An Ghaeilge i gCéin

An Ghaeilge i gCéin

Eagarthóir
Siún Ní Dhuinn
Praghas
€12.00
  • Sraith: Guth Nua
  • ISBN: 9780955721779
  • Bliain foilsithe: 2011
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Is bailiúchán aistí é seo a thugann spléachadh ar shaol an duine i gcéin le Gaeilge. Smaointí ar fhéiniúlacht na teanga i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus an dearcadh úr atá ag an té nach bhfuil ag cur fúthu in Éirinn. Tá idir mhic léinn, theagascóirí, iriseoirí, agus ghníomhaithe teanga ag déanamh machnaimh ar thábhacht na teanga agus an leas a bhaintear aisti in áiteanna ar nós Nua-Eabhrac, Ceanada, An Bhrasaíl agus an Rúis. Is leabhar spéisiúil é seo a fhiosraíonn an nasc idir tír agus teanga agus féidearthachtaí nua-aimseartha atá i ndán di.

Eagarthóir

Siún Ní Dhuinn

Siún Ní Dhuinn

Léachtóir le Gaeilge í Siún Ní Dhuinn i Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad. Is as Dún Dealgan, Contae Lú ó dhúchas di. Eagarthóir An Ghaeilge i gCéin: Pobal agus Féiniúlacht Idirnáisiúnta (2011), colúnaí míosúil le Nós Mag agus a suíomh gréasáin dátheangach As an Nua bunaithe aici i mbliana. Tá sainspéis aici i scríbhinní Bhriain Uí Nualláin agus san iriseoireacht chomhaimseartha.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…