Síol frag

Síol frag

Gearrscéal nua le Rua Breathnach

An tráthnóna sin, bhlais Ellen gliomach den chéad uair. Thaispeáin bean an tí di conas na crúba a scoilt le cois na scine. D’ith Ellen a sáith den fheoil, á slogadh siar le tae lán de bhainne. Ag brú méanfach fúithi, ghabh sí a leithscéal agus chuaigh chuig a seomra leapan. Scuab sí a fiacla os comhair an scátháin agus gheall di féin go scríobhfadh sí litir abhaile ag insint dá máthair faoin ngliomach. Bhí bronntanas de pháipéar nótaí cumhra faighte aici uaithi agus leabhrán beag le fiche stampa ann. Shocraigh an bheirt acu go nglaofadh siad ar a chéile oíche Dé Domhnaigh agus dúirt a máthair léi ‘Grandma’s Dog’ a lua dá mbeadh aon rud cearr. Ba chódfhocal é sin nach dtuigfeadh éinne eile—ní raibh madra riamh ag ceachtar de sheanmháithreacha Ellen.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús