Seanchas Foclóra agus Filíochta

Máire Nic Mhaoláin

Roinneann Máire Nic Mhaoláin linn cuid den seanchas agus de na cuimhní atá aici féin ar na daoine a bhíodh ag obair sa Ghúm ar Fhoclóir Uí Dhónaill

Faoi lár an 20ú haois is ea a cuireadh tús leis an tionscnamh ba mhó agus ab uaillmhianaí ag an Ghúm ó foilsíodh Foclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe (FBG) i 1958, mar atá, Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (FGB).

Dála shaothar de Bhaldraithe, bheadh an cló rómhánach agus an caighdeán oifigiúil ann ó thaobh litrithe agus gramadaí, ach é mar aidhm aige ‘an chuid is coitianta de stór focal na Nua-Ghaeilge a thabhairt le chéile agus a mhíniú i mBéarla.’ Bhí lán béil sa mhéid sin.

Ní raibh an focal ‘corpas’ i réim an uair sin, ach níl amhras ach gur corpas Gaeilge a cruthaíodh as leabhair agus foinsí clóite eile ó Ré na hAthbheochana anuas, as Gaeltachtaí idir mhór is bheag, idir litríocht dhúchasach agus aistriúcháin. Bhí líonra fairsing de shaineolaithe agus d’institiúidí a thug cuidiú fial ó thús go deireadh, mar is léir ón liosta admhálacha i réamhábhar an fhoclóra féin – scoláirí, múinteoirí, béaloideasaithe, foclóirithe, scríbhneoirí de gach cineál, agus forais eile stáit mar Rannóg an Aistriúcháin, a thug treoir i dtaobh an Chaighdeáin. Bhí Tomás de Bhaldraithe ina Eagarthóir Comhairleach ó thús, ach shamhlóinn gur i dtosach aimsire is gníomhaí a bhíodh sé agus é ag plé le prionsabail agus leagan amach, etc, nó faoin am a bhí an saothar ina phrofaí is beag má bhí aon teagmháil aige linne ar fhoireann an fhoclóra, amach ó Niall Ó Dónaill, is dócha. Níor chuir sé cos i seomra an fhoclóra le mo linnse, ná níor chuir sé chugainn ná uainn riamh, cé go mbíodh sé sa Ghúm ó am go chéile. Is cinnte nárbh aon mhicreabhainisteoir é.

Sainchomhairleoir ar an Chaighdeán a bhí i Muiris Ó Droighneáin, múinteoir a raibh colún rialta aige ar An tUltach, agus uair amháin thug dream againne i mBéal Feirste cuireadh dó theacht le caint a thabhairt do chiorcal léitheoireachta a bhí againn. Thug Muiris cuid mhaith ama, mar ba dhual, ag iarraidh a dhéanamh amach cé acu a dúirt nó a scríobh an Cadhnach ‘gal shoip’ nó an amhlaidh a chuir duine éigin sa Ghúm an séimhiú ann. Is beag a shíl mé go mbeinn féin lá ab fhaide anonn sa Ghúm agus mé ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna dá leithéid.

De bhreis ar na daoine a chuir isteach liostaí focal, nó a léigh an iomad leabhar don tionscnamh, etc., fuarthas cead daoine a fhostú ar fhoireann an Ghúim ar bhonn níos foirmiúla, ar chéim Eagarthóir Cúnta, mar shampla. San am sin ní raibh céimeanna ollscoile coitianta sa státseirbhís agus bhí iarrthóirí do phoist an fhoclóra agus don Ghúm féin gann. Cinneadh ansin daoine oiriúnacha a fháil ar iasacht ó áiteanna eile sa státseirbhís, daoine a n-éireodh leo i scrúdú an Ghúim gan aon chéim ollscoile. Ar na daoine a ceapadh ar an fhoclóir dá thoradh sin bhí Séamas Ó Dúgáin, a d’oibrigh roimhe sin sa Roinn Oideachais agus sa Roinn Rialtais Áitiúil, agus Annraoi Ó Liatháin a bhí fostaithe formhór an ama go dtí sin san Oifig Luachála. Seans go raibh corrdhuine eile fostaithe ar na tosca sin nó ar thoisc ‘neamhrialta’ eile roimh m’amsa, ach níor den mhúineadh barraíocht fiosrúcháin a dhéanamh, ar eagla freagra géar giorraisc.

Thart fán bhliain 1972 a ceapadh mise ar an ghnáthshlí, de bharr comórtas oscailte, i m’Eagarthóir Cúnta sa Ghúm. Ní ar thaobh an fhoclóra a thosaigh mé, ach i ndiaidh cúpla bliain ag plé le téacsleabhair agus foilseacháin ghinearálta, aistríodh mé go dtí an taobh sin le bheith ag comhordú obair na bprofaí, a bhí tosaithe a theacht isteach i ndiaidh cúig bliana déag de thiomsú agus de réiteach, etc. Agus de réir rialacha agus chleachtais uile na Roinne Oideachais, mise an tEagarthóir Cúnta ba shinsearaí san áit (rud nach raibh a fhios agam féin ná ag mórán eile). Bhí sé scríofa ar mo pháipéar ceapúcháin (atá agam go fóill) gur le bheith ag obair ar leabhair agus ar fhoclóirí a bheinn.

Bhí na profaí ag teacht fá dheireadh, bhí deireadh ag teacht le conradh Néill Uí Dhónaill agus gan deireadh na n-iontrálacha scríofa go fóill. Ceapadh mise i m’Eagarthóir le cuid den ualach a thógáil de Niall agus é a shaoradh ó chúraimí leis an fhoireann, leis na clódóirí, le hOifig an tSoláthair, leis an Choiste Téarmaíochta, etc., agus an chuid eile de théacs an fhoclóra a scríobh, nó is ina lámh féin a scríobhadh sé gach uile fhocal. Clóscríbhinn den leagan críochnaithe sin a chuirtí go dtí na clódóirí de réir a chéile. Ní raibh ríomhairí sa Ghúm san am, ach is ar ríomhaire a bhí na profaí ag na clódóirí. A cúig nó a sé d’Eagarthóirí Cúnta a léadh na profaí, agus mé féin mar an gcéanna, de réir mar a thiocfadh siad ó na clódóirí, agus gach duine ag léamh profa den téacs a dó nó a trí de chuarta, nó níos minice uaireanta. Bhreacainnse na torthaí isteach ar an mháistirphrofa ansin.

Ní raibh ábhar nua le cur isteach ón phointe sin anuas, mar ní raibh leabhair nuafhoilsithe etc á léamh go córasach níos mó, ach níor mhiste an riail sin a bhriseadh corruair. Sampla maith ba ea traslitriú na dtéarmaí teicniúla. Bhí córas nua traslitrithe le cur i bhfeidhm ar na profaí, nó bhí athrú mór orthu ó aimsir FBG, agus fás mór ar an téarmaíocht féin i gcuid mhór de réimsí an tsaoil. Ba mhaith an litriú nua a bheith ar taifead in FGB sula gcuirfí téacsleabhair, etc., i gcló leis an tseanlitriú. Coiste de chuid na Roinne Oideachais ba ea an Coiste Téarmaíochta an uair sin. Níor chuid den Ghúm é. An tAire Oideachais a cheapadh baill an Choiste.

B’ábhar iontais méid agus fairsinge na hoibre a rinneadh go dtí sin ar an fhoclóir. I dtosach báire, bhí na mílte agus na mílte treoirchártaí ann, ar ar scríobhadh na focail agus na frásaí samplacha as an iomad foinsí a d’fhéadfadh a bheith i gceist san fhoclóir ar ball. Bhí sin ar coimeád, in ord aibítre, sna sraitheanna de tarraiceáin fhada adhmaid, ina raibh na cártaí chomh dlúite le chéile gur dhoiligh an ceann a bhí uait a tharraingt amach agus gur dhoilí fós é a chur ar ais ina ionad gan an lámh a bhaint díot. Ansin bhí sraitheanna imleabhar ina raibh ábhar na gcártaí mar aon lena mbrí, etc., breactha isteach de láimh ag an tseanfhoireann agus inisealacha na n-údar agus na saineolaithe ag a bhfuarthas iad ag gabháil leis na cinn a nglacfaí leo. Ní raibh aithne agamsa ar laochra sin na n-inisealacha, ach ní fhéadfaí gan suntas a thabhairt do thriúr a luadh go rímhinic le taobh a chéile, mar a bhí Seán Ó Caomhánaigh (Seán a’ Chóta), Donnchadh Ua Buachalla, agus fear eile nach cuimhin liom a ainm níos mó. Ba chuid de bhéaloideas an Ghúim é go mbíodh an triúr sin ag iomaí le chéile agus faitíos ar gach duine acu go mbeadh focal ag an bheirt eile nach mbeadh aige féin.

Ar na daoine nár casadh orm sa Ghúm agus a d’oibrigh ar an fhoclóir bhí Séamus Ó Grianna, fear a raibh a ainm go hard ‘sa táin’ agus é dáigh ina chuid tuairimí faoin Ghaeilge agus go dubh in éadan an Chaighdeáin Oifigiúil ar ball. Ní raibh mórán foighne aige le foghlaimeoirí bochta nach mbeadh an teanga i gceart acu. Bhí riail aige, más fíor dó féin, gan Gaeilge a labhairt le daoine nach mbeadh sí acu ó dhúchas. Bheannaigh Breandán Ó hEithir (as Árainn) dó lá ar an tsráid agus fuair sé faobhar na teanga ó Shéamus as bheith ag labhairt teanga nach raibh aige. Ní insítear cén sciolladh a fuair sé ar ais! Agus leis an bhéaloideas go fóill, nuair a thosaigh Éamonn Ó hÓgáin a labhairt leis i nGaeilge, dúirt Séamus nach labhródh sé Gaeilge leis an té nach mbíodh sí aige ó dhúchas. D’fhreagair Éamonn nach labhródh sé féin Béarla le duine nach mbeadh an Béarla aige ó dhúchas. Bhí cúpla bean sa Ghúm le mo linnse a mhaígh cairdeas le Séamus Ó Grianna; ní foláir nó is i mBéarla a bhíodh na comhráite, bíodh nach aon easpa Gaeilge a bhí ar na mná céanna. Bhí eisceacht don riail aige, ar ndóigh. Cheadódh sé do dhaoine as an tuaisceart Gaeilge a labhairt leis agus canúint Uladh a thógáil. Bheinnse saor mar sin. Agus bhí a chuid leabhar uilig léite agam as m’óige.

Bean de na mná cineál ‘neamhrialta’ sa státseirbhís ab ea Máire Ní Aimhirgin as Tiobraid Árainn (bíodh gur dhúirt a comharsa Séan Ó hUallacháin os íseal liom gur Laoiseach ó cheart í). Bean álainn éirimiúil í Máire arbh é mian a croí bheith ina dochtúir, ach idir ‘an cailín’ a bheith uirthi ina hóige agus cuid dá muintir a bheith amhrasach fá mhná a bheith ag dul le leigheas mar shlí bheatha, casadh sa Ghúm fá dheireadh í, without portfolio, ach dhéanfadh sí taighde de gach sórt ann. Bhí mise mar chineál printíseach aici ar feadh tamaill sular ceapadh mé ar an fhoclóir agus muid ag gabháil go sona d’ainmneacha Gaeilge na luibheanna, etc. Sílim gurbh in an tréimhse ab aoibhne a chaith mise riamh san áit. Bhí Máire eolach ar chúrsaí sláinte agus leighis, agus ar an oiread rudaí eile, agus aithne aici ar an oiread daoine saoithiúla. Bhí comhfhreagras aici, más fíor, le muintir Grace Kelly sular phós sí Prince Rainier, rud a chreidfinn go maith. Agus blianta roimhe sin, bhíodh tae aici corruair i mBaile Átha Cliath leis an Count Taaffe, ‘a breath of the old Austro-Hungarian Empire’. (Seans gur mac leis an Chunta a bhí ann.) Bhí sí cóir cothrom i gcónaí, agus teann as a tuairimí féin. Déarfadh sí, sa Bhéarla a labhraíodh sí de ghnáth, dá bhfeicfeadh sí rud ar bith as cosán ar siúl sa Ghúm, ‘I could write a book about this place!’ Faraor, níor scríobh sí an leabhar, atá gan scríobh go fóill. Focal eile uaithi a chuaigh sa stair ‘I won’t hear a word against the Earl of Cork!’ a lig sí aisti nuair a shiúil sí isteach i lár díospóireacht fán Ghaeilge ar ‘Boyle’s Law’.

Bhí Annraoi Ó Liatháin i mo rannógsa agus FGB ar siúl. D’iarr sé seomra dó féin, agus fuair, ar an ábhar, a dúirt sé, go raibh sé chomh tobann teasaí sin go gcuirfeadh sé as don chuid eile againn. Níor cuireadh ina aghaidh. Tamall ina dhiaidh sin bhuail sé isteach agus d’iarr iasacht de leabhar a chonaic sé agam, mar a bhí, Orain Iain Luim (dánta i nGaeilge na hAlban), agus nuair a tháinig leabhar nua le hAnnraoi amach ar ball nach raibh véarsa le hIan Lom ann. Ní raibh sé chomh teasaí liomsa as sin amach. Blianta ina dhiaidh sin, bhuail sé isteach i m’oifigse, agus sheas sa doras mar a bheadh teachtaire an mhí-áidh in Togail Bruidne Dá Derga gur fhiafraigh díom an raibh an dán ‘Fontenoy’ agam. Bhí, agus b’iúd an bheirt againn á aithris go seolta ó thús deireadh, agus triúr den fhoireann ag éisteacht go huaibhéalta. D’fhiafraigh fear acu sin arbh é Alfred Lord Tennyson a chum an dán. Ansin bhí ‘Hohenlinden’ agus ‘After Blenheim’ le haithris agam sular imigh Annraoi. Ní thuigim go fóill caidé mar a bhí a fhios aige go mbeadh na dánta sin ar mo theanga agam (giotaí de ‘After Blenheim’ go hachrannach) ná cén gnó a bheadh aige díobh.

Ach cúrsaí filíochta de, ní filíocht a shamhlófá le ‘harmless drudges’ an Ghúim. Ach bheadh dul amú ort. Tháinig mé uair amháin ar véarsa i lámh Shéamais Uí Dhúgáin, ach níl a fhios agam an é féin a chum. Cúpla focal ar fhoclóir an Duinnínigh a spreag an t-éigeas, mar atá Donn agus gabhairín, agus caithfidh tú féin iad a aimsiú.

On his lonely sand dune off the coast of Clare,

Donn’s silent reverie is oft-times spoiled,

As he hears from the mainland the raucous cry

As the jacksnipe announces that his milk is boiled.

Tháinig deireadh le cúrsaí filíochta sa Ghúm i ndiaidh
sheoladh FGB i 1978.

Máire Nic Mhaoláin

Scríbhneoir, eagarthóir agus aistritheoir í Máire Nic Mhaoláin