Díle ar an Derwent Julie Breathnach-Banwait
Aghaidh nochta, anorac go glúin, déanaim caidéis d’fhiacail an fhuachta. Munglaíonn sé mo leicne loma. Déanann mo mhadra beag scrábáil ar an ithir chrua lena chosa is muid ag spágáil i dtreo an Derwent, chun a cuid goirmeacha a adhradh is cluas a thabhairt do chlamhsán an chnoic. Tá cosán fuildearg dhuilleoga an fhómhair sínte amach faoi mo chosa, is siúd muid thar na tithe beaga, a n-éadain chláir, a gcuid súile brónacha, is na fuinneoga ag gol i gceo teasa. Braillíní clabhtaí glasa deataigh ag píopáil ó shimléir chasta. Garrantaí feistithe is prúnáilte, tomhaiste is curtha faoi smacht ag an aosta, ar thóir ciúnais is faoisimh. Sraitheanna is srianta de bhrainsí crainnte piorraí, go truacánta, ina gcraiceann dearg, ina seasamh in aghaidh dhroim na spéartha glasa. Ribíní de sholas geimhridh ar an bhfoscadh, roinnte go barainneach, trí bhoilg ramhra na gclabhtaí, iad trom is ag pléascadh mar a bheadh úthanna na mba le bleán, ag beannú do m’aghaidh, do mo lámha, ‘mo thochas le solas is teas. Déanann cuid acu scinneadh tharam go faghastrach, brúite go leataobh ag a gcomharsan, ar thóir suímh níos feiliúnaí. Ciúnaíonn an madra ar phaistí teasa gréine ar bhruach an bhóthair, ag sú nirt as na gathanna, á dháileadh ón ngrian go rúnda. Tá an tseasmain ag déanamh bearráin ar na clabhtaí, ag síneadh thar na claíocha cloiche, buí is dúshlánach. Éiríonn borradh ceoil na maidine, is pléascann na clabhtaí, an díle ag bualadh an chosáin go colgach, is an Derwent béal-oscailte, á shú le buíochas. Táimid ciúnaithe leis an bpléascadh faoi chochall seargtha, faoi chraiceann snoite giúise. Pléascann aibhneacha uisce as na gáitéir, ag foirneáil leis, trasna na gcosán is ag ponáil isteach ins na draenacha, ag cruinniú mullóga duilleog is cácaí boga puití, is é a’ rásaíocht i dtreo na habhna.
Ciúnas marfach.
Ga gréine ciúin im láthair.
Gíog aonarach as Ioraicít.
Bogha báistí – a dhathanna ag screadaíl – ag stríocadh na spéire.