Dearg, Bán is Gorm

Dearg, Bán is Gorm

Dán nua le Paul Laughlin


Agus í ag tabhairt aire duit
San ionad cúraim le tamall,
Cuireann an bhean óg Pholannach
Spéis sa tatú tréigthe ar do lámh
Is iarrann sí ort go cineálta
Na litreacha UVF a mhíniú di.
Néaltrú ort is ciúnaithe anois,
Ní cuimhin leat a thuilleadh
Na gaiscí marfacha a rinne tú
Mar throdaí ar son Dé is Uladh.
Gan freagra uait ach gnúsacht,
Scríobhann sí nóta an lae síos,
Faigheann sí gloine uisce agus
Cuidíonn sí leat do phiollairí a thógáil,
Ar dtús dearg, ansin bán, ansin gorm.