Coiléar Geal Buí

Coiléar Geal Buí

Laura Kennedy Ng

Suíonn tú ag an fhuinneog gan chuireadh
Ag breathnú go hocrach ormsa gan iarraidh
Cad atá uait?
Braithim go bhfuil tú breá beathaithe
Fós i do phiscín
Le coiléar geal buí timpeall ar do mhuineál
Níos úire agus níos áille ná ceann ar bith
gur féidir liom a thabhairt duit

Sínim mo lámh i do threo
Cad atá agat domsa inniu?
Crónán nó siosadh?
Muirniú nó smitín?
Bealach amháin nó bealach eile
An chuma chumhach chéanna a bhíonn ort

Cad atá ag tarraingt d’airde sa seanseomra seo?
An bhfuil radharc ar leith laistigh?
Nó an sos ar do thuras atá ann?
Sos nach seasann amach ó na sosanna eile

Tá mo chat féin ina chodladh sa chúinne
Ní bheadh sé sásta thú a fheiceáil ina dhúiche féin
Ag féachaint go tnúthánach ar a chríocha
Críocha a rialaigh sé le fada

Sular tháinig tú chuig an fhuinneog
Ní raibh a fhios agam go raibh rud ar bith uaim
Anois caithim gach lá ag fanacht ort
Ar d’aird nó do neamhaird
Ar do chuireadh nó do dhiúltú
Bealach amháin nó bealach eile
Ar seachrán, ag glacadh fuílleach ar bith atá agat dom