I mBaile Átha Cliath a rugadh Gréagóir Ó Dúill agus is ansin agus i nGort an Choirce atá cónaí air. Tá idir scríbhneoireacht acadúil agus scríbhneoireacht chruthaitheach á gcleachtadh aige le fada — aistí sa stair liteartha, chultúrtha agus shóisialta, critic, beathaisnéis ar Samuel Ferguson, cnuasach gearrscéalta faoin teideal Mar Atá. Bhí sé ina eagarthóir liteartha ar Comhar ar feadh roinnt blianta, agus is comhalta é de bhord na hirise le tamall agus ba í Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, a sheol a dhíolaim d'fhilíocht an chéid, Fearann Pinn. Is í an fhilíocht is mó a chleachtann sé anois. Faoin am seo, tá deich mbunchnuasach Gaeilge aige, dhá dhíolaim mhóra, dhá rogha dánta, cnuasach aistriúchán ó Ghàidhlig na hAlban, dhá chnuasach bundánta Béarla agus cnuasach leaganacha Béarla ar a shaothar Gaeilge. Bhronn na Comhairlí Ealaíon, thuaidh agus theas, sparánachtaí air, bhuaigh sé príomhdhuais an Oireachtais ar chnuasach filíochta in 2010, duais Gaeilge Bhéal Átha na mBuillí, agus duais chritice an Oireachtais dhá uair. Coiscéim a fhoilsíonn an chuid is mó dá shaothar. Meastar gur file íogair macnamhach léannta é, a bhfuil aird faoi leith aige ar an dúlra; is minic an grá agus an foréigean mar mhórthéamaí aige agus spreagann a chuid taistil chun dáin go minic é.