Triúr ón Afraic na cairde nua a casadh orm san Eoraip 

Alex Hijmans

Agus Alex Hijmans ar thuras traenach timpeall na hEorpa bhí súil aige go gcasfaí comhluadar air ach is cosúil go mbíonn drogall ar mhórchuid Eorpach labhairt le strainséirí 

‘Tá tú ag dul ag Interraileáil? Go hiontach!’

Ar an bpointe boise, thosaigh mo dheartháir mór ag insint faoin uair ar thug sé féin faoi thuras fada traenach timpeall na hEorpa, fadó fadó, nuair a bhí ort a bheith faoi bhun 25 le ticéad Interrail a cheannach.

‘Ó, casadh cailín ón Eilvéis orm ar an traein ó Luzern go Bern agus thug sí lóistín saor in aice dom ar feadh trí lá … agus ansin ar an traein go dtí an Fhrainc, casadh cailín ón tSualainn orm. ‘An dtaispeánfaidh tú Páras dom?’ a d’fhiafraigh sí.’

Agus stad sé ansin mar bhí a bhean chéile ag éisteacht.

Bhí mo chol cúigear ar an gcaoi céanna.

‘Ó! Na cuimhní! Sa Ghréig, chodlaíodh an lucht Interrail uilig ar na tránna, ba bheag nár éigníodh muid oíche amháin ach an chraic a bhí againn! Tá mé fós i dteagmháil le roinnt de na daoine a casadh orm ar na turais sin, clann ar chuile dhuine anois ar ndóigh.’

Ní dheachaigh mé ar thuras Interrail mé féin nuair a bhí mé óg; róghafa ag baint slí bheatha amach dom féin is dócha. Ach níl teorainn aoise ag baint leis an ticéad anois le fada an lá agus ós rud é go raibh mé gan áit chónaithe bhuan ar feadh tamaill, shocraigh mé dul ar aistear fada – ag súil go mbeadh eachtra nó dhó agam, nó ar a laghad ar bith, go gcasfaí orm cairde nua.

Ach níl an taisteal traenach mar a bhíodh nuair a bhí mo dheartháir mór agus mo chol cúigear óg. Bíonn cluasáin ar gach éinne agus i scáileán na bhfón póca a bhíonn na súile sáite. Lena chois sin, bíodh faitíos roimh dhaoine eile i gceist nó faitíos go gcuirfí ina leith féin iompar míchuí, is baolach go mbíonn leisce ar mhórchuid Eorpach na laethanta seo labhairt le strainséirí.

Faoin am go raibh coicís caite agam ag taisteal i m’aonar trí lár agus trí oirthear na hEorpa, bhí mé uaigneach agus in ísle brí.

Ach ansin agus espresso á ól agam in Trieste na hIodáile, ag iarraidh scríobh faoin bhfolús a mhothaigh mé ionam féin agus i mo thimpeall ach gan aon rath ar mo pheann, b’iúd in aice liom gan choinne fear ón Afraic a leag a lámh ar mo ghualainn. Bhí sé ag iarraidh leabhar a dhíol liom, leabhar nach raibh mé in ann a léamh toisc nach bhfuil Iodáilis agam.

‘An tSeineagáil,’ a dúirt sé, agus a mhéar á díriú ar a chliabhrach féin aige.

‘An Ísiltír,’ a dúirt mise.

Rinne muid iarracht ar chomhrá, ach níor thuig mise a chuid Fraincise agus níor thuig seisean mo chuid Béarla.

Ar feadh an ama sin uilig níor bhain sé a lámh de mo ghualainn. Sárú follasach ar theorainneacha an spáis phearsanta de réir mheon na haoise seo, ach sárú a raibh géarghá leis. Mar a bheadh lámhchur spioradálta ann, leath fuinneamh a bhí le spáráil aigesean isteach san fholús ionam féin.

Ach leabhar i dteanga nach dtuigim a cheannach mar chomhartha buíochais? Arís bhí sé in ann léamh orm.

‘Caffè?’

Cheannaigh mé cupán dó.

Lá nó dhó ina dhiaidh sin, ar thraein ó Modena go Milano, bhí eachtra Trieste fós ar m’intinn. Bhí mé ag iarraidh a oibriú amach dom féin cén chaoi a bhfeidhmíonn an rud teibí úd dáimh. Céard é a thugann ar dhuine bleid a bhualadh ar dhuine anaithnid – agus ar an duine anaithnid áirithe sin? Cén chaoi a n-aithníonn ciaróg ciaróg eile?

Bhí an traein lán agus shuigh fear dubh os mo chomhair, a ghuthán póca fáiscthe faoina chaipín cniotáilte dearg aige, rud a chuir ar a chumas comhrá bríomhar a bheith aige i dteanga Afracach agus scríobchárta i ndiaidh scríobchárta a scríobadh ag an am céanna.

De réir a chéile d’fhág na paisinéirí eile an traein agus tar éis tamaill ní raibh fágtha sa charráiste ach an bheirt againn, ach ní hionann agus a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn fairsinge spáis i dtraein níor aistrigh ceachtar againn chuig suíochán eile.

An mothúchán déthreoch í an dáimh i gcónaí, gan eisceacht? a d’fhiafraigh mé díom féin. An ormsa amháin atá sé, nó an amhlaidh nach mise an t-aon duine amháin againn a mhothaíonn go bhfuil ceangal eadrainn, aithne againn ar a chéile ó shaol éigin eile taobh thall de na réaltaí, cá bhfios? Bhí gach cosúlacht ar an scéal gurbh í mo shamhlaíocht a bhí ag dul ar seachrán, mar lean a chomhrá gutháin ar aghaidh beag beann ormsa.

Ach ansin agus an traein ag tarraingt isteach ag stáisiún beag bídeach, d’éirigh sé le tuirlingt agus choinnigh scáileán a ghutháin os mo chomhair. ‘Mamadou is ainm dom. Clóigh isteach d’uimhir anseo.’

As an nGaimbia ó dhúchas é Mamadou, mar a fuair mé amach nuair a mhalartaigh muid roinnt téacsanna ina dhiaidh sin, agus tá sé ag obair ar fheirm bheithíoch ar Mhachaire na Pó. Deich mbliana caite san Iodáil aige, an chéad tír Eorpach a bhain sé amach. Conas? Shíl mé gur den cháiréis é gan an cheist sin a chur.

Seachtain go leith ina dhiaidh sin, ar an ardán ag stáisiún Barcelona-Sants, bhuail Boulaye bleid orm. ‘An í sin an traein go dtí an Fhrainc?’

Dúirt mé leis gurbh í agus amhail is go raibh aithne na gcianta againn ar a chéile bhuail sé faoi sa suíochán in aice liom. Bhí aithne againn ar a chéile dáiríre faoin am gur bhain an traein Perpignan amach – níos mó eolais agam faoin Máratáin ná mar a shamhlaigh mé a bheadh agam riamh – ach ansin scaradh muid. Ní raibh ticéad aige agus fear a bhí ann – mar a chuir sé ar mo shúile dom nuair nach nglacfadh sé le húll uaim ach amháin dá nglacfainn féin le rolla brioscaí – nach nglacann le féiríní, gan trácht ar dhéirc.

Triúr ón Afraic na cairde nua a casadh orm ar m’aistear timpeall na hEorpa.

B’uaigní go mór an turas dá n-uireasa.

Alex Hijmans

Is scríbhneoir agus iriseoir é Alex Hijmans. Tá céim sa Léann Ceilteach ó Ollscoil Utrecht agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil Éireann Gaillimh. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin mar tuairisceoir do RTÉ agus TG4 agus don nuachtán Foinse. D'fhoilsigh sé roinnt leabhar le Cois Life, ina measc: Favela (2009), Aiséirí (2011), Gonta (2012), Splancanna ó Shaol Eile (2013), An Tearmann (2016) agus Idir Dhá Thír (2017). Bhí mar eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2000 go dtí mí an Mheithimh 2001