An Gúm agus Scríbhneoirí Cruthaitheacha

Máirín Nic Eoin

Bhí ábhar díomá agus gearáin ag scríbhneoirí faoin nGúm, ach bhí na dea-scéalta ann leis, a deir Máirín Nic Eoin

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar obair an Ghúim le blianta beaga anuas, agus athléamh ó bhonn á dhéanamh ar fheidhmiú scéime a chuir olc agus díomá ar chuid de na scríbhneoirí ba mhó a raibh gealladh fúthu nuair a céadbhunaíodh í. Ar na húdair ghearáin ba thromchúisí a bhí ag scríbhneoirí cruthaitheacha, bhí 1. an róbhéim (mar a b’fhacthas dóibh é) a bhí á cur ar chúrsaí aistriúcháin agus 2. an coimeádachas agus an piúratánachas a samhlaíodh le próisis chinnteoireachta agus eagarthóireachta na heagraíochta. San alt seo, tarraingeoidh mé ar chuid den taighde is déanaí, agus ar roinnt foinsí eile a bhaineann le hábhar, d’fhonn an dá ghné sin a phlé.

Cúrsaí aistriúcháin

Mar a mheabhraíonn Gearóidín Uí Laighléis dúinn, nuair a cuireadh comórtas ar bun sa bhliain 1927 d’fhonn aistritheoirí liteartha a aimsiú, léiríodh an-spéis ann. Ní hamháin gur chuir 79 scríbhneoir isteach air ach rinne a thuilleadh fós fiosruithe ina thaobh. D’fháiltigh Máirtín Ó Cadhain roimh an scéim agus i litir chuig an nGúm luaigh sé a spéis úrscéal nó dráma a dhéanfadh cur síos ar shaol na hÉireann a aistriú, saothar ar nós My New Curate le Canon Sheehan nó dráma le Lady Gregory. Snáth so-aitheanta in obair an Ghúim sna blianta tosaigh sin ab ea aistriú saothar Béarla le húdair Éireannacha a raibh gean an phobail orthu. Idir 1930 agus 1936 foilsíodh leaganacha Gaeilge de thrí shaothar an duine le Sheehan agus Gregory. D’aistrigh an Cadhnach an chaibidil tosaigh de My New Curate sa bhliain 1928, ach beartaíodh gurbh fhearr a phléifeadh aistritheoir Muimhneach le hábhar agus le héirim an bhunleabhair agus ba é Pádraig Ó Corcordha a d’aistrigh an leabhar a foilsíodh sa bhliain 1935. Chuir an Cadhnach comaoin ar an ngné sin den obair, áfach, lena leagan de Sally Kavanagh Kickham, a foilsíodh faoin teideal Saile Ní Chaomhánaigh sa bhliain 1932.

Agus é ag breathnú siar ar litríocht na hAthbheochana sa bhliain 1949, léirigh Máirtín Ó Cadhain dearcadh oscailte maidir le cineál agus caighdeán liteartha na saothar a roghnófaí le haistriú: ‘Ní abraím nárbh ionmholta an rud leabhra nach den chéad scoth a aistriú. Ba cheart go ndéanfaí sin leis na samplaí ab fhearr de gach earnáil den scríbhneoireacht. Aon chineál leabhar Gaeilge a bhfuil éiliú réasúnta ag an bpobal orthu, is ceart a dtabhairt dóibh chomh tiugh gasta is is féidir a dhéanamh’. B’fhurasta a áiteamh gurb in díreach an rud a bhí ar intinn, agus á dhéanamh, ag an nGúm. B’údar gearáin ag an gCadhnach ina dhiaidh sin féin nár aistríodh níos mó de ríshaothair liteartha an domhain, go háirithe ríshaothair i dteangacha seachas an Béarla. Bhíothas faoi shrian ag inniúlachtaí teanga na scríbhneoirí, ach mar sin féin is gá a aithint gur tionscnamh ilteangach a bhí sa scéim aistriúcháin ón tús. I measc na seodleabhar a bhí mar thoradh air, bhí Pinocchio (1933), aistriúchán leis an údar Corcaíoch Pádraig Ó Buachalla ar an saothar clasaiceach Iodáilise le Carlo Collodi; Maria Chapdelaine (1933), aistriúchán Risteáird Uí Fhoghludha ar an úrscéal rómánsúil den teideal céanna le Louis Hémon, ar clasaic de chuid litríocht Fhrancafónach Cheanada é; Dracula (1933), aistriúchán leis an Déiseach Seán Ó Cuirrín ar mhórshaothar Bram Stoker; Féin-Scríbhinn Fíor-Shreothaidhe (1938), aistriúchán Choilm Uí Ghaora ar The Autobiography of a Super-Tramp (1908) leis an scríbhneoir Breathnach W. H. Davies; agus Iascaire Inis Tuile (1953), aistriúchán le Séamus Ó Grianna ar an leabhar iomráiteach Pêcheur d’Islande (1886) le Pierre Loti.

Gné de scéal na n-aistriúchán nach luaitear go rómhinic is ea go raibh an t-aistriú ó theangacha eile mar dhlúthchuid de ghluaiseacht liteartha na hAthbheochana sular bunaíodh An Gúm. Ba iad na Corcaígh Donnchadh Pléimeann, Tadhg Ó Murchadha (Seandún) agus an tAthair Peadar Ó Laoghaire, aistritheoirí Eachtra na nArgonátach (1904), Eachtra Robinson Crúsó (1909) agus Don Cíochoté (1921), faoi seach, na ceannródaithe ó thaobh aistriú an phróis de. Bhíodh comórtais Oireachtais ann d’aistriúcháin, d’fhoilsítí aistriúcháin sna tréimhseacháin agus d’fhoilsítí cnuasaigh gearrscéalta a raibh aistriúcháin agus scéalta nuachumtha le fáil taobh le taobh iontu.

Sampla eile den leanúnachas sa réimse seo is ea an t-athchló a rinne An Gúm sa bhliain 1936 ar an gcnuasach Beirt Dhéiseach (1922) le Seán Ó Cuirrín. Tá scéal nuacheaptha amháin sa chnuasach sin, taobh le trí aistriúchán (ó bhunsaothair le Washington Irvine, Leo Tolstoy agus Lorimer Stoddard). Sa chuntas magúil a thugann Ó Cuirrín ar obair an Ghúim sa Rinn ina leabhar Psaltair na Rinne: grinnsheanchus iolscoile na Mumhan i Rinn ó gCuanach (1934), déanann sé ionannú idir ‘an ghúmadaeracht’ agus cúrsaí aistriúcháin. Nuair a chloiseann pobal Choláiste na Rinne go bhfuil seic do thríocha punt faighte ag a gcomharsa Nioclás Tóibín ar son a shaothar aistriúcháin, is amhlaidh a thugann siad go díocasach, le cabhair an tseanchaí áitiúil (Mícheál Turraoin nó Micil an chuntais), faoi dhreas ‘gúmadaerachta’.

Ar an gcuid is lú ar fad de, ba fhoinse ioncaim do scríbhneoirí Gaeilge a bhí sa scéim aistriúcháin, cleachtadh rialta pinn agus pátrúntacht luachmhar, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go raibh an tOireachtas, agus na comórtais litríochta a bhain leis, ar fionraí idir 1924 agus 1939. D’uireasa caighdeáin oifigiúil, tugadh saoirse do scríbhneoirí Gaeltachta a gcanúintí féin a shaothrú sna haistriúcháin agus, mar atá áitithe ag Máirtín Coilféir, ní hamháin gur bhain an éagsúlacht teanga a cheadaigh an scéim den fhorlámhas a bhí á bhaint amach ag Gaeilge na Mumhan i ngnóthaí oifigiúla an stáit sna 1920idí agus sna 1930idí, ach d’fhéadfaí breathnú ar na haistriúcháin liteartha a tháinig ó cheantair Ghaeltachta áirithe mar chuid dhílis d’oidhreacht nualitríochta na réigiún sin. Mar a deir Coilféir, ‘Chuir an scéim aistriúcháin an litríocht chanúnach chun cinn ar bhealach nach mbeadh ar fáil dá mba ag brath ar cheapadóireacht bhunaidh amháin a bheadh na húdair.’ Thug sí deis do cheantair bheaga Ghaeltachta comaoin mhór a chur ar an nualitríocht (tháinig dhá scór aistriúchán ó cheantar na nDéise, mar shampla), agus deis do chainteoirí dúchais nár scríbhneoirí ficsin iad féin – na Conallaigh Niall Ó Domhnaill agus Domhnall Ó Grianna, mar shampla – an teanga a aclú agus raon saothar Béarla le húdair éagsúla á nGaelú acu.

Coimeádachas agus piúratánachas

Mhaígh alt a foilsíodh in Comhar i mí Iúil 1949 gur institiúid í Oifig an tSoláthair ‘chomh fada agus a bhaineann sé le foilsiú na Gaeilge go mór mhór, atá chómh coimeádach is a bhíodh Bórd Cinsireachta Tsár na Rúise’ Bhí an piúratánachas agus an fhéinchinsireacht a ghin sé ar na lochtaí iomadúla a fuair Máirtín Ó Cadhain ar nualitríocht na Gaeilge an bhliain chéanna:

Ní theagann beithígh faoi dháir i leabhra Gaeilge; is anuas le tuilte na Féile Míchíl a thig na naíonáin go léir; ní bhíonn mná ar bhruach an dá fhichead ag fiach fear, agus ná taobhaigh Portláirge ar a bhfaca tú ariamh! In a cheann sin, más leabhar leis an nGúm é – ní féidir tagairt ar bith a dhéanamh ann do chúrsaí poilitíochta, ná creidimh, ná an ghnáth-léirmheasadóireacht sin ar imeachta an tsaoil, ná an t-aighneas fúthu, is bia don litríocht.

Bhí cúiseanna go leor ag an gCadhnach leis an mbreith ghéar sin a thabhairt. Dhiúltaigh An Gúm do roinnt saothar leis, ach ba í an ghoin ba mhó ná an cáineadh a rinneadh ar dhá cheann dá mhórscéalta a raibh sé i gceist aige iad a fhoilsiú sa chnuasach An Braon Broghach (1948). Na scéalta a bhí i gceist ná ‘Ciumhais an Chriathraigh’ agus ‘Lag an tSrutháin’ (ar athainmníodh mar ‘An Strainséara’ ina dhiaidh sin é). Ba é breithiúnas duine de léitheoirí an Ghúim, Seán Mac Giollarnáth, ‘nár cheart agus nár chiallmhar’ iad a fhoilsiú mar go raibh ‘adhbhar gránna’ iontu agus nach raibh ‘aon chlisteacht san innsint’. Scéal faoi shaol agus faoi mhianta mná aonair atá ar bhruach an dá fhichead é ‘Ciumhais an Chriathraigh’; scéal a phléann pian anama máthar atá tar éis cúig mharbhghin a thabhairt ar an saol é ‘Lag an tSrutháin’. Fuair Mac Giollarnáth locht eile ar an saothar freisin nuair a thug sé le fios go raibh faillí déanta ag an údar sna beannachtaí agus sna paidreacha agus sna molta a bhíonn ‘i gcómhnaidhe ar bhéal mná na Gaeltachta’. Ba mhasla don Chadhnach an tuairim seo mar gur thug sé le fios nár thuig sé tréithe ná gnáis a phobail féin nó nárbh acmhainn dó na tréithe sin a nochtadh i saothar liteartha.

Gné de scéal an chnuasaigh seo a léiríonn gurb é an cur chuige cúramach coimeádach, seachas tuiscint ar an gcumadóireacht liteartha, a bhí ag stiúradh na gcinntí is ea an chaoi nár tugadh éisteacht do na pointí a rinneadh sa dara tuairisc moltóra a iarradh. Ba é Liam Ó Briain a scríobh an tuairisc sin, fear liteartha oilte a bhí ina Ollamh le Teangacha Rómánsacha in Ollscoil na Gaillimhe, a bhí páirteach i dtionscnamh an Ghúim mar aistritheoir rialta drámaí ón bhFraincis, agus a thuig mórbhuanna liteartha Mháirtín Uí Chadhain. Is amhlaidh a mhol Ó Briain an cnuasach agus an t-údar go hard:

Ó thaobh fírinne agus ealadhan agus doimhneacht agus géire amhairc ar an anam daonna agus cumas Gaedhilgeorachta chun é sin a chur i bhfriotal, níl aon Chonnachtach a thagas i ngaobhar dó, agus an Piarsach, Padhraic Ó Conaire – sean agus óg – etc. a chur san áireamh….Molaim glacadh leis na sgéalta seo agus iad a chur i gcló. Is dóigh liom gur chefs d’oeuvres 3 nó b’fhéidir 4 cinn aca. Molaim gach aon rud a thagas uaidh a chur i gcló ar ala na huaire.

In ionad glacadh le breithiúnas an té a thuig éirim agus ealaín an údair, is amhlaidh a úsáideadh tionscnamh foilsitheoireachta an stáit chun luachanna coimeádacha a chosaint. Ba é mian Uí Chadhain cnuasach a fhoilsiú a mbeadh na scéalta ar fad ann bunaithe ar thaithí saoil ban. B’éigean dó an dá scéal a tharraingt siar agus scéalta de chineálacha eile ar fad a chur ina n-áit, rud a bhain d’aontacht théamúil agus aeistéitiúil an chnuasaigh.

Anois ní haon iontas go raibh An Gúm coimeádach. Bheifí ag súil le cur chuige cúramach coimeádach ó ghníomhaireacht stáit a bunaíodh sa bhliain 1926, trí bliana i ndiaidh rith an Achta um Scrúdóireacht Scannán 1923 agus trí bliana roimh rith an Achta um Scrúdóireacht Foilseachán 1929. Déarfaí níos déanaí gur éalaigh scríbhneoirí na Gaeilge ón gcuid is measa den chinsireacht liteartha, agus tá fírinne áirithe sa mhéid sin maidir le foilsitheoireacht na Gaeilge sna 1950idí agus 1960idí. Maidir leis na 1930idí agus na 1940idí, áfach, ba iad na luachanna morálta Caitliceacha a bhí á ndaingniú ag an reachtaíocht a bhí i réim in iliomad gné de shaol na tíre agus ba dheacair a shamhlú go mbeadh feidhmeannaigh ná léitheoirí an Ghúim saor óna dtionchar. Bhain gnéithe aeistéitice leis an bpróiseas meastóireachta a bhí ag an nGúm freisin, áfach, agus idé-eolaíocht teanga a bhí naimhdeach le hiarrachtaí áirithe litríochta.

Nuair a chuir Pádraic Ó Conaire roinnt moltaí foilsitheoireachta faoi bhráid an Ghúim in Eanáir 1928, ina measc moladh go gcuirfí athchló ar a úrscéal Deoraíocht (1910), glacadh le cuid de na moltaí ach rinneadh neamhaird den mholadh faoi Deoraíocht. I bhfocail Aindriais Uí Chathasaigh, ‘D’fhéadfaí an leabhar a fhoilsiú i 1910 agus i 1916, tráth a raibh borradh faoi shaol na n-ealaíon agus eile in Éirinn. Faoi 1928 bhí a mhalairt de shaol ann, an fhrithréabhlóid i réim, agus é róchontúirteach cuimhniú ar an úrscéal ba mhó sa nGaeilge go dtí sin a chur i gcló.’ Ar ndóigh, bhí conspóid i gceist maidir le Deoraíocht deich mbliana sular bunaíodh An Gúm, nuair a d’éirigh le gearán a rinne an tAthair Peadar Ó Laoghaire faoin leabhar, a bhí bunaithe cuid mhaith ar an léiriú ar chúrsaí collaíochta ann, an téacs a ruaigeadh ó chúrsa an Mháithreánaigh (Ollscoil na hÉireann) agus ó shiollabas Gaeilge an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chuaigh deartháir Uí Chonaire Isaac i dteagmháil leis an nGúm arís maidir leis an leabhar sa bhliain 1935 ach, mar atá léirithe ag Ó Cathasaigh, ba é an t-eiteachas, bunaithe ar mhí-oiriúnacht an ábhair (‘an stuif gáirsiúil gránna atá flúirseach go leor ann’), a bhí mar thoradh ar an iarracht sin freisin. Chuir an Comhlucht Oideachais eagrán nua den leabhar amach sa bhliain 1937, ach léiríonn na hathruithe a rinneadh ar na radharcanna collaí sa téacs san eagrán sin nárbh é An Gúm amháin a bhí faoi smacht ag meon na cinsireachta an uair sin.

Má bhain fadhbanna le gnéithe den insint i bprós-saothair le húdair Ghaeltachta, bhain dúshláin de chineálacha eile le hábhar a chuir an file agus an taidhleoir Denis Devlin agus a chara Niall Montgomery, a bhí fós ina mhac léinn ollscoile ag an am, chuig an nGúm i bhFeabhra na bliana 1935. Is éard a bhí ann ná samplaí ó thionscnamh uaillmhianach aistriúcháin ar nuafhilí na Fraince a bhí idir lámha ag an mbeirt acu. Mhínigh Devlin staid na hoibre sa litir chlúdaigh a chuir sé leis na samplaí: ‘Ba mhaith linn go dtuigfeadh sibh – ó b’obair íogair imeartha a bhí innte – nach bhfuil sa méid tá a’ gluaiseacht anois chugaibh ach adhbhar a snoighfear ’na ghréas d’réir a chéile againn’. Iarradh ar aon léitheoir amháin, an t-aistritheoir Micheál Ó Gríobhtha, sracfhéachaint a thabhairt ar an ábhar agus ba é a bhreith siúd nach raibh ‘an saothar so oireamhnach dúinn in aon chor’. Thug sé sampla ina thuairisc de leimhe agus de dhothuigtheacht an ábhair agus mhol sé cur chuige a d’fhéadfadh feabhas a chur ar na haistriúcháin. Níor cuireadh éirim iomlán na tuairisce ar aghaidh riamh chuig Devlin agus Montgomery, áfach, ná níor iarradh an dara tuairim maidir leis an ábhar.

Dhiúltaigh An Gúm do dhá shaothar a thairg Brian Ó Nualláin / Myles na gCopaleen dóibh: cnuasach dá chuid luathaistí grinn darb ainm Aistear Pheadair Dhuibh agus Aistí Eile, a chuir sé chuig an nGúm i mí na Samhna 1937, agus cnuasach ábhair óna cholún scigmhagúil san Irish Times, ‘Cruiskeen Lawn’, a chuir sé go díreach chuig Seosamh Ó Néill, rúnaí an Aire Oideachais, ar 23 Aibreán 1941. Mar atá pléite go mion ag Brian Ó Conchubhair, léiríonn an próiseas moltóireachta a bhain leis an dá iarratas seo go raibh greann intleachtúil agus trialachas ilteangach agus idirtheangach Mhyles i bhfad ró-ainrialta d’fheidhmeannaigh an stáit ina raibh Brian Ó Nualláin, páiste de chuid na hAthbheochana, fostaithe mar státseirbhíseach sinsearach. Ba é Seán Ó Cuirrín an chéad léitheoir ar cuireadh Aistear Pheadair Dhuibh agus Aistí Eile chuige i mí na Samhna 1937 agus bhí sé an-tógtha leis. Mar ba léir óna leabhar féin Psaltair na Rinne, ba dhuine é Ó Cuirrín a bhí go breá in ann ábhar scigaithrise a bhunú ar ghnéithe de shaol comhaimseartha na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar dhuine a rinne staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil Chorcaí nuair a bhí an Dr Risteárd de Hindeberg ina ollamh ann, thuig sé an spraíúlacht teanga in aistí Mhyles agus, cé gur admhaigh sé go raibh cuid acu ‘os cionn cumais na coitchiantachta’, shíl sé go bhféadfaí iad a chur in oiriúint trí leasuithe litrithe a chur i bhfeidhm. Ó thaobh an ábhair de, shíl sé go raibh siad suimiúil soléite agus gur mhaith ab fhiú buanchló a chur orthu. Tuairisc de chineál eile ar fad a tháinig ón dara léitheoir, an scoláire, file agus aistritheoir Tadhg Ó Donnchadha (Torna), ar cuireadh an t-ábhar chuige i mí na Nollag 1937. Níor thaitin greann easurramach an údair ar chor ar bith leis; shíl sé nach dtuigfeadh ach aicme áirithe daoine (céimithe nó fochéimithe ollscoile) na haistí agus gurbh fhearr don údar saothar seo na hóige a chur sa tine nó i bhfolach agus luí isteach ar ghreann ‘ná beidh díoghbháil ná damaint do dhuine ar bith dá bharr’. Ní fhéadfadh sé comhairliú don Ghúm an cnuasach a fhoilsiú sa chuma ina raibh sé. Cuireadh an t-iarratas, agus tuairisc Uí Dhonnchadha, faoi bhráid an tríú léitheoir, Risteárd Ó Foghludha (Fiachra Éilgeach). Thaobhaigh seisean le breithiúnas Uí Dhonnchadha agus ba é an toradh ná gur cuireadh in iúl don Nuallánach ar 14 Márta 1938 nach raibh an saothar ‘feilleamhnach dúinn’.

Na dea-leabhair

Má bhí ábhar díomá agus ábhar gearáin ag scríbhneoirí faoin nGúm, is fíor go bhfuil na dea-scéalta ann freisin. Ba é An Gúm a chéadfhoilsigh ríleabhair Thomáis Uí Chriomhthain, Allagar na hInise (1928) agus An tOileánach (1929). Chuir An tOileánach tús le cleachtas na scéalta beatha Gaeltachta agus ba ghearr gur féachadh air mar chlasaic de chuid na nualitríochta. Is fíor go ndearnadh eagarthóireacht air, gur baineadh de agus gur cuireadh leis chun an t-ábhar a chur in oiriúint do thuiscintí áirithe ar phobal agus ar chultúr na Gaeltachta i mbéal na nua-aoise. Ach is fíor freisin go raibh Tomás Ó Criomhthain teann as a ról féin mar údar, agus eolach ar a chearta maidir le ceisteanna eagarthóireachta, táillí agus cóipchirt. Bhí fonn air go n-éireodh go maith lena leabhar agus bhí muinín aige as Pádraig Ó Siochfhradha a bhí ag feidhmiú mar eagarthóir agus mar chomhairleoir liteartha aige. Díol suntais gurb é an rian a d’fhág an próiseas eagarthóireachta ar an gcéad eagrán de An tOileánach – an leagan amach, an t-ábhar paraitéacsúil, agus an chaibidil bhreise (gona dheilín iomráiteach ‘ná beidh ár leithéidí arís ann’) a d’iarr an t-eagarthóir ar an gCriomhthanach mar chríoch níos oiriúnaí ar a scéal – a spreag cuid mhaith den scigaithris ar an leabhar in An Béal Bocht. Thaitin An tOileánach go mór leis an Nuallánach; ba chomaoin ar an leabhar an earraíocht a bhain sé as gnéithe so-aitheanta den insint ann, ach níorbh é an Criomhthanach ná a shaothar sprioc na haoire in An Béal Bocht. Fáiltíodh go mór roimh an gcéad eagrán de An tOileánach ach ba é Cló an Talbóidigh, agus ní An Gúm, a chuir an dara cló air sa bhliain 1934, an bhliain chéanna ar fhoilsigh Cló an Talbóidigh leagan Béarla Robin Flower den leabhar. Cló an Talbóidigh freisin a d’fhoilsigh eagrán úr Phádraig Uí Mhaoileoin den leabhar sa bhliain 1973 agus eagrán Sheáin Uí Choileáin, an t-eagrán is dílse do bhunscríbhinn Uí Chriomhthain, sa bhliain 2002.

Tá nithe suntasacha eile le tuairisciú freisin maidir le tionchar an Ghúim ar fhorbairt na nualitríochta. Thacaigh An Gúm leis an bpróslitríocht réigiúnach trí shaothar scríbhneoirí Gaeltachta ar nós Shéamuis Uí Ghrianna agus Phádhraic Óig Uí Chonaire a fhoilsiú. Rinne siad cúram den drámaíocht trí aistriúcháin agus scripteanna nuascríofa a fhoilsiú ag tréimhse a raibh iarracht mhór á dhéanamh bonn a chur faoi amharclannaíocht na Gaeilge. D’fhoilsigh An Gúm scéalta beatha ghlúin na réabhlóide, ina measc cuimhní cinn gníomhaithe teanga agus cultúir agus polaitíochta. D’fhoilsigh siad leabhair thaistil agus saothair a bhí neamhchoitianta ó thaobh seánra de, leabhair ar nós Mo Chara Stiofán (1939) le Liam Ó Rinn, saothar smaointeoireachta bunaithe ar an gcaidreamh intleachtúil idir Ó Rinn agus an criticeoir agus an t-aistritheoir Stephen McKenna, agus Trí Glúine Gaedheal (1953), le Pádraig Ó Miléadha, cuntas fileata ar mhórathruithe polaitíochta, eacnamaíocha agus cultúrtha dheireadh an naoú haois déag agus thús an fichiú haois trí shúile Déiseacha. Ní dhearna An Gúm faillí i litríocht na cathrach agus d’fhoilsigh siad saothair ficsin a raibh blas uirbeach iltíreach orthu, an cnuasach gearrscéalta le Mícheál Mac Liammóir, Lá agus Oidhche (1929), mar shampla, agus an t-úrscéal Lucht Ceoil (1932) le hArt Ó Riain (‘Barra Ó Caochlaigh’). Cé go bhfuil laghad na mbanscríbhneoirí ar liostaí an Ghúim suntasach, is fiú aitheantas a thabhairt do shaothair áirithe, ar nós aistriúcháin Mhaighréad Nic Mhaicín ón Rúisis, ón bhFraincis agus ón mBéarla, drámaí Mháiréad Ní Ghráda agus a cnuasach tábhachtach gearrscéalta, An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile (1939). D’athfhoilsigh An Gúm leabhar filíochta Áine Ní Fhoghludha Idir na Fleadhanna (1922) sa bhliain 1930 agus d’fhoilsigh siad eagrán luachmhar Dhonncha Uí Dhonnchú de shaothar Mháire Bhuí Ní Laoghaire sa bhliain 1931.

Mar fhoilsitheoir nuashaothar liteartha, áfach, is fíor ar an mórgóir nár éirigh leis an nGúm aon mhórghaisce a dhéanamh. Ba iad na scríbhneoirí a bhí in acmhainn talamh nua litríochta a bhriseadh is mó a d’fhulaing i lámha bhreithiúna coimeádacha an Ghúim agus ba iadsan is mó freisin a bhí thíos leis an gcur chuige spadánta a chuir moill na mblianta ar fhoilseacháin áirithe. Faoi thús na 1940idí, ba léir nach raibh foireann an Ghúim in ann plé go héifeachtach le céimeanna uile ghnó na foilsitheoireachta. Dóibh siúd a d’fhógair agus a d’éiligh saoirse chumadóireachta – mar a rinne Seosamh Mac Grianna i gceann de na leabhair is suaithinsí agus is iontaí dár fhoilsigh An Gúm, Mo Bhealach Féin (1940) – bhí gá le malairt treo agus malairt físe. Cé go raibh sé ródhéanach don Ghriannach, nuair a bunaíodh Sáirséal agus Dill sa bhliain 1945, bhí údar dóchais nua ar fáil.

NÓTAÍ

1 Gearóidín Uí Laighléis, ‘Máirtín Ó Cadhain agus an Gúm’, in Gallán an Ghúim (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2017), 63-88.

2 Máirtín Ó Cadhain, ‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’, Feasta (Samhain 1949), 9. Athfhoilsithe (leis an litriú caighdeánaithe in áiteanna) in Seán Ó Laighin (eag.), Ó Cadhain i bhFeasta (Baile Átha Cliath: Clódhanna Teoranta, 1990), 85-110: 87.

3 Máirtín Coilféir, ‘Eitic na Fáilte san Aistriúchán agus An Gúm (1929-1939)’, Léann Teanga: An Reiviú (2015), 1- 19: 15. Ar fáil ar líne ag: https://doi.org/10.13025/w081-ze40.

4 ‘Misneach ag Teastáil’, Comhar (Iúil 1949), 13.

5 Ó Cadhain, ‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’, 9-10. Athfhoilsithe in Ó Laighin (eag.), Ó Cadhain i bhFeasta, 88.

6 An Gúm, N1128, An Chartlann Náisiúnta; Uí Laighléis, Gallán an Ghúim, 73-74.

7 Aindrias Ó Cathasaigh, ‘Réamhrá’, in Pádraic Ó Conaire [eag. Aindrias Ó Cathasaigh], Deoraíocht: Úrscéal ar an aimsir seo atá i láthair (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2024), xxxi.

8 Tomás de Bhaldraithe, ‘An tAthair Peadar agus an Craoibhín: Conspóid faoi Phádraic Ó Conaire’ in Tomás de Bhaldraithe (eag.), Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar,1982), 101-106.

9 Ó Cathasaigh, ‘Réamhrá’, xxxii.

10 Brian Ó Conchubhair, ‘Brian Ó Nualláin and An Gúm’, The Parish Review: Journal of Flann O’Brien Studies 6, no.2 (Fall 2022), 1-27. DOI: https://doi.org/10.16995/pr.8062.

11 Seán Ó Coileáin, ‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus an Seabhac’, in Breandán Ó Conaire (eag.), Tomás an Bhlascaoid (Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 1992), 233-265: 254-255; Breandán Ó Conaire, ‘An tOileánach i gCló’, ibid., 266-282.

Máirín Nic Eoin

Is Ollamh Emeritus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach/DCU í Máirín Nic Eoin.