BRISEADH CROÍ
Gearrscéal nua le Hannah Ní Chonghaile
Nuair a leag sí súil ar Sheán don gcéad uair bhí sí sásta; bhí sé geall le foirfe. An t-aon fhadhb ná go raibh sé i ngrá. Fós, bhí sé fuirist é a mhealladh chuici, bhí sé i gcónaí fuirist fear daonna mar é a mhealladh, ach chuir sé iontas uirthi a láidre is a bhraith sé faoina bhean. Agus é ag luí taobh léi, ag gol de bharr an fhill a bhí déanta aige, thuig Clíodhna go mbeadh an ceann seo níos deacra. Ach níor chuir deacrachtaí isteach ar Chlíodhna riamh, thaitin dúshlán léi. D’fhág sí ann é, agus d’fhill sí ar an ngort, áit a raibh sí anois, ag fanacht leis.
D’fhéach Áine go géar ar a haghaidh sa scáthán. Níor theastaigh uaithi go mbeadh sé soiléir do Sheán an méid smididh a bhí úsáidte aici chun a haghaidh, a bhí ciorclach go nádúrtha, a fheabhsú. De réir mar a lean a gcaidreamh ar aghaidh, thuig sí go mbeadh uirthi, lá éigint sa todhchaí, a haghaidh nocht a thaispeáint dó, ach bhí sí ag súil go mbeadh sé chomh mór i ngrá léi fén dtráth san nach ndéanfadh sé difríocht dó. Chroith sí le háthas ag cuimhneamh ar Sheán. Chroith sí gach uair a chuimhnigh sí air. Níor chreid sí fós go rabhadar le chéile. Le chéile, le chéile, a dúirt sí léi féin. Mise agus Seán. Cé a cheapfadh é? Ní chreidfeadh Áine féin é, dá ndéarfaí léi bliain ó shin go mbeadh sí ag siúl amach le Seán. Ba Adónas é Seán, an duine ba thapúla ar an ngort caide, an duine ba láidre sa spórtlann. Bhí sé in ann í a phiocadh suas agus dhein sé rudaí di gur bhraith sí ina dhiaidh gur ag eitilt a bhí sí. Lig Áine osna sásaimh aisti.
Nuair a bhí plean curtha le chéile aici dá smideadh, thug Áine fén gcéad fhadhb eile: an feisteas. Ní rabhadar ach ag bualadh lena chéile i dTigh Uí Mhurchú, mar sin chuir Áine gúna as an imirt, chomh maith le haon sciorta a bhí róghairid, aon rud go mbeadh uirthi sálaí arda a chaitheamh leis agus aon rud a thaispeáin aon chuid dá bolg. Shocraigh sí ar t-léine dhubh theann agus a jíons nua. Péire bróg a bhí caite aici cúpla babhta. Níor theastaigh uaithi go gceapfadh Seán go raibh an iomarca iarrachta curtha isteach aici. Ach… Chuir Áine a lámha timpeall uirthi féin le sceitimíní. Bhí trí mhí caite acu le chéile, agus bhraith Áine go leanfadh sí Seán go hAntartaice dá n-iarrfadh sé uirthi é. Tar éis uaireanta an chloig a chaitheamh ag déanamh staidéir ar an ábhar ar líne, bhí sí cinnte: bhí sí i ngrá le Seán. Bhí sí réasúnta cinnte, leis, go raibh sé i ngrá léi. Bheadh an dearbhú ag teacht aon lá anois. Bhí na comharthaí ar fad ann. An chollaíocht, thar barr. Na bláthanna a cheannaigh sé di, fé dhó anois. An téacs laethúil uaidh, maidin mhaith nó conas atá mo chailín ar maidin? Bhíodar ag bualadh le chéile trí nó ceithre bhabhta sa tseachtain, agus ag caitheamh níos mó agus níos mó oícheanta le chéile. Lig sí scread bheag aisti féin. Níor chreid sí fós é. Ise agus Seán.
Shuigh Seán istigh sa chairt as an mbáisteach. Bhí scáileán a fhóin fliuch agus ní raibh sé in ann aon rud a chló. D’fhan sé cúpla soicind, á chuimilt lena mhuinchille, sular thug sé fén scríbhneoireacht. Cad a déarfadh sé? Cad a bhí le rá, fiú? B’fhéidir go bhféadfadh sé é ar fad a chur sa téacs. Chuir an smaoineamh san náire air. Bhí náire air cheana féin, bhraith sé go domhain ina bholg é. An rud céanna a bhraith sé agus é ar scoil agus freagraí an chailín in aice leis cóipeáilte aige le linn scrúdú mata. Ní raibh sé in ann a rún a choimeád an uair sin, agus bhí sé ráite aige lena mháthair nuair a chuaigh sé abhaile. D’inis sí don mhúinteoir é, agus bhí an bheirt acu ana-dheas leis toisc go raibh an rud ceart déanta aige ar deireadh, cé go raibh rud mícheart déanta aige ar dtúis.
Ní bheadh mórán cabhrach le fáil óna mháthair anois. Ach bhí an rud mícheart déanta aige, agus bhí sé in am aige an rud ceart a dhéanamh. Chuir sé a mhéaranta ag bogadh. Haigh a Áine, an bhféadfaimis bualadh níos luaithe anocht? A 6, abair? Ná bí buartha murar féidir, níl aon fhadhb lena 8 x. Scrios sé an x, agus ansan chuir sé thar n-ais é. Scrios sé aríst é agus sheol sé an téacs. Bhí teachtaireacht WhatsApp tagtha isteach ón bhfoireann caide. Bhí cúpla duine chun bualadh le haghaidh cúpla pínt, sult a bhaint as an gcúpla seachtain dheireanacha spraoi sula mbeadh cosc iomlán ar an ól agus ní bheadh ann ach traenáil agus rith agus seisiúin spórtlainne. A seacht a chlog. Chuir sé ordóg-suas mar fhreagra orthu, bheadh sé tar éis labhairt le hÁine.
D’fhág Áine an tigh ag a fiche chun a sé. Níor mhaith léi a bheith déanach riamh, cheap sí gur thug sé an lámh in uachtar don nduine a bhí ann romhat, ag feitheamh ort agus in ann tú a fheiscint ag teacht isteach. An doras dúnta aici agus í ag siúl i dtreo an gheata, shiúil Ciara, comharsa léi, thairsti. Stop Áine, a croí ag preabadh. Dhein sí comhartha na croise agus dúirt sí léi féin gan a bheith chomh hamaideach. Bhí gruaig fhada rua ar Chiara, gruaig álainn agus ba mhinic d’Áine í a mholadh. Ach ba dhrochthuar é bean le gruaig rua imeacht tharat agus tú ag tosnú amach ar thuras. Chroith Áine a ceann chun an smaoineamh a chur amach as. Seana-phisreoga, sin uile, a dúirt sí léi féin go crosta. Ní fada go raibh sé dearmadta aici, ag cuimhneamh ar Sheán agus an oíche a bhí rompu amach.
Nuair a shroich sí an tigh tábhairne, shuigh sí ag an mbeár agus d’ordaigh piúnt. Dhíol sí as, ag tapáil lena cárta. Tar éis deich nóiméad, d’fhéach sí suas óna fón. Bhí Seán déanach anois. Cá raibh sé? Agus cad a bhí air gur theastaigh uaidh bualadh léi níos luaithe ar aon nós? D’fhéach sí ar an bpiúnt, an ceann air chomh bán le sneachta, an chuid thíos fé nach mór dubh. Lig Áine osna aisti agus thóg slog as. D’fhéach sí uirthi féin sa scáthán laistiar den mbeár. Seans gur theastaigh ó Sheán greim bídh a fháil. Dhéanfadh sé sin ciall, go háirithe má bhí sé chun rud tábhachtach a rá léi…
Nó, smaoinigh Áine tar éis deich nóiméad eile, an piúnt, a bhí á ól go deas mall aici, críochnaithe anois, b’fhéidir go raibh sé chun deireadh a chur lena gcaidreamh, agus b’fhéidir go raibh sé lasmuigh sa chairt fé láthair, ag iarraidh iachall a chur ar féin é a dhéanamh. Ach bhí gach rud ag dul chomh maith eatarthu; gach uair a bhí Áine ina theannta, bhraith sí go bpléascfadh sí le háthas. Bhí sé millteanach, uaireanta, cé chomh láidir is a bhraith sí dó, agus scanraigh sé í, cé chomh leochaileach is a bhí sí dá réir. Ach réitíodar go hiontach lena chéile, bhí a chairde tógtha léi, agus bhí sí in ann é a chur ag gáirí, ábhar bróid di. Ní raibh aon chúis go gcuirfeadh sé deireadh le rudaí. Seachas… Stop Áine í féin. Ní raibh sí chun cuimhneamh ar an tseafóid sin, an eachtra a cheap sí a tharla di agus í beag. Tromluí a bhí ann, faic eile. Chuir sí as a ceann é.
Chaith Clíodhna uaithi an slabhra a bhí déanta aici as na nóiníní a d’fhás sa ghort agus d’fhéach sí timpeall. Bhí an ghrian ag bogadh trasna na spéire, bhí sé ag éirí déanach, ach ní raibh Seán le feiscint fós. Cé go raibh aois mhór ag Clíodhna, ní raibh aon fhoighne aici. De ghnáth ní raibh aon chúis aici a bheith foighneach. Bhí slite ag Clíodhna rudaí a fháilt, slite a d’oibrigh, don gcuid is mó, gan fadhbanna ná moill. Thuig sí go mbeadh sé deacair ar Sheán rudaí a chríochnú le hÁine. Ach chríochnódh, ní raibh aon amhras ar Chlíodhna fé sin. Thiocfadh sé, luath nó mall. Shuigh sí síos aríst, an slabhra nóiníní os a comhair amach, agus bheartaigh sí rud níos deacra a dhéanamh, lena hintinn a choimeád ar rud éigint. Rud casta, b’fhéidir, a scanródh duine a shiúlfadh thar an lios.
Bhí a fhios aige go raibh sé déanach, nuair a shiúil Seán an doras isteach. Chonaic sé aghaidh Áine sa scáthán sula bhfaca sí é, a haghaidh álainn, oscailte. An iomarca smididh, mar ba ghnách. Nuair a chonaic sí é, las sí suas, agus bhris a chroí. Ba bheag nár chas sé timpeall agus d’éalaigh ón mbeár, ach thuig sé a raibh le déanamh agus shiúil sé chuici. ‘A Áine, tá brón orm, táim chomh déanach, bhíomar déanach ag críochnú, cheapamar go mbeimis déanta luath ach… Is cuma, conas atá tú?’ Níor shuigh sé ach chuir a dhá lámh ar an mbeár, ag féachaint uirthi. D’fhéach sí air, meangadh beag dóchasach ar a haghaidh. ‘Tá tú go diail. Bhíos déanach mé féin.’ Bhraith Seán rud ina bholg ar chloisint na bréige sin dó. Bhí Áine i gcónaí luath. Ní bheadh sé seo éasca.
Thug Áine fé ndeara go raibh Seán fós ina sheasamh idir an beár agus an stól in aici léi. Chas sí chuige. ‘Ná fuil deoch uait?’ D’aithin sí rud éigin míshuaimhneach fé. Chas sé lámh amháin istigh ina lámh eile ar nós go raibh sé ag iarraidh a lámh féin a chroitheadh. ‘Ní bheidh; nílim ag fanacht, mar a tharlaíonn.’ D’fhéach Áine air, ag fanacht. Bhraith sí buillí a croí ina cluasa. Bhí Seán ag féachaint síos ar a lámha. Thosnaigh sé ag caint leo. ‘Bhuel, -.’
‘A, a Sheáin, tánn tú amuigh cheana féin!’ Tháinig an guth ard aniar aduaidh ar an mbeirt acu. D’fhéach Seán timpeall, agus bheannaigh sé dá thraenálaí caide. ‘Á, bhuel, caithfimid leas a bhaint as an gcúpla seachtain dheireanacha saoirse, ní fada eile a bheimid in ann.’
‘Caithfidh, ambaist. An ceart ar fad agat, alraidht bhuel táim ag dul abhaile. Beidh an dinnéar ullamh aici féin.’
‘Tráthnóna maith.’ Dhein Áine meangadh beag gáire leis. Abair leat, a Sheáin, a dúirt sí ina hintinn féin. Chomh luath is a bhí a bhéal oscailte aríst aige, b’eo chucu fear an bheáir. ‘Deoch, a Sheáin? Deoch eile a Áine?’ Chroith Áine a ceann. Bhí a corp ar tinneall anois, croitheadh beag ina lámha, a bolg ag casadh. Chroith Seán a cheann agus d’imigh fear an bheáir, ceist ar a aghaidh.
‘Téanam, ragham lasmuigh. Tá an iomarca daoine anseo.’ Níor fhan Seán léi, ach shleamhnaigh sí den stól agus lean sí é. Labhair sé go tapa leis an bhfalla agus iad taobh amuigh.
‘Fhéach, a Áine, tá tú go diail. Agus go hálainn. Ach ní dóigh liom go bhfuil sé seo chun oibriú amach.’ Bhí muinín á fáil ag Seán agus é ag caint.
‘Ní seo an t-am ceart domsa bheith le duine ar bith. Tá mo shaol róchúramach agus ní theastaíonn uaim a bheith ag cuimhneamh ar dhuine eile. Tá brón orm, ach táimid críochnaithe.’
Tar éis cúpla soicind, thug Áine fé ndeara ná raibh sí ag análú. Bhí Seán ag féachaint uirthi. Ní fhéadfadh sé seo a bheith ag tarlúint. D’fhéach sí air. Seán ard. Seán dathúil. Seán gur cheap sí a bhí chun a dhearbhú di go raibh sé i ngrá léi. Ó, b’óinseach í. D’fhéach Áine air. Bhí sé fós ag féachaint uirthi, ach bhí sé níos mó ar a shuaimhneas anois. Bhí a lámha in aici leis, agus bhí a chorp bogtha píosa beag uaithi. Stán sí air, ar feadh cúpla nóiméad, ach níor tháinig aon fhocail chuici. D’fhéach sé i dtreo na sráide. ‘Óicé, bhuel mura bhfuil tú chun aon rud a rá, is dóigh liom go n-imeoidh mé. Táim ag bualadh leis an bhfoireann.’
Ní dúirt Áine focal, ní raibh sí in ann. D’fhéach sí ar Sheán agus é ag fágáil. Ag bualadh leis an bhfoireann? Dhein sé socrú bualadh liom chun rudaí a chríochnú agus tá sé imithe chun bualadh leis an bhfoireann? Sheas Áine ansin, mearbhall uirthi. Níor chreid sí é seo. An raibh Seán tar éis imeacht uaithi, tar éis a rá léi go raibh sé críochnaithe eatarthu? D’imigh a neart uaithi. Chuir sí a droim leis an bhfalla agus thosnaigh na deora ag titim. Chuala sí gáirí ón dtigh tábhairne. Ní raibh sí chun fanacht anseo ag gol ar feadh na hoíche. Bhog sí, a cosa trom, pian fhisiciúil ina bolg, ag análú go héadomhain. Níor stop sí, ach chuir cos amháin os comhair na coise eile go dtí gur shroich sí an baile.
Suite sa chairt, ní raibh Seán cinnte cad a bhí déanta aige. Canathaobh go raibh sé tar éis na rudaí sin a rá le hÁine? Níor thuig sé a iompar féin. Bhí sé i ngrá le hÁine. Bhí sí chomh cineálta, chomh soineanta. Ní raibh inti ach maitheas. Ba sholas í sa dorchadas. Ach ansan chuimhnigh sé ar Chlíodhna, ar a raibh déanta aige léi. Canathaobh go raibh sé sin déanta aige? Bhí mearbhall air, agus chroith sé a cheann. Clíodhna, bhí sí go hálainn. Bhí sí foirfe, í chomh mealltach, lena guth binn agus na focail mhilse a chuir sí ina chluasa. Cé ná raibh sé in ann cuimhneamh anois ar a raibh ráite aici, ach ba chuma leis. Lig sé osna faoisimh. Bheadh sé le Clíodhna, bheadh gach rud i gceart. Bhí sí go hálainn. Ba sholas í sa dorchadas. Bhí sé traochta anois, ní raibh fuinneamh aige chun dul ag ól leis an bhfoireann. Chas sé an eochair agus chuir air a chrios sábhála. Bhí Clíodhna ag feitheamh leis.
D’éirigh Áine chun a haghaidh, a bhí déanta aici chomh cúramach sin, a ní. Bhí mascára ar a leicne, ón méid goil a bhí déanta aici. Ní raibh sí in ann na deora a stopadh, gach uair a chuimhnigh sí ar Sheán tháinig tuilleadh. An chéad duine go raibh sí riamh i ngrá leis, agus bhí sí chomh cinnte gur bhraith sé mar an gcéanna.
Níos déanaí, Netflix ar siúl agus í socraithe síos ábhairín, shleamhnaigh smaointe Áine siar, go dtí an eachtra. Cé nár lig sí di féin cuimhneamh air riamh, bhí sí chomh cráite anois gur chuma léi. Cé go ndúirt sí léi féin gur taibhreamh a bhí ann, níor chreid sí i ndáiríre nár tharla sé, í fíor-óg, ag imirt sa ghort a fhad is a bhí a hathair ag comhaireamh beithíoch. Ní raibh a fhios aici cad a bhí ann, níor thug éinne aon fholáireamh di gan dul isteach ann. Níor inis Áine d’éinne a raibh tarlaithe sa lios, agus ní déarfadh sí. Ní chreidfeadh sí é, anois, ach ná féadfadh gur comhtharlúint é, bean na gruaige rua, a céad grá imithe uaithi… Dhein sí iarracht a haird a dhíriú ar an scannán, agus chuir sí amach as a ceann na cuimhní dorcha.
Gháir Clíodhna le háthas nuair a chonaic sí soilse an mhótair. Bhí sé déanta aige. Bheadh sé aici, as seo amach. Bhuel, a fhad is a bheadh sé in ann déileáil leis. Bhí sé deacair ar fhir. De réir a chéile thuigfeadh sé go raibh rud éigint as an ngnách ar siúl, de réir a chéile thiocfadh meath ar a intinn, agus sa deireadh ghéillfeadh sé, agus chuirfeadh sé deireadh leis, ina shlí dhaonna féin. Cosúil leo ar fad. Ba thrua é, ach ní raibh aon dul as. Ní raibh Clíodhna chun cuimhneamh air sin, áfach, nuair a bhí cúis chéiliúrtha aici. Bhí sé déanta aici, an rud a gheall sí na blianta ó shin d’Áine bheag bhocht nuair a bhí a hamadán d’athair róchúramach ag comhaireamh ainmhithe chun a bheith ag faire ar cá raibh a iníon, agus cad a bhí á dhéanamh aici.
Níor thuig Áine gur i lios a bhí sí go dtí gur inis Clíodhna di é. Aineolas, níorbh aon leithscéal é sin. Bhí sí tar éis géag a bhaint de chrann, ag imirt cluiche éigint léi féin. Ba bheag nár cailleadh í le heagla nuair a thaispeáin Clíodhna í féin di i riocht caillí. Níor chreid Áine ar dtúis í, nuair a mhínigh Clíodhna di a peaca, an ghéag a bhriseadh, agus conas go díreach go mbeadh mí-ádh uirthi as sin go lá a báis, lá a thiocfadh luath agus a bheadh tragóideach, ach de réir a chéile ba léir d’Áine fírinne na bhfocal. Thosnaigh sí ag gol, ba leanbh í ag deireadh an lae, agus rith sí ón lios. Níor luaigh sí riamh an eachtra le héinne, agus níor leag sí cos sa ghort san aríst, ach oiread.
Gháir Clíodhna aríst nuair a chonaic sí Seán ag déanamh a shlí chuici. Adónas ceart é, bheadh ana-spraoi aici leis. Bhí níos mó i ndán d’Áine, ach cheap Clíodhna go mbeadh ana-chuid spraoi aici le céadsearc Áine ar dtúis. Ansan chífeadh sí fén mbás tragóideach.