Réimeas
(I gcuimhne ar John O’Donohue)
Niamh Ní Lochlainn
idir thobar Críostaithe is túr cosanta.
Tá Máire fhada ag faire an chuain
is síneann ceann na Caillí sa bhóchna
i gceo an bhrothail.
Brónach, bean sí na Boirne
na foghail á ní aici
ar bhruach Locha Rasca,
is a dhein tuar
ar shlad Uí Bhriain
i gCath Chorca M’rua.
Síneann ríthe sa mhainistir
i gcré fola an chatha,
ar charraig bheo na Boirne
is lastar tinte na Cásca
ar an bhfearann breac seo,
in ainm Chríost aiséirithe.