Áine sa phríomhchathair

Gearrscéal nua le Tracey Ní Mhaonaigh

Bhí an lá caite ag Áine sa phríomhchathair agus bhí stáisiún na traenach díreach bainte amach aici. Bhreathnaigh sí ar chlár na dtraenacha agus bhí trí cheathrú uaire aici sula mbeadh a traein ag imeacht. Ní raibh an oiread sin taithí aici ar an gcathair ná níor thaitin an fuadar uirbeach léi, agus ní bheadh sí ar a suaimhneas i gceart go mbeadh sí ina suí sa traein, gíordam na háite fágtha ina diaidh aici agus luascadh an charráiste á cealgadh chun suain. Ó Ardán a 3 a d’imeodh a traein de réir an scáileáin mhóir agus nuair a bhreathnaigh sí i dtreo an ardáin ní raibh aon rian den traein go fóill. Thiontaigh sí thart féachaint an raibh áit ar bith ina bhféadfadh sí deoch a fháil agus luigh a súil ar bheár beag sa chúinne. Ní ólfadh sí de ghnáth agus í ina haonar ach shocraigh sí go mbuailfeadh sí isteach chuig an siopa leabhar, go gceannódh sí puzzler agus go mbeadh gloine bheag fíona aici. Chuideodh sé sin léi suaimhniú. D’ordaigh sí deoch ag an gcuntar agus bhreathnaigh sí thart ar na boird fholmha. Dá suífeadh sí gar don doras bheadh sí in ann an clár a fheiscint, ar fhaitíos go n-athrófaí na sonraí imeachta.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús