Meascán Uí Mhuirí
Pól Ó MuiríPhotocall Ireland
‘Naomh Martin’ na gCeilteach, teampall na haclaíochta agus fáidh na féasóige atá ag Pól Ó Múirí dúinn an mhí seo.
Léiriú é ar chomh gonta briste buartha agus a bhí lucht leanúna Cheiltigh Ghlaschú gur thosaigh siad a thabhairt ‘Naomh Martin’ ar bhainisteoir úr an chlub, Martin O’Neill, i ndiaidh dó teacht ar ais chun an chlub. Deirim ‘úr’ ach is é an tríú tréimhse ag O’Neill i mbun na gCeilteach.
Bhí sé ina bhainisteoir den chéad uair fadó fadó sna laethanta sin a raibh cluichí peile le fáil saor ar an chóras analóige agus tú ag brath ar an raidió, nuachtáin agus irisí le heolas a thabhairt duit faoi chúrsaí ar an pháirc. Tháinig O’Neill ar ais ag deireadh 2025 i ndiaidh gur éirigh a chomh-Ultach, Brendan Rodgers, as a chúram bainisteora. Bhí tréimhse thar a bheith corrach ag Rodgers ag deireadh a théarma, ní mór a rá.
Tháinig O’Neill isteach agus rinne sé an rud ba mhó a thaitin le lucht leanúna club – bhain sé cluichí. D’imigh sé leis i ndiaidh meanma na n-imeoirí agus an lucht tacaíochta a ardú sula dtáinig Wilfried Nancy isteach ó shacar na Stát Aontaithe mar bhainisteoir úr. Faraor, rinne Nancy an rud ba mhó nár thaitin le lucht leanúna – chaill sé cluichí agus chaill sé in éadan Rangers agus na Ceiltigh ag imirt sa bhaile. Ba é an toradh air sin go raibh na Ceiltigh anois in iomaíocht le Hearts agus Rangers do chraobh na hAlban, an gradam is tábhachtaí acu.
Thiocfadh leat a rá go mbíonn gach tús lag ach, i gcás Nancy de, bhí an tús tubaisteach. Tugadh bata agus bóthar dó, tháinig O’Neill ar ais arís i mí Eanáir agus, agus seo á scríobh, tá cluiche amháin bainte aige le bun a chur faoin tséasúr arís eile. Bua mhaith a bhí ann gan amhras agus tá lucht leanúna na gCeilteach ar na meáin shóisialta sásta go bhfuil Maois i ndiaidh teacht anuas an sliabh agus go dtreoróidh sé go Tír Tairngire iad.
Tá mórán acu chomh buíoch sin de go bhfuil siad den tuairim gur chóir dealbh a thógáil den Niallach ag Parkhead. Sin anois an cineál dílseachta a spreagann fear ciúin chontae Dhoire. Is beag duine againn a spreagann grá den tsórt sin agus a fhágann ár lorg ar aon réimse den tsaol lena leithéid de ghradam a bhaint amach.
Ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá dtógfaí dealbh dó ach an oiread – rud a chiallódh go mbeadh dealbh ag O’Neill na peile roimh an Niallach eile sin, Iarla Thír Eoghain, a thug dúshlán Éilis I fadó fadó.
Sea, is ait an mac an saol.
Wúúú húúú!
Tá na céadta acu acu, na mílte b’fhéidir. Tá mise i láthair ag ceann de na seisiúin dheireanacha sa ló; tá fíoracha daonna, cuid acu leathmharbh, ag timpeallú an ionaid, iad ag bárcadh allais, an ceol ag drumadóireacht ar a dhícheall.
Aithním Taylor: ‘Shake it up! Shake it up!!!!’ agus na Black Eyed Peas ina diaidh: ‘I got a feeling, I got a feeling, wúúúúú húúúúú!’ Ní aithním an chuid eile de ar chor ar bith; teicneo atá ann, buillí troma doird ag creathadh an urláir agus na mballaí.
(Cá bhfuil Fat Boy Slim? Ba mhaith mar a d’fhóirfeadh bleaist de ‘Right here, right now’ don ócáid. B’fhéidir nach bhfuil Fat Boy Slim faiseanta níos mó?)
Tugann siad hyrox ar an imeacht; mise anseo mar fhoireann tacaíochta, is é sin, tiománaí tacsaí, agus lucht aitheantais i mbun aclaíochta. Eagla orthu nach mbeidh an fuinneamh iontu tiomáint abhaile. Tuigim dóibh. Tá an seisiún seo dian fíochmhar.
Tá fir agus mná na hÉireann cruinn i dteampall seo na haclaíochta; tá siad feistithe mar is ceart; neart líocra ar na mná ach na fir níos traidisiúnta lena bhfeisteas spóirt.
Seachnaíonn an chuid is mó de na fir an líocra; ní thig sé go maith do chuair fhearúla. Seachnaíonn cuid de na fir t-léine féin; tá cuid acu, an chuid is tanaí, breá sásta a gcliabh a nochtadh agus a gcuid abs a chur ar taispeáint. Laochra Ceilteacha iad seo atá ag dul i mbun catha leathnocht. Dá dtigeadh léigiúin na Róimhe as ceo fuar an Eanáir seo, d’aithneodh siad a namhaid ón tseanré.
Tá na mná níos siosmaidí; caitheann siad ceirteach a fhóireann don ócáid. Is é an líocra a rogha, iad muiníneach ina n-éide chatha agus iad gléasta go péacach i ndathanna difriúla.
Cibé faoina gceirteach, tá neart tatúnna ag an dá dhream. Ar chóir dom tatú a fháil, a fhiafraím díom féin? Claíomh an tsolais ar mo sciathán? Cros Cheilteach ar mo chliabh? Bodhrán ar mo thóin? Ábhar machnaimh don bhliain nua.
Ní in iomaíocht lena chéile atá na grúpaí ach in aghaidh an ama. Tá an dá ghrúpa ag tabhairt dhúshlán an chloig. Ritheann siad; tógann siad meáchain; ritheann siad; caitheann siad meáchain; ritheann siad... Tugann siad a ndúshlán féin; tá siad ag dealbhú an duine nua as an tseanduine, ag tiontú na feola boige ina marmar crua; féindealbhóireacht atá ann agus iad ag íoc £80 an duine as a bheith páirteach sa tseisiún.
Tá mise ag amharc orthu – foireann tacaíochta – agus mé ag ól caife deas, ag ithe ceapaire blasta agus borróg dheas. Tá an bia iontach blasta. Ritheann siad agus tógann siad agus caitheann siad agus ritheann siad. Leanann siad ar aghaidh. Tá an ceol ag bleasiteáil leis; tá allas fud fad na háite. Ritheann siad leo.
Ceannaím an dara borróg.
Fáidh na féasóige
Lig mé féasóg orm féin le linn na Nollag. Agus seo á scríobh, tá m’fhéasóg mí d’aois. Tá sí iontach bán mar fhéasóg, chan liath ach bán. Tá mo chuid gruaige bánrua faoin am seo fosta. Is iontach liom agus mé ag an ghruagaire an oiread sin ribí di a bheith ag titim chun talaimh agus iad chomh geal le calóga sneachta. ‘Fág na cinn rua,’ a deirim leis an ghruagaire agus déanann sí gáire, bíodh is go gcuala sí an jóc seo na céadta uair faoin am seo.
(Nóta dom féin; faigh jóc nua.)
Tháinig an fhéasóg de bharr go raibh cúpla seachtain saoire agam ón phost bheag laethúil atá anois agam. Bhí dúil agam a bheith glanbhearrtha i gcónaí ach bím i mo shuí go luath ar na saolta seo agus cuireann an bearradh moill ar maidin orm. (Cad é mar a réitíonn mná a smideadh gach lá?)
Lig mé don choinleach fás agus níorbh fhada gur leath bratach bhán na féasóige ó shrón go smig go sceadamán. Tig an fhéasóg duit, a deir mo chomhghleacaithe liom. Is maith liom an moladh. Ar ndóigh, bíonn féasóg ar fháidh agus ar fhile agus b’fhéidir gur chóir go mbeadh a leithéid ar cholúnaí gaoiseach de chuid Comhar? Samhlaím go gcuirfinn Sócraitéas i gcuimhne duit ach seans go samhlófá gur i láthair an Chaptaein Birdseye a bhí tú.
Tá mé i bhfolach san fhéasóg mar sin féin agus bíodh geall go mbeidh gach aon cholún as seo amach ar maos i léann annamh fhear na féasóige. Mothaím níos Gaelaí cheana féin.
Pól Ó Muirí