Ag scaoileadh le srathar shibhialtacht na hEorpa
Glam fileata paiseanta is ea an chuid is fearr de leabhar nua aistí le Ngũgĩ wa Thiong’o faoin díchoilíniú, a deir Alan Titley
Fiafraigh den ghnáthdhuine leathléannta a bhfuil teanntás aige ar a bhfuil ar siúl i litríocht an domhain mhóir mar gheall ar scríbhneoireacht na hAfraice agus is dóichí ná a mhalairt go luafar Chinua Achebe go cinnte, agus seans Wole Soyinka toisc gur bhuaigh sé Duais Nobel na Litríochta, agus Chimamanda Ngoza Adichie toisc go bhfuil i mbéal an phobail le tamall agus gur deineadh scannán as úrscéal dá cuid. Don duine beagán níos eolgaisí tharlódh teacht a bheith cloiste thar Léopold Senghor toisc go raibh sé ina uachtarán ar an tSeineagáil agus bhain clú amach dó féin lasmuigh den litríocht, agus dá luafá Ungulani Ba Ba Khosa in aon chor, rud nach dócha, bheadh sé taighdithe agat go díreach mar atá agamsa. Is é is nótálta fúthu seo go léir gur sa Bhéarla, san Fhraincis nó sa Phortaingéilis a scríobh siad ar fad, is é sin i dteanga na gcoilíneach, agus sin an toisc a bhfuil aithne agat orthu, má tá.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús