In ainm na hiníne
Gearrscéal nua le Hannah Ní Chonghaile
Bhí Tomás agus Gráinne sásta, go dtí ná rabhadar. Anois, níl Tomás cinnte go raibh sé riamh sásta, ach bhí gach rud mar ba cheart. Go dtí ná raibh. Bhuaileadar lena chéile. Chaitheadar tréimhse oiriúnach ama ag siúl amach lena chéile, ag dul go dtín phictiúrlann, go dtín tigh tábhairne, le haghaidh dinnéir. Deireadh seachtaine i gCill Airne. An dá oíche. Agus ansan, ar ghlúin amháin maidin ag deireadh mhí Eanáir, nuair ná raibh faic eile ag tarlúint sa tsaol, d’iarr sé uirthi é a phósadh. Dúirt sí go ndéanfadh, agus bhí an bheirt acu chomh sona sásta leo féin gur chaitheadar an lá iomlán sa leaba ag cur an ghrá a bhí acu dá chéile in iúl, gan rún a ngealltanais a scaoileadh le éinne, go dtín lá ina dhiaidh.
Bhí post ag Gráinne, agus d’fhág sí an tigh chun dul ar obair gach maidin, Luan go hAoine, ag a hocht a chlog, nó roimis. D’fhill sí timpeall a leathuair tar éis a sé, nó ina dhiaidh. Uaireanta, bhíodh uirthi fanacht san oifig déanach ar chúiseanna éagsúla. Thuig Tomás é seo. Thagadh sé isteach ós na ba a chrú timpeall a leathuair tar éis a hocht ar maidin. Sa gheimhreadh, dheineadh sé a dhícheall a bheith istigh ón gcrú tráthnóna timpeall ar a sé a chlog. Bhí sé sin luath, i gcomparáid leis na comharsana. Ach, seachas nuair a dh’imíodh an lá sa bhfraoch air, bhíodh an dinnéar ullamh nó leathullamh aige fén dtráth go scroicheadh Gráinne an tigh i ndiaidh oibre.
Ag féachaint siar, is léir do Thomás ná raibh meas muice ag Gráinne air ón dtosach. Luadh sí go minic fir a bhíodh sa tóir uirthi, ag iarraidh í a thógaint amach. Uair nó dhó, thug sí le fios do Thomás go raibh sí tar éis imeacht amach i dteannta fir eile, ag iarraidh achrann a ardú eatarthu. Ghortaigh sé seo Tomás go dona, ach bhí sé i ngrá le Gráinne, agus ní fear mór achrainn ab ea é. Níor chuir sé aon cheist riamh uirthi mar gheall ar na fir eile. Níor thug sí riamh a thuilleadh eolais agus bhraith sé go raibh sé níos fearr as, seans. Fir a bhí ag obair in oifigí, le lámha deasa boga a bhí sna fir san. Faic le déanamh acu maidin Sathairn. Mercedes nó Audi á dtiomáint acu, seans, in ionad sean-Land Rover a bhí oiriúnach chun imeacht thar na goirt nuair a bhí claí le deisiú.
Dhein Gráinne seasca míle euro in aghaidh na bliana. Ba mhór an chuid é, go háirithe nuair ba bhean í. Thagadh scaimh ar a haghaidh nuair a labhraíodh Tomás fé luach na mbeithíoch ag an marglann agus costaisí tréidlia. Ba chuma leis, ní raibh a hairgead uaidh agus bhí sí sásta ná raibh a airgead uaithi. Cailleadh a thuismitheoirí, an bheirt acu in aon bhliain amháin, agus bhí an tarna tigh ag Tomás agus Gráinne, ar an dtaobh eile den bhfeirm. Dhein Tomás Airbnb leis le linn an tsamhraidh, agus bhain ana-shásamh as. Ag glanadh na n-urlár agus ag cinntiú go raibh bainne agus arán agus málaí tae ann dos na cuairteoirí. Bhí na cuairteoirí chomh tógtha lena leithéid de rud chomh beag, agus thaitin an comhluadar leis.
Ansan saolaíodh leanbh do Ghráinne. Bhíodar geall leis scartha óna chéile fén dtráth gur tháinig sí ar an saol. Níor theastaigh ó Ghráinne aon rian do a fheiscint nuair a chuaigh sí ar shaoire mháithreachais. Dhein Tomás athchóiriú mór ar na botháin ar an bhfeirm, é lán le sceitimíní agus fuinneamh. B’fhada uaidh go mbeadh iníon aige. Níor chreid sé a rathúla is a bhí sé. Bhí seans leis, agus ghabh sé buíochas le Dia agus na naoimh, gach aon mhaidin nuair a dhúisigh sé, as an méid a bhí aige.
Níor thug Gráinne cead do filleadh ar an leaba tar éis don leanbh teacht. Chuaigh sí thar n-ais ar obair tar éis sé mhí, agus d’fhan Tomás ag baile. D’fhostaigh sé mac a chomharsan a bhí tar éis teacht abhaile ón ollscoil toisc ná raibh sé in ann déileáil leis an mbrú, chun cabhrú leis na ba a chrú ar maidin. Thug sé jabanna beaga eile dó chomh maith, agus cé ná dúirt an fear óg mórán bhí a athair fíorbhuíoch de Thomás. Ba chuma le Tomás. Chaith sé an lá ag siúl na ngort lena iníon bheag. Bhí sé go hiomlán fé gheasa aici. Dhíolfadh sé gach a raibh aige chun am a chaitheamh léi. D’fhéadfadh sé fanacht i gcomhluadar leanaí go deo na ndeor. Níor fhill sé ar sheomra Ghráinne, ach chodail sé i seomra eile thuas staighre agus thug an leanbh di nuair a thagadh sí abhaile agus chuaigh sé amach chun féachaint i ndiaidh na mbó.
Tar éis dhá bhliain, a chaith Tomás go socair, compordach i dteannta a iníne, d’inis Gráinne dó go rabhadar críochnaithe. Bhog Tomás go dtín seantigh, ach seachas cúpla cruinniú lena aturnae, lean an saol ar aghaidh mar a bhí. An t-aon difríocht ná go raibh ar Thomás siúl go tigh Ghráinne gach maidin chun a iníon a thógaint don lá. Ba chuma leis fad is a bhí a iníon aige. D’éiligh Gráinne gach aon rud sa cholscaradh. An tigh agus an fheirm. Choimeád sé tigh a thuismitheoirí. Bhí sí sásta talamh na feirme a thabhairt dó ar chíos íseal. Dúirt a aturnae go bhfaigheadh sé leath na feirme dá dtroidfeadh sé, ach ba chuma le Tomás. Ní dhíolfadh sí a fheirm. Bheadh ioncam aici go deo. Agus ba chuig a n-iníon a bheadh an fheirm ag imeacht ag deireadh na dála.
Ansan d’inis Gráinne dó go raibh sí ag súil aríst. Thug sé fé ndeara a bolg ag fás, nuair a bhíodh an cailín beag á bailiú aige ar maidin agus á tabhairt thar n-ais tráthnóna. Ansan thug sé fé ndeara an BMW deas páirceáilte lasmuigh den dtigh cúpla oíche sa tseachtain. Ansan níos minicí. Níor chuir sé isteach rómhór ar Thomás. Dhein sé a mhachnamh air lá amháin agus chinn sé go mbeadh sé sásta aire a thabhairt don mbeirt leanaí dá dteastódh sin ó Ghráinne. Ba chuma leis, fad is a bhí a iníon aige. Cén dochar dá mbeadh leasdeirféar nó leasdeartháir ina teannta?
Ansan fuair sé litir sa phost. Óna dlíodóir. Go raibh sí ag éileamh coimeád an linbh go hiomlán. Go raibh sí ag díol na feirme, dá dteastódh uaidh í a cheannach uaithi. Agus go raibh sí féin agus a fear nua ag bailiú leo thar sáile. Go raibh an bheirt acu ag déanamh i bhfad níos mó airgid ná mar a bhí á dhéanamh aigesean. Gur athair neamhláithreach a bhí ann ón dtosach, nár dhein aon iarracht coimeád an linbh a éileamh. Ná raibh aon seans go bhfaigheadh sé anois í. Chuir Tomás fón ar a dhlíodóir agus bhí comhrá fada acu.
Thiomáin Tomás go Baile Átha Cliath. Sheiceáil sé isteach in óstán agus d’ordaigh sé dinnéar go dtín seomra. Ansan d’fhág sé an t-óstán, agus thiomáin sé abhaile.
D’fhág sé tigh a iarmhná céile go luath an mhaidin ina dhiaidh. D’fhág sé a iníon ina leaba bheag, cé gur bhris sé a chroí go mbeadh sí ina haonar ar feadh cuid mhaith den mhaidin nuair a dhúiseodh sí. D’fhág sé an doras tosaigh oscailte, agus scaoil an gadhar beag, a bhí an fear nua tar éis a thabhairt leis, amach. Bhí a fhios aige go dtiocfadh comharsa nuair a chífidís an t-amadán de mhadra amuigh ar an mbóthar. Bhain sé dó a chuid éadaigh agus a bhróga agus chuir i mála plaisteach iad. Nigh sé a lámha le peitril. Thóg sé bríste géine agus léine glan a bhí ag triomú ar an
líne sa bhothán inar choimeád sé an tuí agus chuir air iad, chomh maith le péire bróg a bhí ag triomú tar éis dó iad a fhliuchadh ag an tsiúlóid do Mothers
and Others.
D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath, a intinn socair anois. Nuair a chonaic sé an leoraí ag bun sráide, chaith sé an mála éadaigh isteach i mbosca bruscair ná raibh bailithe go fóill. Bhí cith aige san óstán agus ansan d’ith sé bricfeasta. Phioc sé suas an fón póca a bhí fágtha aige san óstán, thar oíche.
Ghuigh sé go raibh a iníon ró-óg chun cuimhneamh ar a raibh le titim amach. Ní raibh sí mór a dóthain chun doras an tseomra a oscailt, ar a laghad, agus mar sin ní thiocfadh sí ar a mamaí, solas na beatha imithe as a súile go deo, é soiléir óna bolg mór go raibh duine beag á chruthú aici ar an dtaobh istigh.
Dúirt Tomás paidir chiúin ná cuimhneodh a iníon riamh ar an bhfear a bhí chun spás a hathar a thógaint. Thosnaigh an fón ag croitheadh, agus d’fhreagair sé é, iontas nár bhraith sé le clos ina ghuth.
Bheadh a iníon aige.