Mise agus an Mac Drabhlásach

Mise agus an Mac Drabhlásach

Mark Wickham

Bhí Lig Sinn i gCathú soléite is sothuigthe, a deir Mícheál Ó hUanacháin

Sa mheánscoil a bhíos nuair a céad-chasadh Breandán Ó hEithir orm, mé líofa i nGaelscolais an ama sin agus crot Bleá-Cliathach ar na leasainmneacha againn, ‘Cócaí’ agus ‘Havo’ agus ‘Huniers’, muid saobh-bhródúil as an bhfiodmhagadh a dheineadh déagóirí na sráide orainn mar ‘Taw-Shays’.

An uair sin, bhí Breandán ag obair le ‘Laoiseach Ó Deá’ (Donncha Ó Laoire) ar chláracha raidió, ina measc ‘Ar Fud na Tíre’, ‘Faisnéis ó dhaoine óga ar chaitheamh aimsire, cluichí agus imtheachtai a saol féin’ i measc chláracha eile óige na huaire ar nós ‘Cogar a Leanaí’, le Peadar Ó Dubhda, agus scéalta le Michael P O’Connor, agus is ann a bhíos uair amháin ag taifeadadh mír éigin agus an bheirt acu ar an láthair.

Bhí tamall de bhlianta ann ina dhiaidh sin, lem’ chuimhne, sarar chasas i gceart air, cé gur dócha sa chomhluadar beag Gaeilgeoirí sa chathair an uair úd go rabhamar sna háiteanna céanna roimhe sin. An raidió arís a thug le chéile sinn i 1965, agus Breandán i mbun clár dar teideal ‘An Coicíosán’, arbh é tús mo shaol craolta gairmiúil é.

Faoin am sin bhíos ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, áit ar mhó mo shuim i gcomórtasaíocht na nuachtán mac léinn, in imeachtaí na gcumann, sa litríocht agus sa drámaíocht, ná sna léachtaí mata ar an gcéad urlár in Ardán Phort an Iarla, trasna an bhóthair ó Choláiste Alexandra.

Is beag teagascóir a thagadh isteach i dtábhairne O’Dwyers ar chúinne Shráid Líosain, ach bhí éascaíocht áirithe caidrimh idir foireann na Gaeilge agus a gcuid scoláirí, nó go deimhin idir iadsan agus mic nó iníonacha léinn ar bith a léirigh suim sa teanga.

Chastaí go minic ar a chéile iad in áiteanna ar nós Tigh Uí Néill ar Rae Mhuirfean (leathbhealach, a deirtí, idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Roinn an Airgeadais, ranna a raibh líon maith Gaeilgeoirí iontu araon), áit a mbeadh trí sheans, Tomás de Bhaldraithe, Art Ó Beoláin, Daithí Ó hUaithne agus uaireanta Máirtín Ó Cadhain ag cur saothar an lae díobh féin, ag cur is ag cúiteamh ar chúrsaí an léinn is na teanga.

Nó ag ceann eile na Faiche, Tí Sinnotts timpeall an cúinne ó oifigí an Chomhchaidrimh agus Comhar, agus trasna na sráide ó oifig Ghael-Linn, áit ba mhinic Ó hEithir i dteannta cuid den dream réamhráite, Seán Mac Réamoinn, agus a thuilleadh nárbh iad. Nó b’fhéidir Brian Ó Nualláin (‘Myles na gCopaleen’ an Irish Times), deartháir eagarthóir Inniu, a bheannódh duit mura mbeadh drochghiúmar air.

Bhí iomrá áirithe cheana féin ar Bhreandán – aithne air ar fud na tíre óna thréimhse mar thimire leabhar ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimhe sin, é le léamh ar leathanaigh Scéala Éireann agus a chomhnuachtán Domhnaigh, agus go deimhin ina Eagarthóir Gaeilge leis an ngrúpa, rud a tharraing aird ar léann is ar fhorbairt na teanga.

An tráth sin leis, bhí Breandán ag plé le Comhar mar cholúnaí spleodrach agus mar Eagarthóir a bhí freagrach do Choiste Eagarthóireachta, córas nár réitigh rómhaith leis. Cé go mb’eagraíocht cheannródaíoch í an Comhchaidreamh, bhí an iris ag brath go mór ar thacaíocht deontais ón Rialtas, agus níorbh annamh líne chaol le stiúradh aici, go háirithe má bhí polasaithe oifigiúla maidir le Gaeilge nó Gaeltacht le plé.

D’éirigh sé as an eagarthóireacht ar an iris i 1962 tar éis dó aiste ghéar Mháirtín Uí Chadhain ‘Do na Fíréin’, inar dhein an scríbhneoir cuid de phearsana móra na hAthbheochana a fheannadh go fíochmhar, a fhoilsiú i ngan fhios don Choiste, má b’fhíor. An bhliain dár gcionn, chaith sé in aer a phost le Scéala Éireann chun tamall a chaitheamh sa Ghearmáin lena bhean is a chlann óg. Ach ní dheachaigh sé go hiomlán as radharc: bhí alt seachtainiúil san Irish Times i rith an ama aige agus bhí ‘An Chaint sa tSráidbhaile’ go fóill á fhoilsiú in Comhar.

Is cosúil gur thall a thosaigh sé ar an úrscéal a d’fhoilseofaí ar ball faoin teideal magúil neamhchráifeach úd.

Comhluadar geanúil gáireach a bhí i mBreandán den chuid is mó, cé go bhféadfadh sé bheith teasaí go maith ar uairibh. Ó thráth go céile, ghéilleadh sé féin do chathú nósanna iompair a dhein dochar dó féin agus dá chuid oibre. Ní beartas toiliúil a bhí ann, ná cinneadh coinfhiosach, an iompar díobhálach sin ag Breandán, ach go raibh sé ina nádúr gur fíor-dheacair dó uaireanta an gníomhaíocht sin a sheachaint.

Ach an oiread le lucht na páirte i gcoitinne, bhí teagmháil mhaith leanúnach ag lucht na teanga in RTÉ, ó laethanta Ard-Oifig an Phoist ar aghaidh, bíodh siad ag obair ar chláracha Gaeilge nó ná bíodh. Nuair a d’aistrigh lucht an raidió amach go Domhnach Broc go luath sna 1970idí, is mó, déarfainn, an caidreamh rialta a bhí eatarthu agus a gcomhpháirtithe sa teilifís ná mar a bhí idir lucht raidió is lucht teilifíse i gcoitinne.

Bhí cultúr an óil lárnach sa chaidreamh sóisialta sin, agus níor dheoranta ar fad do lucht an raidió é bogadh ó Madigans lár na cathrach go Madigans an tsráidbhaile nua seo acu, gan trácht ar an Merrion Inn ar bhóthar an chósta. Agus coinníodh an teagmháil le lucht na meán sa chathair, mar a raibh díorma láidir de lucht na teanga – lucht Scéala Éireann, Donal Foley san Irish Times, Deasún Breatnach (nó ‘Rex McGall’) san Independent, agus a thuilleadh nach iad. Ní hamháin sin, ach bhí idir aithne agus seasamh acusan, agus na daoine eile atá luaite cheana, i mbéal an phobail, a bhuíochas cuid mhór don teilifís féin.

Is sa chomhthéacs sin is fearr a thuigfí an flosc poiblíochta a lean foilsiú ‘Lig Sinn i gCathú’. Táim cinnte, gan aon fhianaise agam chuige, go raibh an dream sin ar fad páirteach i bhfeachtas chur chun cinn an úrscéil nuálaigh a bhí chucu. Agus níl aon dabht gur nuálach a bhí sé. Scéal cathrach ó scríbhneoir Gaeltachta, scéal a bhain le saol a bhí aithnidiúil do lucht a léite, scéal a raibh greann agus rómánsaíocht ann, mar aon le beagán den roman à clef, cleas a bhí foghlamtha, b’fhéidir, ag Ó hEithir ó chur chuige an Chadhnaigh in ‘Do na Fíréin’. Níor dheacair an Brúnach, Easpag na Gaillimhe, a aithint faoin ainm cleite Ó Maoláin, agus má bhí seisean faoi leathcheilt ann, seans go bhfaigheadh an léitheoir daoine aitheantais eile sna leathanaigh.

Níos mó ná sin, seans, bhain sé le saol a bhí imithe, ach a bhí fós inár dtimpeall. Mar a dúirt Breandán féin ar ball, sa Begrudger’s Guide to Irish Politics: ‘... the 50s really began in the mid-40s and lasted well into the mid-60s ...’ Dá bhrí sin, ba shaol é a raibh taithí ní hamháin acu siúd a mhair tríd (agus cuimhne agam ar na stampaí comórtha a thug m’athair dom tar éis achtú na Poblachta agus mé cúig bliana d’aois), ach freisin ag an ghlúin níos óige a bhí fós a bheag nó a mhór faoi chuing an chaomhachais atá de dhlúth agus d’inneach scéal Mháirtín Uí Mhéalóid.

Is sa chomhthéacs sin a ríomhadh thuas mionsonraí sóisialta na nGaeilgeoirí i luathsheascaidí na haoise seo caite. Mar is beag difríocht a bhí eatarthu agus a gcomhleithéid ar éigean deich mbliana níos déanaí nuair a bhíomar ag léamh an leabhair. Bhí dóthain i gcoitinne ag carachtair agus saol ‘Bhaile an Chaisil’ i ndeireadh na 1940idí agus carachtair is saol Bhaile Átha Cliath sna luath-1960idí gan trácht ar lár na 1970idí le go n-aithneoimis as ár dtaithí féin iad.

Bhí sé so-léite, so-thuigthe. Ní raibh mórán blas de shaol chrua na feirme air, ní raibh sé Fiannaíoch ná Rúraíoch féin. Ní raibh sé lán de choraí cainte, ná de chruafhocla. Agus bhain sé le saol a d’aithníomar, an ghlúin fhásta óg Ghaelach sa chathair (más mó a tharraingt do na fir óga, b’fhéidir). Agus bhíomar an-sásta a aithint mar bhronntanas tábhachtach don litríocht, scíth a bhí de dhíth go mór orainn. Níor dheacair dúinn an chreidbheáil a bhreith linn as go raibh mórshaothar i gceist, cé go raibh daoine ann fiú an uair sin a mhaígh gur rómhinic a mhaítí ‘mórshaothar’ ar an gcéad leabhar eile a tháinig i nGaeilge.

Seoladh ar dtús é in Óstán Shelbourne na hardchathrach tráthnóna Luain, an 15 Márta 1976. An mhaidin dár gcionn, bhí eagarfhocal san Irish Times a thosaigh amach le hardmholadh: ‘It is a long time since such an important novel was published in Irish as ‘Lig Sinn i gCathú’ (‘Lead Us into Temptation’), Breandán Ó hEithir’s first novel.’ Ní deacair láimh Dhonal Foley a fheiceáil ar an bpíosa sin. Bhí cur síos ag Tony Butler ar an seoladh ina cholún sóisialta an tráthnóna sin san Evening Herald. An deireadh seachtaine dár gcionn, bhí léirmheas ag Máire Mhac an tSaoi, i mBéarla faoina hainm pósta Máire Cruise O’Brien, ar an Sunday Independent, á cháineadh as a dhearcadh duairc ar shaol na tíre: ‘Its black humour has been much admired; I would not find it amusing.’ Dearcadh mionlaigh, cinnte.

Seoladh arís é i siopa leabhar Kenny’s sa Ghaillimh, ach is deacair aon tagairt don ócáid sin a aimsiú sna meáin, cé is moite de phictiúr amháin san Irish Press ar an 26 Márta. Deirtear gur craoladh an seoladh iartharach beo ar feadh 90 nóiméad ar Radió Éireann, ach má craoladh níor éirigh liom teacht ar aon rian de sna sceidil. Seans gur baothchuimhne é, nó miotas cathrach, rud go mba mhaith le daoine é a bheith fíor. D’fhéadfainn é a shamhlú agus Seán Mac Réamoinn (ball eile de mafia sin na teanga, mar a thugtaí orthu) ina Cheannasaí Cláracha ag an am. Ach shamhlóinn freisin go mbeadh raic phoiblí ann dá bhfaigheadh leabhar fánach Gaeilge an cineál sin poiblíocht do-cheannaithe.

‘Tá ‘Lig Sinn i gCathú’ ar na húrscéala [sic] is spéisiúla agus is bunúsaí dar foilsíodh sa Ghaelainn riamh’ a dúirt Risteard Ó Glaisne ina thaobh sa Cork Examiner mí Bealtaine. Bhí léirmheas substaintiúil sa Connacht Tribune ag Nollaig Ó Gadhra ina thagair sé do ‘masterly brilliance’ Uí Eithir. Bhain an leabhar duais ó Books Ireland dá fhoilsitheoir, Sáirséal agus Dill. Léigh Breandán sleachta as ar Raidió na Gaeltachta maidineacha Aoine i gcaitheamh an tsamhraidh, sraith cláracha ar cuireadh leis agus a athchraoladh sa bhfómhar.

dheacair dúinne léitheoirí an mhór-ráchairt a bhí air a leagan ar a fheabhas a bhí sé. Ní rabhamarna i measc an díorma a shaothraigh ó sheachtain go seachtain ar chúla téarmaí á mhóradh is á chur chun cinn.

Bhí sé de mhí-ádh ar Bhreandán ina dhiaidh sin gur chuir brú an tsaoil d’oibleagáid air sraith leabhar a dtabharfaí i mBéarla orthu ‘potboilers’ a sholáthar ar mhaithe lena bheatha a thuilleamh. Níor fhág sin de spás cruthaitheach aige an snas is an chumadóireacht ba ghá le húrscéal eile ar an gcaighdeán céanna a chur ar fáil, agus ní raibh an rath céanna riamh ar Sionnach ar mo Dhuán, dá fheabhas é.

Lá dár saol é – arbh é sin a raibh ann? Fás aon oíche, agus gan aon toradh marthanach air? Más ea féin, bhí ábhar maíte agus iarrachtín dóchais againne aos scríofa na teanga ar feadh seal beag gairid.

Agus níor bheag san.

File, scríbhneoir agus iriseoir