An Spealadóir Polannach

An Spealadóir Polannach

Údar
Peter Huchel
Aistritheoir
Gabriel Rosenstock
Praghas
€7.00
  • ISBN: 0-9518056-8-1
  • Bliain foilsithe: 1994
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Rogha dánta an mhórfhile Ghearmánaigh le haistriúcháin Ghaeilge ag Gabriel Rosenstock agus réamhrá cuimsitheach ag Ándrea Nic Thaidhg.

Údar

Peter Huchel

File ab ea Peter Huchel. Rinne sé staidéar ar an litríocht agus ar an bhfealsúnacht i mBeirlín agus thosaigh sé ag scríobh dánta agus drámaí raidió don Reichsender Berlin sa Ghearmáin roimh bhriseadh amach an Dara Cogadh Domhanda. I ndiaidh an Chogaidh, d'oibrigh sé mar eagarthóir ar an iris Sinn und Form ach bhí air éirí as tar éis ionsaithe ó údaráis na Gearmáine Thoir. D'fhoilsigh sé na leabhair filíochta: Gedichte (1948), Chausseen, Chausseen. Gedichte (1963), Die Sternenreuse. Gedichte 1925-1947 (1968), Gezählte Tage. Gedichte (1972) agus Die neunte Stunde. Gedichte (1979). Foilsíodh agus aistríodh a shaothar i ndiaidh a bháis chomh maith.

Tuilleadh eolais

Aistritheoir

Gabriel Rosenstock

Gabriel Rosenstock

Rugadh Gabriel i gCill Fhíonáin, Co. Luimnigh, c. 1949. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Poetry Ireland / Éigse Éireann. Tá sé ina bhall den Aosdána agus is Sealbhóir Ginealaigh é le Celtic Buddhism. Caitheadh amach as Coláiste Rinn Mhic Gormáin é agus bhí sé ar deoraíocht ina dhiaidh sin i gColáiste Charraig an Tobair. Ba é an chéad duine de ghlúin INNTI a chuir leabhar amach: Suzanne sa seomra folctha (1973). Tugann an leabhar taistil Ólann mo Mhiúil as an nGainséis (2003) agus an chín lae idirghníomhach Dialann Anama (2007) an-léiriú ar éirim an fhile ó thaobh creidimh, intleachta, fealsúnachta agus daonnachta. Tá cáil ar Ghabriel mar aistritheoir, agus saothar le Seamus Heaney, Georg Trakl, Günter Grass, Peter Huchel, Ko Un, K. Satchidanandan agus go leor eile aistrithe aige. Rinne Hans-Christian Oeser aistriúchán dílis ar fhilíocht Ghabriel go Gearmáinis, saothar a thuill ardmholadh, Ein Archivar großer Taten: Ausgewählte Gedichte (2007). Bhronn Uachtarán Phoblacht Ioslamach na Pacastáine an bonn Tamgha-I-Khidmat air sa bhliain 2009. Tá bunsaothar próis agus filíochta do leanaí tagtha óna pheann mar aon le haistriúcháin le haghaidh Walker Éireann agus Dalen Éireann. Haiku i nGaeilge móide leaganacha Béarla, Béarla na hAlban agus Seapáinise atá sa leabhar is déanaí uaidh, Antlered Stag of Dawn (The Onslaught Press, Oxford).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…