Éalú

Gearrscéal nua le Sibéal Ní Chonghaile

Bhí a hintinn déanta suas le fada aici. Ní raibh i gceist anois ach cén uair, cén chaoi, agus cá rachadh sí?

Céard faoi na cailíní Aisling agus Aedín? Bhí siad an-óg. An dtuigfeadh siad go raibh uirthi imeacht? An mbeadh sí in ann iad a chrochadh léi? An mbeadh sí in ann iad a fhágáil ina diaidh? B’fhéidir gurb fhearr fanacht go mbeadh siad níos sine, níos láidre, in ann seasamh ar a gcosa féin?

Ach, an mbeadh aon am ceart? Bhí mearbhall uirthi. Gach cineál smaoinimh ag dul timpeall ina hintinn. Imeacht? Fanacht? Imeacht an tseachtain seo chugainn? Imeacht i gceann coicíse? Fanacht go mbeadh saoire an tsamhraidh acu ón scoil? Bheadh dhá mhí aici ansin chun rudaí a eagrú. An mbeadh sí in ann rudaí a eagrú? Arbh fhearr an bheirt a fhágáil ina diaidh? B’fhéidir go mbeadh siad níos fearr as dá huireasa? Cén mhaith dóibh ise?

Bhí a corp bríste brúite, a hintinn tugtha traochta. Í ag cur cois amháin roimh an gcois eile gach lá chun coinneáil ag imeacht. Í gan sprid, gan misneach, gan muinín. An tóin tite aisti. Lig sí rudaí rófhada. Í féin ba chiontaí. Cé a chreidfeadh í? Duine ná deoraí. Nach mba é féin an dlí!

Cá rachadh sí? Bhí a leaba déanta aici. Chaithfeadh sí luí inti, nach gcaithfeadh?

Nár cheart go mbeadh na comharthaí feicthe aici? Ón tús, níor thaitin leis í a bheith ag caitheamh ama lena cairde; ag dul chuig ceolchoirm, cluichí ná teach tábhairne leo. Ní raibh sé ag iarraidh go rachadh sí in aon áit mura raibh sé féin ag dul freisin. Bhíodh sé i gcónaí ag crochadh thart san árasán, agus ise san ollscoil. Ag fanacht. Mar a bheadh cat ag faire luiche.

Chonaic a cairde na comharthaí. Na cairde sin nach raibh dé ná deatach anois orthu. Ise ba chúis leis sin, freisin. Níor thaitin leis féin í a bheith i dteagmháil leo. Nach minic a dúirt siad léi a bheith aireach, go raibh sé i bhfad róshean di? Bhí sí soineanta. Bhí sí go mór i ngrá leis. Deirtear go mbíonn an grá dall, nach ndeirtear? Stop sí ag freagairt an fhón póca. Stop a cairde ag glaoch.

Bhí rudaí ceart go leor nuair a thosaigh siad ag siúl amach i dtosach. Bhí carr álainn BMW aige, rud nach raibh ag aon duine de na leaids óga a comhaois féin. Bhíodh sé gléasta go néata i gcónaí. Ní bhíodh ribe gruaige as áit. Bhí sé chomh heolasach ar gach ní. Tuairim aige faoi chuile rud. Cheap sí gur theastaigh uaidh am a chaitheamh léi, a bheith ina cuideachta. Bhí sí meallta. Ach, ag breathnú siar anois, bhí na comharthaí ann.

Níorbh fhada gur thosaigh sé ag fáil caidéise don chaoi a ngléasadh sí í féin, an méid smideadh a chaitheadh sí, an méid dí a bhíodh aici. Bhí sé go síoraí á ceistiú faoi céard a bhí ar siúl aici i rith an lae. Cé a casadh ort? Cá raibh tú féin agus do chairde ag dul? Céard a bhí á phlé agaibh? De réir a chéile bhí smacht aige ar gach gné dá saol. Níor thuig sí é sin, ag an am. Bhí a cairde ag cur na mílte fainic uirthi. Níor éist sí leo.

Chaith sé léi mar a bheadh sí mar chuid dá mhaoin phearsanta féin; go raibh úinéireacht aige uirthi, nár cheart intinn ar bith a bheith aici, ná aon neamhspleáchas. Bhí uirthi a chomhairle a dhéanamh i gcónaí. Mar a deir sé léi go minic, ba eisean an máistir.

Uair ar bith ar chuir sí cosa i dtaca, d’íoc sí go daor as.

Dá mbeadh breith ar a haiféala aici, ní bheadh sí sa gcruachás seo anois. Bhí rogha aici, nach raibh? Imeacht nó fanacht? Na cailíní a thabhairt léi nó iad a fhágáil ina diaidh? Bheadh uirthi éalú. Imeacht i ngan fhios. Imeacht i bhfad ó bhaile. Ní raibh an oiread airgid aici agus a dhéanfadh torann ar leac. Bhí smacht iomlán aige siúd ar an sparán. Ar chuile rud.

Cén chaoi ar lig sí rudaí chomh fada? Ba cheart di a bheith imithe an chéad uair ar leag sé lámh uirthi. Níor chara léi an chuimhne. Ní raibh siad sé mhí féin pósta. Stop sí sa teach tábhairne leis na múinteoirí eile, tar éis cruinniú scoile. Chuir sí téacs aige ag insint dó cá raibh sí. Chomh luath agus a tháinig sí abhaile bhí sé ag fanacht sa dorchadas léi. Na mílte ceist aige. Cé a bhí leat? Cén fhad a bhí sibh ann? Céard a bhí tú ag ól? Cén fáth nár tháinig tú abhaile díreach? Go tobann, rug sé ar a cuid gruaige agus bhain stráice aisti. Bhrúigh sé uaidh ansin í. Thit sí, ag bualadh a cloiginn in aghaidh an bhalla. Bhí sruth fola ag teacht as cúl a cinn. Baineadh siar aisti. Bhí a corp ag creathadh ó bhun go barr. Bhí an chaint bainte di. Cé go mb’éigean di cuairt a thabhairt ar an ionad timpiste agus éigeandála chun greamanna a fháil i gcúl a chinn, bhí faitíos uirthi an fhírinne a insint. Bhí sé féin taobh léi ar feadh an achair, ag guairdeall thart. Nuair a cuireadh ceist uirthi céard a tharla di, dúirt sí gur baineadh truisle aisti agus gur thit sí ag bualadh a cloiginn in aghaidh an bhalla.

Ba é sin an chéad eachtra foréigin. Ba chéim eile ar fad é sin. Go dtí sin, brú mothúchánach a bhí ar siúl aige; ag caitheamh anuas uirthi féin agus ar a cairde, ag déanamh beag is fiú di; de shíor ag fáil lochtanna uirthi agus ar gach rud a dhéanadh sí. D’fhág an eachtra tráma uirthi. Bhí náire uirthi tada a rá le héinne. Scoith sí í féin níos faide amach óna comhghleacaithe, óna muintir agus óna cairde.

Bhí aiféala air, a dúirt sé. Ní tharlódh sé arís. Ní leagfadh sé láimh uirthi go deo arís.

Bhí sé níos cúramaí ina dhiaidh sin; gan aon mharc feiceálach a fhágáil uirthi. Ach níor chuir sé suim ar bith leidhce a thabhairt di, í a bhrú timpeall nó scealpóg a bhaint aisti. Nuair a theastaigh a bhealach uaidh, rinne sé amhlaidh, í a éigniú. Murach an scoil, bheadh sí réidh. Ar a laghad bhí faoiseamh aici óna naoi go dtí an trí i rith na seachtaine.

Thart ar an am sin, le barr a chur ar an mí-ádh, fuair sí amach go raibh sí ag iompar. Ba chóir gur údar aoibhnis di é sin ach ba thairne eile sa gcónra é. Ní bheadh seans na ngrást aici éalú anois. An t-aon bhuntáiste amháin ná go raibh go leor coinní dochtúra aici; ní fhéadfadh sé féin a bheith chomh sciobtha lena chuid lámha. Pé rud a dhéanfadh sé, ní bheadh sé ag iarraidh aon lorg feiceálach a fhágáil ina dhiaidh.

Rugadh na cailíní i mí Lúnasa. Bhí suaimhneas aici fhad agus a bhí sí san ospidéal. Nuair a shín an bhean chabhrach na cailíní chuici, líon a croí le hiontas agus le grá. Bhí siad ina luí ansin ina hucht, a gcuid súile oscailte, duine acu ag méanfach. B’in ceann de na nóiméid ab fhearr dá saol. An nóiméad dár gcionn, thosaigh an t-amhras. Cén chaoi a mbeadh sise in ann aire a thabhairt do na créatúir seo? Bheadh siad ag brath go huile agus go hiomlán uirthi. Ní raibh sí in ann fiú breathnú amach di féin. Bheadh seisean fós á céasadh; ag teacht agus ag imeacht, ag faire i gcónaí.

Thug sí na cailíní abhaile tar éis coicíse. Níor theastaigh uaidhsean aon duine a bheith ag teacht ar cuairt. Ní fhaca sí duine ná deoraí. Bhí sí uaigneach, ach ní mórán ama a bhí saor aici le beirt pháistí. Bhí a croí agus a hanam sna cailíní. Scaití ní raibh a fhios aici cén lá den tseachtain a bhí ann, lá amháin ag rith isteach i lá eile. Bhí sí spíonta amach. Ní raibh cúnamh dá laghad le fáil uaidh féin.

Nuair a bhí an tsaoire mháithreachais beagnach thart, luaigh sí go mbeadh sí ag dul ar ais ag múineadh. Chuir sé cosa i dtaca. D’úsáid sé cleas i ndiaidh cleasa le hí a choinneáil sa mbaile. Sheas sí an fód. Chuaigh sí ar ais ag obair. D’íoc sí go daor as.

Chaithfeadh sí smaoineamh ar na cailíní. Ní fhéadfadh sí iad a fhágáil ina diaidh.

Bheadh sé féin as baile ar feadh cúpla lá. Cúrsaí oibre, a dúirt sé. Bheadh uirthi plean éigean a oibriú amach. Áit shábháilte a fháil. Cé leis a bpléifeadh sí a cruachás? B’fhéidir cara? Cén cara?

An náire…

Bheadh orthu bheith imithe sula dtiocfadh sé ar ais. Bhí a fhios aici an méid sin. Bhí sí cúramach. Bhí sí discréideach. Níor bhac sí le cás a phacáil. Ba chuma léi mura mbeadh aici ach an t-éadach ar a droim.

Leag sé póg ar a leiceann. Feicfidh mé thú gan mhoill. Isteach leis ina charr. Thiomáin sé amach an geata.

Rug sí greim ar eochracha a cairr. Níor dhún sí fiú doras an tí ina diaidh. Ba chuma léi. Chuir sí na cailíní isteach ina carr. Bhí a lámha ag croitheadh. Bhí sí ag casadh na heochrach san inneall nuair a thug sí faoi deara a charr ag geata an tí…

Scríbhneoir í Sibéal Ní Chonghaile