Coiscéim, Coiscéimín

Coiscéim, Coiscéimín

Údar
Claire Marie Dunne
Maisitheoir
Anita Foley
Praghas
€13.00
  • Sraith: Páistí óga
  • Aoisghrúpa: 3-8
  • ISBN: 978-1-7395129-9-6
  • Líon leathanach: 32
  • Bliain foilsithe: 2025
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

**Ag teacht ag deireadh mhí Mheán Fómhair! Réamhordaigh anois** 

Taobh thiar den bhalla sa chistin, tá bialann cháise ag Laoise Luch. Is breá lena cairde dílse teacht ann gach oíche don cháis bhlasta. Ba bhreá le Laoise cúig réalta a fháil ón gCigire Cáise dá biachlár. Ach conas a aimseoidh sí an cháis is speisialta?

Seo é an chéad phictiúrleabhar le Claire M. Dunne, agus é maisithe go snasta ag léaráidí Anita Foley. 

Is féidir éisteacht leis an údar ag léamh an scéil ach cód MF (QR) ar chúl an leabhar a leanúint. 

About the book

**Coming end of September! Pre-order now**

Behind the kitchen skirting board, Laoise Luch’s loyal friends come to her restaurant every night for the delicious cheese. Laoise would love to be awarded five stars from the Cheese Inspector for her menu. But how will she find the perfect cheese to impress him? 

This is Claire M. Dunne's first picturebook, beautifully illustrated by Anita Foley.

A QR code at the back of the book provides readers with access to a recording of the author narrating the story.

Údar

Claire Marie Dunne

Is Ollamh Cúnta í Claire in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Roimhe sin, bhí sí ina Ceann Roinne ar Roinn an Bhéarla agus Roinn na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Bhí sí ina heagarthóir Gaeilge ar an irisleabhar Inis, príomhfhoilseachán Leabhair Pháistí Éireann ó 2011-2014. Tá sí ina Dochtúir Leabhar le Leabhair Pháistí Éireann agus tá treoirleabhar scríofa aici chun léitheoireacht na Gaeilge mar chaitheamh aimsire a chur chun cinn: Scéalta den Scoth.

Tá MA sa Staidéar Idirchultúrachais aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus PhD ó Choláiste na Tríonóide. Bhronn Foras na Gaeilge an Séala Creidiúnaithe d'Aistritheoirí uirthi freisin. Chaith sí bliain ag múineadh Ghaeilge in Ollscoil Notre Dame ar scoláireacht Fulbright. Bhí sí mar eagarthóir Gaeilge ar an gCnuasach Náisiúnta Leabhar do Pháistí, agus ar Rogha Leabhar.
Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Anita Foley

Is múinteoir, ealaíontóir agus maisitheoir í Anita. Baineann sí úsáid as líníocht agus uiscedhathanna ina cuid saothar. Is breá léi an dúlra agus tugann sé inspioráid di dá cuid ealaíne. Mhaisigh sí an pictiúrleabhar St. Brigid's Cloak le Gabrielle Bean Uí Dhomhnaill. 
Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…