Dánta nua le Dónall Mac Giolla Chóill

Gan ainm I


Níor leag mo mháthair
Lámh uirthi
Ó baineadh ón bhroinn í

Breith nádúrtha
A dúirt siad
Bás nádúrtha
A dúirt siad

Ní raibh sí réidh
Don tsaol seo

M’athair
– Athair s’aici –
A rinne an chónra
É féin

Cuireadh sa reilig í
Faoi Chnoc
Le huncailí m’athara

Agus greanadh ar an chloch
Trí fhocal fhuara
And Baby Coyle.




Gan ainm II


Cha bheinn beo
Ach ab é
Go bhfuair deirfiúr liom
Bás

Baisteadh i mbaisteadh tuata í
Aintín liom
Múinteoir scoile
A rinne an gníomh

‘Triúr a bhí uaim,’
A dúirt mo mháthair
Triúr a bhí de dhíobháil uirthi
Agus triúr a fuair sí

‘Ghlac tusa áit s’aici
M’aingeal beag sna flaithis.’