Allagar an choirp 

Rua Breathnach
Allagar an choirp 

Seo aistriúchán ag Rua Breathnach ar shaothar le Ngũgĩ wa Thiong’o, ‘An Réabhlóid Ingearach: Nó Cad Chuige a Siúlann an Cine Daonna Suas Díreach?’ 

Fadó, fearacht na hainmhithe ceithrechosacha eile ar fad, is ar a gcosa agus ar a lámha a shiúladh na daoine daonna. Bhí siad níos gasta ná na giorriacha, níos lúfara ná na liopaird agus níos sciobtha ná na srónbheannaigh. Bhí gaol níos gairide idir na Cosa agus na Lámha ná mar a bhí idir baill eile an choirp. Cheapfá, dáiríre, ag amharc orthu, gur chol ceathracha iad. Nárbh ionann na hailt a bhí acu – guaillí agus corróga; uillinneacha agus glúine; rúitíní agus rostaí? Dar ndóigh, bhí an-dealramh idir na méara agus na hordóga, na ladhracha agus na lúidíní chomh maith. An tráth sin, d’fhás an ordóg agus na méara eile níos gaire dá chéile ná mar a fhásann siad anois, agus b’amhlaidh an cás don ladhar mhór agus do na méara coise.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Rua Breathnach

Scríbhneoir é Rua Breathnach