An chaint sa Dáil

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá daichead Teachta Dála sa 34ú Dáil a bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Gaeilge. Dea-scéal gan aon agó, 23% de Theachtaí na Dála nua. Sin cuid mhaith daoine a d’fhéadfadh an Dáil a Ghaelú agus an teanga a chur i lár aonach na polaitíochta.

Ach faraor ní hionann duine as gach cúigear sa Dáil a bheith ina Ghaeilgeoir agus go leor Gaeilge a bheith á labhairt sa Dáil.

De réir thaighde Tuairisc, cainteoirí Gaeilge a bhí in 22% den 160 Teachta Dála sa 33ú Dáil. Ach léirigh an tseirbhís nuachta chéanna gur labhraíodh níos mó Gaeilge sa Dáil i dtréimhse dhá uair an chloig le linn Seachtain na Gaeilge in 2023 ná mar a chualathas sna chéad seacht seachtaine de théarma na bliana sin.

I nGaeilge a bhí 0.76% den chaint ar fad a rinneadh sa Dáil le linn tréimhse na hanailíse. 35 den 160 Teachta Dála sa 33ú Dáil a raibh Gaeilge acu ach níor labhair ach ceathrar díobh níos mó ná míle focal cainte i nGaeilge le linn na tréimhse seacht seachtaine ar deineadh scagadh uirthi.

De réir áireamh Tuairisc, níos lú ná ceithre nóiméad go leith cainte i nGaeilge a bhíonn sa Dáil in aghaidh an lae ar an meán. Parlaimint í an Dáil a mbíonn níos mó ná 99% den phlé ann i mBéarla. Seachas an uair fhánach go mbíonn cás na Gaeilge agus na Gaeltachta á phlé is ar éigean go labhraítear an Ghaeilge in aon chor i nDáil Éireann. An fíorbheagán cainte eile a dhéantar i nGaeilge, is focail bhuíochais agus beannachtaí a bhíonn ina fhormhór. An cúpla focal. Plámás. Béalghrá.

Tabhair do rogha rud air, ach go bunúsach is parlaimint aonteangach Bhéarla atá againn.

Idir an dá linn, níl faic cloiste againn faoi thuarascáil an ghrúpa stiúrtha a bunaíodh le moltaí a dhéanamh faoi na slite a bhféadfaí úsáid na Gaeilge a mhéadú i dTeach Laighean. I bhfómhar na bliana 2023 a cuireadh an tuarascáil faoi bhráid Oifig an Cheann Comhairle.

An athróidh an 40 Teachta Dála a bhfuil Gaeilge acu aon ní sa 34ú Dáil?

Údar misnigh áirithe é gur Teachtaí Dála a toghadh den chéad uair 13 díobh. Níos fearr fós is cainteoirí líofa a bhformhór agus, an rud annamh is iontach, tá tuiscint éigin ag cuid acu ar chás na teanga agus na géarchéimeanna éagsúla atá ag bagairt uirthi.

An bhfuil aon cheannaire ina measc a chuirfeadh comhghuaillíocht bheag le chéile a leagfadh síos sprioc ó thaobh cur le méid na Gaeilge a chloisfear sa Dáil as seo go ceann cúig bliana, agus a chloífeadh leis an sprioc sin?

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie