Trí chomhairle don aistritheoir nua ...
Antain Mac LochlainnAntain Mac Lochlainn
Seanfhocal Gaeilge ba chóir a chur i gcúrsaíocht arís is ea ‘iarchonn’. Wisdom after the event an sainmhíniú atá tugtha in FGB, chomh maith leis an tseanfhocal ‘Is fearr réamhchonn ná iarchonn’. Cá bhfios cén chomhairle a chuirfeadh muid orainn féin dá bhféadfaí lámha an chloig a chur siar agus tosú as an nua? Seo thíos trí chomhairle a chuirfinn orm féin agus mé i dtús mo chuid oibre i ngort an aistriúcháin.
1. Níl aon chur chuige ceart ann
Am amú atá sa tóraíocht ar bhealach ceart le tabhairt faoin obair – teoiric ghinearálta nó sraith rialacha a choinneodh ar bhealach do leasa thú. Chráigh mé mo cheann le téacsleabhair a raibh teidil mar A Complete Guide nó A Practical Guide to Translation orthu. Mo léan, bhí formhór na saothar sin i bhfad ó bheith iomlán, ná praiticiúil ach oiread. Iad lán treoracha a bhí contrártha dá chéile nó díreach dothuigthe. Ba é a thuig mé uathu go gcaithfeadh an t-aistritheoir tús áite a thabhairt don teachtaireacht agus don stíl. Caithfear a bheith dílis agus dána. Is é buaic na ceirde, is cosúil, téacs Gaeilge a sholáthar nach bhfuil rian an aistriúcháin le brath air ar chor ar bith. Leoga, bheifeá ag loiceadh ar na léitheoirí mura ndéanfá an méid sin. Os a choinne sin, ba cheart cuid d’aistíl agus d’úire an bhuntéacs a thabhairt slán sa leagan Gaeilge. Bheifeá ag loiceadh ar an údar mura ndéanfá an méid sin. Treoir shoiléir, don té a thuigfeadh í.
Chaith mé mo bhuicéad isteach i dTobar na Teoirice agus tharraing aníos deoch mhífholláin traductology, translatology, transmutation agus transposition. Chuir mé breaceolas ar intersemiotic translation, undertranslation, overtranslation agus ar vertical translation fiú amháin. Ach is baolach go raibh poll i mo bhuicéad, mar thréig na teoiricí mé chomh luath géar agus a bhí abairt le haistriú agam.
Níl mé ag maíomh nach fiú tabhairt faoi chúrsaí oiliúna ná tráchtairí áirithe ar chúrsaí aistriúcháin a léamh. Cuideoidh an oiliúint leat ainm a chur ar na fadhbanna a thagann aníos san obair agus smaoineamh ar bhealaí chun iad a réiteach. Ní beag sin. Ach níl aon fhoirmle ann a choinneoidh ó earráid thú. Bíonn cinneadh le déanamh ag an aistritheoir de réir na ndúshlán aistriúcháin i ngach téacs ar leith, agus is scata neamhrialta neamhchórasach iad siúd.
2. Bíodh leathbhádóir agat
Geoffrey Samuelsson-Brown a scríobh, ‘Some people say that all translators are prima donnas – a bold statement, but not untrue in many cases.’ Is náir liom a rá go raibh mise iontach goilliúnach ar fad i dtosach mo shaoil oibre. Masla pearsanta a bhí ann mo shárshaothar aistriúcháin a cheistiú, gan trácht ar é a cheartú. Ní heol dom cad chuige a raibh mé chomh teann sin, mura raibh lagmhuinín agam féin as cuid mhór dá raibh á scríobh agam. Inniu, tuigim gurb iad tuairimí léitheoirí eile an cuidiú is luachmhaire dá mbíonn le fáil ag aistritheoirí. Má deir léitheoir dea-mhéiniúil (eagarthóir, teagascóir, cara) go bhfuil siad in amhras faoi leagan éigin a scríobh tú, go bhfuil sé doiléir, débhríoch nó díreach dothuigthe, b’fhearr duit é a leasú. Gan amhras, caithfear an fód a sheasamh in amanna, ach cuimhnigh go mbíonn léitheoirí ag brath go huile is go hiomlán ar an téacs Gaeilge. Ní féidir leosan an buntéacs a cheadú chun an chiall a fhuascailt. Ní heol dóibh na dúshláin a bhí le sárú agatsa agus is cuma sa tsioc leo.
Ó thosaigh mé ag aistriú, bhí sé d’ádh orm a bheith ag plé le heagarthóirí atá cumasach, tuisceanach agus, thar aon ní eile, foighdeach. Ach is ina n-aonar a bhíonn an-chuid saoraistritheoirí Gaeilge ag obair. Drochnós. Más féidir leat ar chor ar bith é, déan socrú le comhghleacaithe chun saothar a chéile a léamh. Ní léir dúinn ár gcuid earráidí féin; dá mba léir, ní dhéanfadh muid iad.
3. Scríbhneoir atá ionat
Peter Newmark a d’fhógair gurb é bun agus barr an aistriúcháin ná attending to language. Má tá an buntéacs borb, bagrach, bladhmannach nó binnbhriathrach ba cheart don aistriúchán a bheith mar an gcéanna, mar is ag freastal ar fhriotal a bhíonn an t-aistritheoir. Is maith liom an tuiscint sin. Bealach éalaithe atá ann as an díospóireacht fholamh maidir le verbum pro verbo seachas sensus de sensu a théann siar go haimsir San Iaróm agus aistriú an Bhíobla go Laidin. Cuireann sé ar neamhní an dealú ardnósach idir an t-aistriúchán pragmatach (tuarascáil bhliantúil Chomhairle Contae Ros Comáin) agus an t-aistriúchán liteartha (saothar Marcel Proust). ‘Ní aistritheoir go scríbhneoir,’ a scríobh Aodh Ó Canainn uasal in alt a bhí aige ar an iris seo.* B’fhíor dó é. Is cuma cén cineál téacs atá romhat, caithfidh tú freastal ar an scríbhneoireacht ann.
* Comhar, Samhain 1994. Tá an t-alt le fáil in ‘Taighde & Cartlann’ ar www.aistear.ie.
Antain Mac Lochlainn