Réics Carló 

Sular thosaigh Cathal Ó Sándair ag scríobh, bhí léitheoirí óga na Gaeilge ag brath cuid mhór ar aistriúcháin ó thíortha eile, a deir Róisín Adams

I mí na Bealtaine 1943, d’fhoilsigh an Gúm Na Mairbh a d’Fhill, céadleabhar Chathail Uí Shándair agus an chéad scéal ina gcastar orainn Réics Carló, an bleachtaire príobháideach nach bhfuil a shárú le fáil ar chlár na cruinne (ná sa Spás, fiú). Ní raibh sa leabhar sin ach an tús; san iomlán, d’fhoilseodh an Gúm cúig leabhar is ceathracha faoi eachtraí Réics Carló thar na blianta, gan trácht ar na sraitheanna eile a tháinig ó pheann an tSándaraigh: scéalta Réamoinn Óig san Iarthar Fiáin, scéalta scoile Bhuachaillí agus Chailíní Chluain Éanna, scéalta spáis an Chaptaein Spéirling agus tuilleadh nach iad. Ba shuntasach, mar is léir, an réimse seánraí ar thug Ó Sándair fúthu, ach ba shuntasaí fós an tóir a bhí ar a chuid scéalta i measc daoine óga (agus daoine nach raibh chomh hóg céanna, más fíor na scéalta); faoin am ar stop an Gúm ag coinneáil cuntais den díolachán i lár na 1960idí, bhí os cionn 120,000 cóip de leabhair Uí Shándair díolta – figiúr dochreidte do scríbhneoir Gaeilge.

In ainneoin an éachta sin, ligeadh Cathal Ó Sándair agus a shaothar i ndearmad in imeacht na mblianta ar bhealach nach ligfí dá mba scríbhneoir Béarla a bhí ann, dar liom. Cuid mhór den chúis ar tharla sé sin, is cosúil, ná mar gheall gur sa chló Gaelach a foilsíodh formhór a shaothair – 114 leabhar as 120. Nuair a thosaigh Ó Sándair ag scríobh sna 1940idí, bhí polasaí docht ag an nGúm an cló Gaelach a úsáid i leabhair don aos óg mar gheall gurbh in an cló a bhí in úsáid sna scoileanna. Nuair a d’iompaigh na scoileanna ar an gcló Rómhánach ó na 1960idí ar aghaidh, mar sin, ba ghearr go raibh bac breise roimh dhuine óg ar bith a thiocfadh trasna ar cheann de leabhair Uí Shándair sa leabharlann, gan trácht ar an gcuma sheanfhaiseanta a bhí orthu go tobann. Na sé leabhar dá chuid a foilsíodh sa chló Rómhánach ina dhiaidh sin, bhain siad le ré faoi leith i saol scríbhneoireachta Uí Shándair, tráth a raibh go leor den fhuinneamh imithe amach as; go gonta, níorbh iad na leabhair ab fhearr a scríobh sé.

In 2022 agus muid ag comóradh céad bliain ó rugadh Ó Sándair, mheas muid nárbh fhéidir ceiliúradh níos fearr a dhéanamh air ná blaiseadh ceart dá shaothar agus dá shamhlaíocht a thabhairt do léitheoirí an lae inniu, agus athchló a chur ar chuid dá leabhair luatha, na cinn sin a chuir na mílte daoine óga faoi dhraíocht i lár an fichiú haois. B’éasca cinneadh a dhéanamh faoin áit le tosú – le laoch mór Uí Shándair, Réics Carló, agus leis an dá leabhar a chuir tús lena scéal, Na Mairbh a d’Fhill agus An tEitleán Dofheicthe. D’fhoilsigh an Gúm an dá athchló sin in 2022 agus rinne siad an chéad phéire eile sa tsraith a choimisiúnú in 2024: An Corpán sa Trunc agus Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh. Bhí na ceithre leabhar sin tar éis a bheith as cló le os cionn seachtó bliain faoin tráth sin, ainneoin go raibh siad ar na cinn is mó díol as measc a shaothair ar fad; mar gheall go raibh sé chomh bisiúil mar scríbhneoir, ní fhacthas don Ghúm gurbh fhiú a shaothar luath a choinneáil i gcló agus oiread leabhar eile ag teacht uaidh gach aon bhliain.

Ar ndóigh, agus breis agus ochtó bliain imithe thart ó céadfhoilsíodh na ceithre leabhar sin, bhí níos mó le déanamh le hiad a chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu ná díreach an cló a athrú. Ón uair a foilsíodh iad, tá litriú na Gaeilge tar éis a bheith simplithe, gan trácht ar na trí Chaighdeán Oifigiúla atá tagtha amach idir an dá linn. Féachadh le cloí le Caighdeán Oifigiúil 2017 sna hathchlónna, chomh fada is atá sé sin ag teacht le Stíl Tí an Ghúim. Bhí deacracht eile ann ar leibhéal an téacs de chomh maith, is é sin go raibh roinnt focal agus téarmaí a d’úsáid Ó Sándair nach mbeadh feiliúnach do léitheoirí óga an lae inniu ar chúis amháin nó ar chúis eile. Cuid acu, níl teacht orthu i bhfoclóir ar bith agus is cosúil gur chum Ó Sándair iad le freastal ar riachtanais an tseánra bleachtaireachta, focail ar nós ‘roithleachán’ (gunnán) agus ‘forghluaisteoir’ (luasaire). De réir mar a cumadh focail oifigiúla do na téarmaí sin thar na blianta, thosaigh Ó Sándair ar iad a úsáid chomh maith, agus b’in a rinne muid féin i gcás na n-athchlónna seo (cé nach bhfuil an draíocht baileach céanna ag baint le ‘gunnán’ is atá le ‘roithleachán’, faraor). Bhí focail eile sna scéalta a bhfuil teacht orthu i gcuid de na seanfhoclóirí, foclóir an Duinnínigh go háirithe, ach nach bhfuil in úsáid go forleathan sa lá atá inniu ann. Mheas muid gurbh fhearr, ar mhaithe leis an léitheoir, dul le leagan níos sothuigthe sna cásanna sin. Roinnt samplaí dá leithéidí ná ‘súsa’ sa chiall ‘tolg’, ‘puidheasgán’ sa chiall ‘steallaire’ nó ‘snáthaid’ agus ‘deann’ sa chiall ‘péint’. Ar an gcaoi chéanna, rinneadh leasú beag anseo is ansiúd ar struchtúr na teanga nó ar leaganacha cainte an-neamhchoitianta leis an léitheoireacht a éascú do léitheoirí an lae inniu. Ní leabhair iad seo atá tú ceaptha a léamh agus foclóir in aice láimhe.

Is mór an bhearna ochtó bliain, agus bhí sé sin soiléir i ngnéithe eile de na scéalta seo taobh amuigh de chúrsaí litrithe, gramadaí agus téarmaíochta. Ní hamháin gur scríobhadh na leabhair seo i dtús na 1940idí, ach tá na scéalta féin fréamhaithe go domhain sa tréimhse chéanna, tréimhse na hÉigeandála in Éirinn. Is d’aon ghnó a rinne Ó Sándair sin. Sular thosaigh sé féin ag scríobh, bhí léitheoirí óga na Gaeilge ag brath cuid mhór ar aistriúcháin ó thíortha eile dá gcuid siamsaíochta. Fiú i mBéarla, ní raibh mórán scéalta Éireannacha den sórt seo ar fáil d’aos óg na hÉireann, go háirithe cinn a léireodh saol na cathrach agus na mbailte móra. Bhí Ó Sándair ag iarraidh sin a athrú, ag iarraidh scéalta a chur ar fáil d’aos óg na tíre a mbeidís in ann a saol féin, a dtír féin, a aithint iontu go soiléir (le beagán fantaisíochta agus samhlaíochta curtha sa mheascán chomh maith, ar ndóigh). Bealach amháin ar thug sé faoi sin, go háirithe ina shaothair luatha, ná oiread tagairtí agus a d’fhéadfadh sé a fhí isteach do rudaí a d’aithneodh léitheoirí ó Éirinn na linne, cuir i gcás ainmneacha brandaí agus siopaí comhaimseartha, nó amhráin a mbeadh cur amach forleathan orthu ag an am. Déantar cuid mhór tagairtí freisin do ghnéithe de shaol na hÉireann le linn na hÉigeandála – ganntanais de chineálacha difriúla, mar shampla, nó na hAchtanna Sealadacha a thug cumhachtaí breise don Rialtas i rith na tréimhse – agus is soiléir ón gcaoi a luaitear iad seo gur ghlac Ó Sándair leis go mbeadh eolas ag cách orthu ag an am. Sa lá atá inniu ann, ní féidir a bheith ag súil leis an tuiscint chéanna agus, dá bharr sin, cuireadh nótaí beaga isteach ag deireadh na leabhar nuair ba ghá leis na nithe sin a mhíniú.

Dúshlán amháin a bhain leis an dara péire leabhar a athchóiriú nach raibh coinne agam leis ná lúba beaga ar lár anseo is ansiúd sna plotaí ar mheas muid gurbh fhearr iad a réiteach ar mhaithe leis an scéal. Rudaí an-bheag a bhí iontu sin ar an iomlán, ach is spéisiúil gur éirigh leo sleamhnú trí phróiseas eagarthóireachta an Ghúim ag an am, a bhí níos dírithe, b’fhéidir, ar an gcruinneas teanga ná mionphointí scéil. In An Corpán sa Trunc, mar shampla, tarlaíonn sé faoi dhó go mbíonn ainm coirpigh ar eolas ag Réics, in ainneoin nach raibh bealach ar bith aige leis an ainm sin a fhoghlaim le linn an scéil (ach amháin dá mbeadh sé ag léamh an leabhair in éineacht leis an léitheoir). B’éasca a leithéidí sin a réiteach le leasú beag anseo is ansiúd sa téacs.

Ní féidir labhairt ar athfhoilsiú seanleabhar do dhaoine óga ar na saolta seo gan tagairt do cheist chonspóideach atá i mbéal an phobail le tamall de bhlianta anuas. Ar cheart leabhair den chineál sin – ar minic rudaí seanfhaiseanta iontu nach bhfuil ag teacht le tuiscintí an lae inniu i leith an tsaoil – a chur ar fáil arís don aos óg? Agus, má táthar le hathfhoilsiú, ar cheart iad a leasú le go mbeidh siad ag teacht le tuiscintí comhaimseartha? B’in an cinneadh a rinne Puffin Books in 2023 agus iad ag déanamh athchló ar shaothair Roald Dahl; bhain siad amach nó leasaigh siad go leor tagairtí sna leabhair sin a d’fhéadfadh a bheith maslach do dhaoine ar bhonn inscne, cine, creidimh agus eile. Tógadh raic faoin gcinneadh sin, agus sa deireadh rinne Puffin cinneadh an dá thrá a fhreastal – na leaganacha athchóirithe a choinneáil ach atheagráin de na seanleaganacha a chur amach chomh maith, faoin teideal ‘The Roald Dahl Classic Collection’.

Níl aon amhras ach go bhfuil roinnt rudaí in eachtraí Réics Carló nach nglacfaí leo i leabhair a scríobhfaí do dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Mar shampla, as na ceithre leabhar ar cuireadh athchló orthu, is in An Corpán sa Trunc amháin atá carachtar mná sa scéal – is í sin Caitlín Mhic Gearailt, baintreach an chorpáin ón teideal – agus ní mhaireann a ról féin ach cúpla leathanach. Ní thugtar léiriú an-dearfach ar eachtrannaigh sna scéalta ach an oiread, ar minic gur bithiúnaigh iad nó daoine ar bheagán moráltachta. Ní raibh rud ar bith as an ngnáth ag baint le ceachtar de na rudaí sin ag an am, faraor, ach a mhalairt – bhí siad de dhlúth agus d’inneach sa seánra bleachtaireachta ag an am agus go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Ní dhearna muid ach leasú beag anseo is ansiúd le cuid de na tagairtí is measa den chineál sin a mhaolú, abair tagairtí a bhí maslach do dhream faoi leith, cuir i gcás na Giúdaigh (rud a bhí arís, faraor, an-choitianta i leabhair na tréimhse agus ní sna scéalta bleachtaireachta amháin). [Sílim go bhfuil sé tábhachtach a rá go gcreidim go láidir nach aon léiriú ar charachtar Uí Shándair féin a leithéidí a bheith sna leabhair seo. Is fiú a chur san áireamh go raibh sé óg ag an am (thart ar fhiche a haon) agus go raibh sé ag déanamh aithrise ar scéalta den sórt céanna a bhí ar fáil go forleathan i mBéarla. Is fiú a lua freisin, de réir mar a choinnigh Ó Sándair air ag scríobh, gur éirigh sé an-cheannródaíoch (don ré ina raibh sé ag scríobh) sa léiriú a rinne sé ar mhná agus ar dhaoine de chúlraí difriúla.]

Ní lia duine ná tuairim, mar a deirtear, agus is fíor sin go háirithe i dtaobh na ceiste áirithe sin. Tá cumhacht ag leabhair do dhaoine óga; imríonn siad tionchar ar thuiscint léitheoirí ar an saol thart timpeall orthu (cé go mb’fhéidir nach bhfuil an tionchar sin chomh láidir i ré seo na scáileán is a bhíodh sé). Ní mór dúinn ar fad, idir scríbhneoirí, eagarthóirí, fhoilsitheoirí, thuismitheoirí, mhúinteoirí agus eile, meas a bheith againn ar an gcumhacht sin agus muid ag cur leabhair i lámha daoine óga. Ach sílim gur féidir le léitheoirí os cionn aois faoi leith – agus is ar dhéagóirí atá na leabhair seo dírithe – dul i ngleic le seanleabhair ar bhealach níos criticiúla ná mar is féidir le páistí níos óige, agus go bhfuil sé tábhachtach an deis sin a thabhairt dóibh. Tugann leabhair Uí Shándair léargas an-spéisiúil dúinn ar an gcaoi a raibh an saol sa tír seo i lár an fichiú haois, idir mhaith agus olc, agus is rud luachmhar é sin. Agus, ar ndóigh, tá na scéalta féin chomh spraíúil, eachtrúil is a bhí riamh.