Bestseller i nGaeilge
Mártan Ó CiardhaThaitin Lig Sinn i gCathú le Liam Ó Dochartaigh an chéad lá agus taitníonn fós
Ócáid shuntasach i saol na Gaeilge ab ea foilsiú Lig Sinn i gCathú leathchéad bliain ó shin. Ar feadh blianta bhí ráflaí go raibh Breandán Ó hEithir ag streachailt le húrscéal agus bhíothas ag súil go mór lena theacht agus cén cineál scéil a bheadh ann. Ón aithne fhorleathan a bhí ag an bpobal ar Bhreandán agus óna shaothar iriseoireachta sa dá theanga, cuma scríofa nó craolta, bhí súil le saothar faoi leith.
Rinneadh an t-uafás poiblíochta ag an am chomh maith agus bhí amhras ann gurbh é an t-údar féin ba chúis le cuid mhaith di. Tá léirmheasanna le Daithí Ó hUaithne ón Irish Times agus le John Jordan i Scéala Éireann coinnithe fós agam i mo chóip den leabhar chomh maith le scéal beag nuachta ón Irish Times, 14ú Aibreán 1976, ‘Ó hEithir book a best-seller’ ina ndeirtear Breandán ó hEithir’s award-winning novel ‘Lig Sinn i gCathú’ this week became the first book written in Irish to top the list of best-seller books in the hard-back fiction section.
I mo léachtóir in Ollscoil Nua Uladh i gCúil Raithin a bhí mise ag an am, agus cónaí orainn i bPort na Binne Uaine/Port Stiúbhairt. Tháinig an leabhar ar an bpost chugam ar an 25 Márta 1976, ó Chlub Sháirséal agus Dill, más buan mo chuimhne. Thosnaigh mé á léamh láithreach. Chríochnaigh mé á léamh ag a trí a chlog an mhaidin dár gcionn, de réir nóta a bhreac mé dom féin sa leabhar ag an am. Ghéill mé don gCathú d’aon iarraidh amháin.
Bhí gach ar bhain leis an leabhar óg dar liom, lán le fuinneamh na hóige ag freagairt do chuid de mo thaithí saoil féin. Bhí mé féin óg go maith fós agus bhí cúiseanna faoi leith agamsa fáilte a chur roimh an leabhar agus é a léamh le fonn.
Bhí aithne agam ar an údar. Cé go raibh mise cúig bliana déag níos óige ná é, bhí méid áirithe i bpáirt againn le chéile: ba Ghaillimheach mise, a rugadh sa teach banaltrais céanna leisean (Seamount ag bun Bhóthar na Mine in aice leis an gCarraig Dhubh), agus a tógadh le Gaeilge sa chathair faoi thionchar láidir Árannach (Inis Meáin mar a tharlaíonn ach sin scéal eile). Cheannaigh mo mhuintir teach máistir scoile in Árainn sa bhliain 1950, i gCill Éinne sa gceann thoir den oileán, leathcheann an tí i gCill Rónáin inar chaith Breandán blianta tosaigh a shaoil; is ann a chaitheamarna chuile shamhradh go ndeachamar ar coláiste. Chaith mé féin agus mo cheathrar dearthár blianta taitneamhacha ar Ollscoil na Gaillimhe agus bhí luí againn leis an nGearmáin agus leis an nGearmáinis (ba chéimí le Gearmáinis í ár máthair Neans agus múinteoir Gearmáinise). Chaith mise agus mo dheartháir Aodh dhá mhí ar chúrsaí éagsúla sa nGearmáin leis an Goethe Institut - i Lüneburg i dtuaisceart na tíre a bhí mise, Lúnasa/Meán Fómhair 1963; ó dheas a bhí Aodh) ach ba é Pádhraic s’againne máistir na Gearmáinise sa líon tí agus is é fós. Cúrsa a rinne Breandán sa Goethe Institut i Freiburg cúlra an scéil ‘Mario agus an Sexwagen’ in Comhar, Mheán Fómhair 1964.
In ainneoin na gceangal le hÁrainn, ba shuaimhní Breandán sa mbaile mór; ina fhear fásta b’fhear cathrach cruthanta é. Ag trácht ar théarmaíocht, ‘baile mór’ a thugamarna riamh ar Ghaillimh; ní raibh meas ná dímheas cathrach riamh againn ar an áit. Maidir le beatha aoibhinn an scoláire, dhá rud nach raibh i bpáirt againn féin le Breandán, taithí ag plé le mná lóistín na Gaillimhe ná scoláireachtaí ollscoile a mbíodh an-fháilte rompu ach a mbítí ag síorghearaán faoin moill á n-íoc.
Chastaí ar a chéile sinn anois agus arís agus bhíodh caint air sa mbaile agus ar scoil, faoi mar a bhítí ag trácht ar Phroinsias Mac Aonghusa, ar a athair Críostóir, ar Phádhraic Ó Raghallaigh agus ar Sheán Mac Réamoinn. Chaith mé sé seachtainí ó Shamhain go Nollaig bhliain na hArdteiste in aon bharda le Críostóir in ospidéal Chalbhaire na Gaillimhe théis dom cnámh mo ghualainne a bhriseadh ag imirt peile ar scoil. Bhí Éamonn Ó Tuathail as Eoghanacht in Árainn ann an t-am céanna, agus seanchainteoir Gaeilge as Mionlach ag saothrú an bháis. Who’s Who na Gaeilge ar cuairt ag Críostóir. Dianchúrsa Gaeilge agus i gcora casta an tsaoil, le hargóintí agus díospóireachtaí bríomhara barrúla de ló is d’oíche. Oideachas iontach do bhuachaill sé bliana déag ag cúléisteacht!
Ar mheánscoil dom i gColáiste Iognáid i nGaillimh, is cuimhin liom gur tháinig Breandán chugainn nuair a bhí sé ag obair le Raidió Éireann (deireadh na gcaogaidí, nó tús na seascaidí). Bhíodh dráma nó ceoldráma Gaeilge chuile bhliain agus páirteanna agam féin iontu ón mbunscoil aníos. Bhíodh ábhar clár raidió iontu uaireanta.
Tá ócáidí éagsúla ag sileadh isteach ina chéile i mo chuimhne faoin tráth seo, ach is cuimhin liom Proinsias Mac Aonghusa a theacht chugainn chomh maith le Breandán ach ní cuimhin liom ar tháinig siad le chéile. Cuireadh mise faoi agallamh ag chaon duine acu agus ar ócáid amháin chas mé amhrán, ‘Nithe ‘tá álainn’ as Maritana (1961 nó 1962). Blianta ina dhiaidh sin, thaistil mé ó dheas as Cúil Raithin le bheith ar an gclár Féach agus tháinig siadsan aneas i 1971 le clár a dhéanamh faoin nGaeilge san ollscoil nuabhunaithe, cé nárbh é Breandán an láithreoir an t-am sin ach Éamonn Ó Muirí agus Joe Mulholland á stiúradh. Bhí clú nó míchlú tarraingthe againn orainn féin i gCúil Raithin mar thoradh ar dhráma gearr bunaithe ar an seanscéal Fingal Rónáin; Rónán Rí a bhí ar an dráma, aistrithe agus cóirithe agam féin don stáitse ar mhúnla an Story Theatre a bhí nuafhorbartha i Chicago cúpla bliain roimhe sin. Mic léinn Chúil Raithin an cliar, mé féin mar reacaire, agus an-chabhair faighte againn ó Sheán A. Ó Briain ón gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta sa léiriú. Dúirt duine amháin nach bhfaca an dráma nach raibh ann ach ‘boidín, boidín, boidín’, rud nárbh fhíor dar ndóigh.
Cúis mhór leis an taitneamh a bhaineas-sa as Lig Sinn i gCathú ab ea baile mór na Gaillimhe faoi bhréagriocht éadrom a bheith le haithint go soiléir. Ní hé amháin an baile mór ach pearsana so-aitheanta chomh maith. Níl duine ar bith a mhair i nGaillimh sna seascaidí nach n-aithneodh cé a bhí i gceist leis an bhfear seo:
Bhí pobal Bhaile an Chaisil in ann a dhéanamh amach le measarthacht cruinnis cé mar a bhí intinn an easpaig, de réir méid an bhearna a bhíodh idir a smig agus a shrón…. Nuair a bhíodh a smig agus a shrón ar tí bualadh faoina chéile, bhí sé in am ag a naimhde dhul sna trinsí. (l. 187)
Muna bhfuil dul amú mór orm, an fear a bhfuil cur síos air anseo, ní le linn eachtraí an úrscéil a bhí sé i mbarr a réime i nGaillimh ach sna seascaidí; shiúladh sé thar an teach s’againne mórán chuile lá agus bhí aithne ag mo thuismitheoirí air ach ní rabhadar cairdiúil leis. Chaitheadar beirt tamallacha sna trinsí; tharla cúpla eachtra conspóideach idir mo mháthair agus é féin. Rinne sé iarracht gobán a chur inti ach theip glan air. Fiú i gcás m’athar, bhíodh seisean go tréan ag cosaint a ghoirt féin, an córas oideachais poiblí i gcontae na Gaillimhe, gan róchur isteach ón bhFeighlí Mór ar an mBóthar Ard. Dhiúltaigh an t-easpag cead gairmscoil a thógáil sa Spidéal; thoiligh ardeaspag Thuama go fonnmhar le scoil a thógáil sna hAille ina dhlínseacht féin cúpla míle siar an bóthar. Bhí an passive aggression forleathan ag an am. An-chuid a fágadh gan a rá ach bhí an t-uisce ag coipeadh faoi thalamh. Paidreacha an easpaig os cionn a chónra an t-aon Bhéarla a labhraíodh le linn aifreann sochraide m’athar Seán i Séipéal Iognáid, Eanáir 1976.
Ach leis an gceart a dhéanamh, thóg an t-easpag céanna ardeaglais bhreá, agus beidh cuimhne bhuan air dá bharr.
Bhí craic go leor i nGaillimh, an chuid ab fhearr áit ar bith ach an áit a mbeifeá féin, gan amhras. Dála an scéil, bhí an focal ‘craic’ go láidir sa chaint san ollscoil agus seanbhunaithe i gConamara.
Ach go deimhin a Dheaide, bíonn an t-an-chraic a’ainn
Istigh sa Hanger ag rince is ag spraoi
Nuair a d’fheicfeá na mná a bhíodh isteach ann ó Ghaillimh
Ní chuimhneochá ar asal, ar bhó, ná ar lao.
(Colm Ó Finneadha, Ar Aghaidh, Meán Fómhair 1961)
(Halla rince ar Bhóthar na Trá ab ea an Hangar.)
Cuireadh an-fháilte roimh an leabhar i nGaillimh agus bhí an-chaint air agus an-bhaint ag siopa leabhar Kenny’s leis an díolaíocht mhór air. Tá cur síos agus neart eolais agus seanchais ag Liam Mac Con Iomaire in Iomramh Aonair faoin nglacadh a bhí leis an leabhar i nGaillimh tráth a fhoilsithe. Mar a dúras cheana, ní raibh mé i nGaillimh ag an am ach ba scéal náisiúnta foilsiú an leabhair; is beag leabhar Gaeilge eile a tharraing oiread airde roimhe ná ó shin, Cré na Cille féin san áireamh, a bhuíochas sin cuid mhaith do stocaireacht éifeachtach an údair féin!
Á léamh anois arís dom le súile agus le taithí saoil seanóra, braithim tráma sa leabhar, i bpearsa Mháirtín Uí Mhéalóid, ina gceileann an easpa freagrachta, an ragairne, agus cumaliomachas an bhuachalla báire, an gortú, an t-easaontas baile, agus éidreoir an fhir óig. Dóibh siúd a sheas fós le haisling phoblacht an Phiarsaigh agus Uí Chonghaile, tréas agus tráma pearsanta agus poiblí ab ea Poblacht na hÉireann a bheith á fhógairt ag rialtas John A. Costello, mí Aibreáin 1949, mórócáid phoiblí ar a gcrochtar imeachtaí agus ábhar an úrscéil.
An rud a théann i bhfad téann sé i bhfuaire agus le himeacht aimsire is é an dála céanna é le gach leabhar dá fheabhas. Tá tuiscintí liteartha agus sóisialta gan aithne ó leathchéad bliain ó shin (cuir beagnach tríocha bliain eile leis do ré an úrscéil) gan trácht ar thaithí saoil agus luachanna beatha na hóige.
Ní locht ar an údar nach n-áirítear Lig Sinn i gCathú i gcanóin na n-úrscéalta is liteartha, ach thaitin sé liomsa an chéad lá agus taitníonn fós. Mura mbeadh ceadaithe dom ag tarraingt ar na críocha deireanacha ach seilfín amháin de leabhair Ghaeilge, bheadh an ceann seo ina measc.
Mártan Ó Ciardha