Tobar na nguíonna Rua Breathnach

Tobar na nguíonna 

Rua Breathnach

MWickham

Lá na mBláth, 2025




Le tamall anois tá drochamhras orm
go dtig leis an bhfilíocht aon ní a bhaint amach;
comhbhá, caoinfhulaingt nó grá—
níl san fhilíocht ach a réamhrá
an lá is fearr í.
Ach an uair is measa, an uair is bréagchráifí í,
níl inti ach bonn a chaitear ar nós cuma liom
i dtobar goirt na nguíonna.