‘Is álainn an t-aitheantas é, le fírinne’
Mark Wickham
Tadhg Mac Dhonnagáin faoi agallamh ag Tristan Rosenstock, eagarthóir liteartha Comhar
Fuair mé síol an scéil ó m’athair, fear mór scéalta é féin. Cur síos a bhí ann ar sheanduine áitiúil ó Achadh Mór, an paróiste ar fhás mé suas ann in oirthear Mhaigh Eo, ceantar a ndeachaigh an Ghaeilge i léig ann ag casadh an fichiú haois. Tháinig néaltrú i ndeireadh a shaoil ar an bhfear seo agus cé nár chualathas mórán riamh é ag labhairt Gaeilge i gcaitheamh a shaoil, is í an teanga sin amháin a tháinig uaidh sna míonna deireanacha. Thug mé an-suntas don scéal sin agus tháinig fonn orm é a fhorbairt mar shaothar ficsin de chineál éigin. Thosaigh mé ag fiafraí díom féin cé na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag duine lena gcúlra, lena dteanga dhúchais a choinneáil faoi cheilt, a dhíbirt óna n-intinn, ar feadh a saoil. Agus céard a tharlódh dá dtosódh an teanga rúnda sin ag brúchtaíl aníos iontu, mar a tharla i gcás an fhir ar inis m’athair dom faoi.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús