A Leonard, a chara,

A Leonard, a chara,

Roibeárd Ó Cuinn

A Leonard, a chara,
Táim buíoch díot as do shaothar -
An ceol, na liricí, na hamhráin áille
D’éist mé leo go minic
nuair a bhí sé deireanach san oíche
An uair uaigneach sin a raibh fonn orm filleadh
Go sábháilteacht bhroinn ár máthar
Sheas tú liom ansin
An bheirt againn amuigh sa bhfuacht
Choinnigh tú comhluadar liom
Ag insint scéalta dom
Faoi mhná agus Nua-Eabhrac

Cara liom a bhí ionat
Cara liom fós atá ionat
Go raibh maith agat

Ó mo chroí,
R Ó Cuinn.