Deich miondán as Oileán Mara ar mhúnla hadhcú na Seapáine
Pól Breathnach
3 Meán Fómhair :
Cailleadh fear go tobann, mí ó shin. Bhí mé imithe, agus níorbh fhéidir liom casadh le haghaidh na sochraide. Inniu, sa reilig, bhí mé ag déanamh siúlóide — siúlóid gan smid chainte — in éineacht le strainséara.An dronuilleog scraith’
os comhair mo chos, gan choinne —
uaigh úr mo charad.
___________________
13 Meán Fómhair :
Aréir, ar an mbád isteach — duine nach raibh ag breathnú ar scáileán teileafóin póca.’Chailín sna déaga,
tá an Caoláire á líonadh, ’s thú
i bhfeighil do loinge.
___________________
7 Deireadh Fómhair :
Thug mé féin agus M. cuairt ar an mbean dheireanach atá ag caitheamh an tseáil. Chuir M. roimpi ceann a chróiseáil di féin.Gaimh fuacht’ cheana féin ;
thú i mbun cróise i mbear, le m’ais,
sóch, a’ gáirí liom.
___________________
26 Deireadh Fómhair
Innilt neamhbhuartha
dhá bhó i mbuaile. Míshuaimhneas
na mara gile.
___________________
6 Samhain
Coimheascar. Tuirlingt
caróige ar chlaí dubh. An t-aer
lasta ar a chúla.
___________________
8 Samhain : Níor mhair mo shiúlóid i bhfad aréir. D’airigh mé an fuacht. Chas mé. —
Lampa sráid’. Ansiúd,
tá scáil an duine ba mé
ar bhalla, san oích’ .
___________________
23 Samhain
Níor fhill mé in am.
An seomra i gcóir; tine thíos.
Do mheangadh ina scáil.
___________________
7 Nollaig
Fuacht — ’s thú ag inseacht dom
gurb eagal leat gur brionglóid
é do shaol, ’s mé féin.
___________________
21 Nollaig : An grianstad.
Glioscarnach bileog —
an t-eibheann sa solas lag
le linn iompú an lae.
___________________
22 Nollaig : Cuairteoir nach raibh mé ag súil léi, san oíche.
Os comhair mo dhorais,
triantán do sheáil. Shonraigh tú
an solas fann, deireanach.