaoi gur bhreathnaigh sí gach treo ach ormsa. Chinn orm a dhéanamh amach an raibh sí chun labhairt, labhairt liomsa, labhairt leis-sean nó céard é? Nó an raibh sí míshásta lena iompar – nó an é go raibh póit uirthi, nó meisce fiú? Ach ar deireadh d’ardaigh sí corrmhéar chun dlaoi scaoilte gruaige a athchóiriú taobh thiar dá cluas agus bhreathnaigh sí ar a comhghleacaí agus ceist bhalbh éigin ina héadan. Seisean, tar éis ciúnas beag, chas sé ar ais orm agus lean leis na ceisteanna.
An miste leat a insint dúinn cá raibh tú idir 10.30 agus 11.00 aréir?
Bhí mé anseo.
Anseo in éindí le cé?
Anseo liom féin.
Leat féin ag déanamh céard?
Anseo liom féin ag ól.
Beoir, leann, bainne, nó uisce, b’fhéidir?
Anseo liom féin ag ól fuisce.
Agus ag breathnú ar an TV, b’fhéidir – an cuimhin leat cén clár a bhí air? Nó ag breathnú ar an bhfón – an raibh tú i dteagmháil le haon duine? Tuigeann tú, ní mór dúinn na rudaí seo a sheiceáil.
Anseo liom féin ag ól fuisce agus ag breathnú ar an mballa.
Ag breathnú ar an mballa? An-deas. Agus feicim go raibh tú os comhair cúirte cheana. Cúig bliana ó shin, rud a bhain leis an ord poiblí. Agus cás eile roimhe sin, sé bliana ó shin, an rud céanna, fíneáil, fíneáil eile. Agus níos faide siar sa chartlann feicim freisin go bhfuil cás cúirte eile a bhain leat, siar deich mbliana ó shin, cás éignithe a thug tú, cás ar theip air, ar ndóigh. Agus meas tú cén fear a bhí i gceist? An fear bocht céanna a ionsaíodh go brúidiúil aréir. Seo é, tá grianghraf ar an bhfón agam, seanghrianghraf a fuair muid, breathnaigh, é seo. An aithníonn tú é? Deir na dochtúirí go mbeidh sé i gcathaoir rotha an chuid eile dá shaol. An aithníonn tú an fear seo?
Bhí an fón crochta suas le mo shúile aige, beagnach róghar ach fada go leor uaim le go bhfeicfinn an t-éadan sin, an fear sin, an fear breá cneasta gnaíúil ionraic uasal agus gach eile, sea, d’aithin mé é. Ach gan choinne agam leis d’ísligh sé an fón agus chas uaim – bhí sí féin tar éis labhairt. Rud éigin doiléir, ar nós gur ag labhairt léi féin a bhí sí, cúpla focal faoin bhfuacht, gurbh fhearr léi fanacht sa charr. Agus leis sin chas sí timpeall agus shiúil ar ais chun suí isteach sa charr, cloigeann cromtha ar a glúin, breathnú ar an bhfón fad is a bhí sí ag fanacht lena comhghleacaí, is dócha. Bhí straoisín bheag orm nuair a chas sé timpeall arís, rud a chuir strainc mhór airsean. Chroch sé an fón i m’éadan arís agus labhair.
Tá pictiúr eile agam duit, físeán gearr a thaifead mé tar éis don otharcharr imeacht aréir, seo é anois é, an láthair inar ionsaíodh an fear agus é seo, an bhfeiceann tú, sin lorg a chuid fola an bealach ar fad síos an cosán, síos, síos arís nó go stopann sé ar deireadh díreach in aice lena theach féin, áit ar stop Críostaí éigin chun dul i gcabhair air agus fios a chur ar an otharcharr. Ach an 46 méadar sin, thomhais mé é agus mé ag taifeadadh, ar ndóigh, níor thóg sé ormsa ach 43 soicind sin a shiúl, ach seisean, 20 nóiméad a thóg sé air, 25 nóiméad, nach gceapann tú gur truamhéalach an cás é, an fear bocht cráite ag streachailt leis i lár na hoíche ar an gcosán fuar reoite? Deir sé gur aithin sé thú.
Cén fáth nach bhfuil mé gafa agaibh, mar sin?
Bhuel, deir sé gur aithin sé do ghlór. Faraor ní leor é sin mar fhianaise ach ní mór dúinn gach líomhain a fhiosrú. Ár leithscéal má chuir muid isteach ort ach beidh muid ag caint arís, déarfainn, go luath, b’fhéidir.
Bhí saghas dúshláin ina shúile, soicind nó dhó sular chas sé ar a sháil agus de choiscéim bhríomhar shiúil sé ar ais chuig an gcarr. Chas sé timpeall faoi dhó, an chéad uair chun súil a chaitheamh síos aníos orm, dúshlán nó pé ar bith é, an darna uair chun labhairt.
Ceist amháin eile – an bhfuil tua i do theach?
Tá cúpla ceann thart, déarfainn.
Dúirt sé rud éigin faoi na fiacla sular shuigh sé isteach sa charr, dhún sé an doras de phlimp agus lean air ag caint léi siúd lena thaobh, ach a shúile dírithe ormsa an t-am ar fad agus gan mórán den dúshlán ann níos mó, dímheas, b’fhéidir, nó cantal, fiú. Sise, bhí gach cosúlacht uirthi nach raibh aird ar bith aici air ná ar pé rud a bhí sé a rá agus an t-inneall dúisithe aici, a súile ar chlé, ar dheis, ar an scáthán thuas fad is a bhí sí ag cúlú, an roth stiúrtha á chasadh timpeall is timpeall aici, ag dul chun tosaigh, ag cúlú, cúlú tuilleamh, níor éist sí leis agus níor bhreathnaigh sí air fiú uair amháin agus níor bhreathnaigh sí ormsa fiú uair amháin ach oiread ach a súile ar chlé, ar dheis, ar an scáthán thuas, lean sí uirthi ag cúlú, an roth stiúrtha á chasadh sa treo eile, dul chun tosaigh, cúlú arís agus ar deireadh thiomáin sí amach ar an mbóthar agus d’imigh an carr leis faoi luas.
II
An chéad lá eile tháinig na póilíní arís, beirt bhleachtairí, an bheirt chéanna. Ach an iarraidh seo d’fhan sise sa charr fad is a bhí a comhghleacaí ag tabhairt aghaidh ormsa lena chuid ceisteanna – níor thóg sé sin i bhfad air. Bhí an doras oscailte agus dúnta agam sula raibh deis aige cnagadh air ná an cloigín marbh a thriail arís agus mé seasta amach ar leac an dorais – b’éigean dó coiscéim bheag siar a thógáil. Bhreathnaigh sé síos aníos orm, sea, an dímheas neamhcheilte céanna, sular labhair sé.
Ár leithscéal as cur isteach ort arís, b’fhéidir go mbeidh tú in ann cúnamh a thabhairt dúinn.
Ní dóigh liom é.
Lá fuar feannta eile, aon seans, b’fhéidir, dul isteach . . . ? Leithreas, b’fhéidir?
Ní dóigh liom é.
Nó b’fhéidir go dtiocfaidh tú chuig an stáisiún chun comhoibriú linn inár bhfiosrúchán, tá sé breá te ansin agus leithreas breá fairsing againn freisin?
Ní dóigh liom é.
Ní dóigh leat é, ab ea? Bhuel, seo é an rud, tá CCTV againn, arú aréir d’aimsigh dhá cheamara tráchta an duine a rinne an t-ionsaí, duine ag siúl ar chúlsráid gar don láthair féin agus, go gearr ina dhiaidh sin, an duine céanna ag siúl gar go leor don teach seo. Tá muid cinnte gur bean atá ann, tá siúl áirithe ag na mná seachas na fir, tá fhios agat. Agus tá muid beagnach cinnte de gur thusa atá ann.
Ní dóigh liom é.
Ní dóigh leat é, ab ea? Agus cén fáth nach dóigh leat é?
Mar bheinn gafa agaibh cheana féin dá mbeadh fianaise ar bith agaibh.
Bhuel, is fíor nach bhfuil muid in ann an t-éadan a aithint i gceart ach bean í, an airde chéanna leatsa, beagán ramhar, cosúil leatsa, bean ag siúl an treo seo ag 11.12 arú aréir. Cá raibh tusa ag 11.12 arú aréir?
Anseo liom féin ag ól fuisce agus ag breathnú ar an mballa.
Ní dheachaigh tú amach ag siúl, bhí tú ag ól, tá sé admhaithe agat cheana, b’fhéidir go bhfuil dearmad déanta agat go ndeachaigh tú amach ag siúl agus scairf ar d’éadan – bhí sé an-fhuar arú aréir, nach raibh? Níl aon chruthúnas agat go raibh tú anseo an oíche ar fad, nó an bhfuil? Ach sa lá atá inniu ann tá a leithéid de rud is GPS ar an bhfón póca – dá mbeifeá sásta ligean dúinn na sonraí fóin a scrúdú d’fheicfeadh muid cá raibh tú. D’fhéadfadh muid thú a chur as an áireamh san fhiosrúchán, mar sin. Tá foirm sa charr, ní gá ach í a shíniú, céard déarfá?
Ní dóigh liom é.
Bíodh agat, mar sin. Tá go leor bealaí ann chun duine a aithint agus an gcreidfeá é, ina measc tá an siúl. Sea, tá siúl éagsúil ag gach uile dhuine sa domhan. Agus ar an gcaoi chéanna is atá an ríomhaire in ann duine a aithint ó shonraí an éadain, tá an ríomhaire in ann duine a aithint ó shonraí an tsiúil, sea, chomh ceart cruinn le lorg na méar nó DNA. Anois, nach mbeadh sé suimiúil an siúl sin ón CCTV a chur i gcomparáid le siúl eile, do shiúlsa, mar shampla. Ach ná bíodh imní ort, níl muid chun iarraidh ort teacht chuig an stáisiún le go bhféadfadh muid taifeadadh a dhéanamh ort ag siúl suas anuas an seomra ceistiúcháin – is róléir cheana nach ndéanfaidh tú rud ar bith a éascóidh an fiosrúchán seo dúinn. Ach seo é an rud, nuair a scrúdaigh muid an CCTV sin, nuair a chuaigh muid siar roinnt laethanta, fuair muid amach gur bóthar ciúin é seo, nach mórán a bhíonn ag siúl an treo seo lá ná oíche. Ach tusa, nach bhfuil tú le feiceáil go rialta le cúpla seachtain anuas agus tú ag siúl chuig an siopa, ag siúl chuig an siopa dí chun do bhuidéal a cheannach, is dóigh, ag siúl ann agus ag siúl ar ais. Meas tú an bhfaighidh muid amach gur mar a chéile an dá shiúl? Fianaise nach mbeidh muid in ann a úsáid sa chúirt, faraor, má chuireann dlíodóir trioblóideach éigin ina haghaidh. Ach ar a laghad ar bith beidh cinnteacht againne nach bhfuil muid ag cur am amú leat. Ní gá dúinn anois ach dul i dteagmháil lenár saineolaithe sa roinn ríomhaireachta, bogearraí cuí a aimsiú, nó b’fhéidir go bhfuil aip ar fáil ar an bhfón cliste – ní chreidfeá na huirlisí atá ar fáil ar líne anois. Nó b’fhéidir go bhfaighidh muid amach nach thusa ar chor ar bith a bhí ann ach bean eile ar fad ag siúl an treo seo ag 11.12 arú aréir. Ach ní dóigh liom é. Agus mise i mbannaí go dtiocfaidh muid ar bhealach éigin chun é sin a chruthú agus beidh lá eile sa chúirt agat.
Beidh orm dul i dteagmháil le mo dhlíodóir arís, mar sin.
Dlíodóir . . . ? Tá dlíodóir agatsa?
Tá. Chuir sí comhairle mhaith orm an uair dheiridh, cé nach bhfaca mé ó shin í, cúig bliana ó shin, sea, agus sé bliana ó shin freisin. Comhairle mhaith dlí agus comhairle mhaith phearsanta.
Gan tada a rá d’iontaigh sé uaim, dúshlán ní raibh le haithint ina shiúl ná dímheas ina shúile tar éis dó suí isteach sa charr. Sise, bhí cúpla sracfhéachaint caite agam uirthi ina haonar sa charr, sin nuair nach raibh mé ag breathnú idir an dá shúil ar mo dhuine, ach ón méid a bhí feicthe agam ní raibh aird ar bith aici orainne ach í ag breathnú síos ar a glúin, cosúil leis an lá inné – an fón póca, is dóigh. Ach anois d’ardaigh sí na súile, bhreathnaigh sí isteach san éadan ar a comhghleacaí taobh léi agus dúirt sí rud éigin leis – cúpla abairt le ceist ag an deireadh, ba chosúil. Ceist nár fhreagair seisean ach thóg an fón amach óna phóca agus thosaigh ag útamáil leis, súile caite síos. Chaith sí súil ormsa ansin, ní raibh ann ach soicind nó dhó, dúshlán, dímheas, cantal – theip orm a dhéanamh amach céard go díreach a bhí uirthi sular chas sí a cloigeann uaim chun an t-inneall a dhúiseacht agus thosaigh sí ag cúlú agus ag dul chun tosaigh, súile ar dheis, ar chlé, ar an scáthán thuas, an roth stiúrtha á chasadh timpeall, treo amháin, treo eile sular imigh an carr leis faoi luas ar deireadh.
III
An chéad l á eile tháinig na póilíní arís, arís eile chuala mé an carr ach an iarraidh seo shocraigh mé fanacht ag an doras, deis a thabhairt dóibh alt a bhualadh ar adhmad an dorais nó ordóg a bhrú ar chnaipe marbh an chloigín gan chadhnra – ach ní raibh ann ach ciúnas, ciúnas fada. D’oscail mé an doras. Ní póilíní a bhí ann ach an t-aon phóilín amháin, bleachtaire, í siúd ón lá inné agus arú inné. A comhghleacaí ná aon phóilín eile ná duine ar bith eile ní raibh le feiceáil sa charr ná in aon áit eile – ní raibh ann ach ise ina seasamh ar leac an dorais. Níor labhair sí. Beart críonna, shíl mé, fanacht le go gcuirfeadh sí ceist. Ach d’fhan sí ina tost, tost fada. Ba léir dom go raibh rud éigin uirthi, rud mór mistéireach nár thuig mé ag an am sin agus mé ag breathnú go géar uirthi lena súile ag dul suas is síos, ó thaobh go taobh, a liopa íochtarach ar crith ar nós go raibh drogall uirthi labhairt amach, nó go raibh taom fiáin feirge chun breith uirthi, nó b’fhéidir go raibh sí ag réiteach chun eascainí go fíochmhar orm. Nó an é go raibh sí chun deor a shileadh? Agus sin go díreach a bhí ann, chaoin sí, rug fearg uirthi agus thosaigh sí ag eascainí – ach ní ormsa.
Citeal uisce fiuchta a dhoirteadh anuas air ina chathaoir rotha, an bastard bréan lofa, a chloigeann a thumadh arís agus arís eile i mbuicéad dá chuid fola féin agus ansin a dhul air sna súile le toitíní lasta, mo mhallacht air, mo mhíle mallacht ar an scabhaitéir gan náire, an carn brocach caca, an slíomadóir bradach, an bithiúnach gan chroí gan anam agus araile agus araile, lean sí ar aghaidh ag eascainí in ard a gutha go dtí nach raibh fhios agam céard a bhí sí a rá agus ansin chaoin sí arís agus chaoin sí go cráite. Ní bean mé a chaithfeadh lámh timpeall ar dhuine as trua nó bá nó sólás nó pé ar bith é, ach sula raibh deis agam nós a athrú bhí na deora glanta aice lena deasóg agus buidéal fuisce bainte amach óna hascaill chlé agus, leis sin, ní raibh ann ach gur thug mé cuireadh isteach di. Maria an t-ainm a bhí uirthi.
Sise a rinne an chuid is mó den chaint, ag an tús, ar aon nós, nó go raibh mé cinnte de nach seift póilíneachta a bhí ann. Ceist ar bith níor chuir sí ormsa ach labhair sí fúithi féin, faoi chúrsaí a thuig mé go maith, faoi oícheanta ina haonar sa bhaile ag ól fuisce agus ag breathnú ar an mballa, sea, go rómhaith a thuig mé an balla sin nach balla é ach scáileán ar a dtaispeántar arís agus arís eile an rud sin, an rud sin nach féidir dearmad a dhéanamh air, nó go fiú tús a chur leis an dearmad, nó ar a laghad gan an gníomh gránna sin a bheith i gceartlár a cuid smaointe gach uile nóiméad beo dá saol. Shil sí deor agus d’inis a scéal ó thús deireadh, scéal cosúil go leor le mo scéal féin, an bhean óg sin ag cur aithne ar iontais an tsaoil, ar acmhainn croí an duine, ar na fir . . . . Ach féach cé chomh furasta is a bhí sé an bhean óg sin a scrios, níos fusa ná fear a scrios – le tua, mar shampla. Misneach a theastaigh chun beart mar sin a chur i gcrích ach chun bean a scrios, ní raibh baint ar bith ag an misneach leis sin – gníomh suarach. Chaoin sí arís, tháinig fearg uirthi arís, thosaigh sí ag eascainí arís, sea, thuig mé.
Ach ní tromchúis ar fad é, phléigh muid gnáthchúrsaí an lae freisin, seo, sin agus siúd agus go fiú bhí gáire ann – gáire mór faoin leithreas, mar shampla. Bhí na céadta buidéal folamh leagtha ar gach uile dhromchla, urlár, leac na fuinneoige, seilfeanna agus eile, málaí plaisteacha agus boscaí cairtchláir ag cur thar maoil leo, ceann amháin briste ina bhlúiríní ar an urlár taobh leis an bhfolcadán, áit ar sciorr sé as mo lámh seachtain roimhe sin agus níor bhac mé lena ghlanadh ó shin, mar a mhínigh mé di. Ghlan muid le chéile é, mise ar mo ghogaide leis an tsluasaidín agus sise ar leathghlúin leis an scuaibín, í sna trithí gáire, mise freisin. Ar ndóigh, faoin am sin bhí muid leathchaochta agus, le fírinne, ní cuimhin liom mórán eile ina dhiaidh sin ach gur chuir mé tine síos agus sílim gur réitigh mé greim bia freisin.
Rud míorúilteach a bhí ann, i ndáiríre, thuig mé é sin ag tráth áirithe, thuig muid beirt é. Pé dia a chruthaigh a leithéid de chinniúint ina mbeadh mise, bean na tua, agus ise, an póilín, inár suí taobh le chéile sa teach ag roinnt fuisce is focal, ag sciotaíl gáire, ag sileadh na ndeor agus gach eile, thug muid míle moladh don dia sin. Agus in ómós don mhíorúilt leag muid leathlámh ar ghualainn a chéile agus ba leor dúinn é sin.
Bhí sí chun tiomáint abhaile nuair a bhí an buidéal folmhaithe againn – ní raibh braon ar bith eile agam, faraor. Ach chuir mé ina luí uirthi gurbh fhearr di síneadh amach ar an tolg, fuair mé cúpla pluid ón seomra leapa agus bhí na súile dúnta cheana aici nuair a leag mé iad sin anuas uirthi. Ach sular thit tromchodladh uirthi d’oscail sí leathshúil chun aguisín a chur leis an gcaint mhór ar fad a bhí déanta againn. Luaigh sí a comhghleacaí, ná bí buartha faoi siúd, a dúirt sí, níl aige ach an gaisce béil sin, níl tada eile aige agus creid mé, ní bheidh – ach comhairle amú ortsa é sin . . . feicim go raibh tú in ann go maith aige . . .
IV
An chéad lá eile bhí sí imithe agus sise ná a comhghleacaí ná póilín ar bith eile níor tháinig arís an lá sin ná an lá ina dhiaidh ná lá ar bith eile ina dhiaidh sin arís.
I m’aonar san oíche guím ar an dia a chruthaigh an mhíorúilt sin, guím go mbronnfaidh sé dearmad orm, a dhóthain le go mbeidh mé in ann breathnú ar an mballa agus seachas an rud sin nach féidir a ruaigeadh as m’intinn, ní bheidh ann ach an balla agus mé ag breathnú air. Agus Maria, pé áit a bhfuil sí, guím thar a ceann sise ar an dia sin, go mbronnfaidh sé dearmad uirthi, leathdhearmad, nó dearmad ó am go chéile, guím go mbeidh lá aici amach anseo agus í ag breathnú roimpi amach agus gan ann ach an balla, an balla agus Maria ag breathnú air.
-
Seolfar san fómhar ‘Mná’, cnuasach nua gearrscéalta Dháithí Uí Mhuirí, atá á fhoilsíu ag Cló Iar-Chonnacht